Seisiún Eolais maidir leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán

Seisiún Eolais maidir leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán
Ó 05 Lúnasa 2025
Seisiún amháin
Uair an chloig
Leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí

Cur síos

Beidh seisiún eolais maidir leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á reáchtáil againn ar Zoom ar na dátaí thíos agus is é Cathaoirleach Cláir an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, Éamonn Ó Dónaill, a bheidh i mbun na seisiún seo.  

Le linn an tseisiúin, tabharfar eolas mion maidir leis an gcúrsa, faoin scoláireacht atá ar fáil agus faoi na deiseanna fostaíochta atá ann dóibhsean a bhaineann an cháilíocht amach. Lena chois sin, tabharfar deis dóibh siúd a bheidh i láthair ceisteanna a chur maidir leis na nithe thuas.


Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán oiriúnach do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge go laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – agus téann sé chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh nó le heagraíocht stáit in Éirinn.


Maireann an Dioplóma trí sheimeastar/sé mhí dhéag ar fad, tá sé ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (www.nfq.ie) agus is fiú 60 creidiúint ECTS é. Tá an cúrsa seo ar cheann de na cúrsaí Gaeilge iarchéime is mó ráchairt agus chuir 94% de chéimithe an chúrsa in iúl go mbeidís sásta an clár a mholadh do chairde agus do chomhghleacaithe dá gcuid.


Tá áiteanna ar an gcúrsa an-teoranta, áfach, agus is gá tabhairt faoi scrúdú iontrála le háit a bhaint amach air.


Cuir an cúrsa in áirithe

Seisiún amháin
|
Uair an chloig
|
Leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
|

Leibhéal 9 den NFQ Leibhéal 9: Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí

Leibhéil Am Dáta tosaigh

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ríomhaire glúine nó deisce le ceamara agus micreafón air de dhíth ort.
Cuirfear nasc Zoom chugat sa ríomhphost roimh thús an chúrsa. Beidh an nasc sin le húsáid agat le logáil isteach ar an rang gach seachtain.
Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht nduine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
  • Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
  • Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.