
Ranganna Gaeilge ar mhaithe le UNICEF Children in Gaza Appeal

Cur síos
Beidh ranganna samplacha Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr ar an Luan, 4 Nollaig. Mairfidh gach rang uair an chloig agus iad á dteagasc ag saineolaí teanga. Beidh cúig leibhéal ranga ar fáil, mar sin, is cuma más é seo do chéad bhlaiseadh den Ghaeilge nó más cainteoir líofa tú is féidir leat páirt a ghlacadh sna ranganna seo.
Mar fhreagra ar an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza i láthair na huaire, eagrófar ranganna an téarma seo ar mhaithe le UNICEF Children in Gaza Crisis Appeal. Táimid ag iarraidh ar gach duine síntiús €10 a thabhairt agus iad ag clárú ar na ranganna seo agus rachaidh an t-airgead ar fad díreach chuig an gcarthanacht seo.* Tá beatha pháistí in Gaza go mór i mbaol agus cabhróidh na síntiúis leis an obair riachtanach atá ar siúl ag UNICEF chun tacú leis na páistí seo atá ag fulaingt i láthair na huaire de bharr ionsaithe, easpa bia agus uisce glan, easpa sholáthairtí leighis agus gan rochtain shábháilte acu ar ospidéil.
Dá mba mhaith leat do chuid Gaeilge a chleachtadh agus tacú leis an gcúis seo, bí linn do na ranganna speisialta seo!
Mar sin, cad atá le déanamh agat?
• Roghnaigh an leibhéal ranga a oireann is fearr do do scileanna teanga;
• Cláraigh don rang agus tabhair síntiús €10;
• Scaip an scéal i measc do chairde, do theaghlach agus do chomhghleacaithe;
• Bígí linn ar 4 Nollaig agus bain triail as an nGaeilge.
*Síntiús roghnach atá anseo ach iarrann muid ar dhuine ar bith a bhfuil sé d’acmhainn acu, é a thabhairt.
Ár gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas


Cúrsaí Gaeilge ar an Láthair
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce
