
Bainistíocht Eispéireas an Chustaiméara
Cur síos
Is ionann Eispéireas an Chustaiméara agus an caidreamh ar fad idir custaiméir agus eagraíocht. Cinntíonn Bainistíocht Eispéireas Custaiméara (CXM) éifeachtacht go bhfuil daoine, próisis agus teicneolaíocht ag teacht leis an méid thíos:
- Tosaíocht a thabhairt do riachtanais an chustaiméara trí mheon custaiméirlárnach a chothú.
- Feabhas a chur ar fheidhmíocht sna réimsí is tábhachtaí do chustaiméirí.
- Driseacha cosáin a chuireann frustrachas ar chustaiméirí a aithint agus a réiteach chun barr feabhais a chur ar chaidreamh le custaiméirí.
Torthaí Foghlama
Seo thíos na torthaí foghlama a bheidh i gceist dóibh siúd a n-éireoidh leo an cúrsa a chríochnú go rathúil:- Beidh rannpháirtithe in ann coincheap lárnacht an chustaiméara agus na príomhghnéithe de Bhainistíocht Eispéireas an Chustaiméara a thuiscint.
- Beidh rannpháirtithe in ann grúpaí custaiméirí a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta go héifeachtach.
- Beidh rannpháirtithe in ann uirlisí CX a chur i bhfeidhm, ar nós persona an chustaiméara, mapaí comhbhá agus turas an chustaiméara a mhapáil chun dearadh seirbhíse agus eispéireas an chustaiméara a fheabhsú.
- Beidh rannpháirtithe in ann léargais agus eispéiris a roinnt i dtimpeallacht foghlama idirghníomhach, mhodhnaithe.
Ábhar an chúrsa
Clúdaítear an t-ábhar seo a leanas le linn an chúrsa:- Bunphrionsabail Bhainistíocht Eispéireas an Chustaiméara.
- Grúpaí custaiméirí a shainaithint agus a chur i gcatagóirí
- Conas Uirlisí CX a chur i bhfeidhm go praiticiúil, lena n-áirítear:
- Persona an chustaiméara
- Mapaí comhbhá
- turas an chustaiméara a mhapáil
- Straitéisí chun caidreamh le custaiméirí agus eispéireas an chustaiméara a fheabhsú.
Struchtúr an Chúrsa
Seisiún beo: Rang spreagúil 3 uair an chloig ina nglacann foghlaimeoirí páirt ghníomhach i suíomhanna ón bhfíorshaol le muinín agus tuiscint dhomhain a chothú.Dearthóir an Chúrsa
Is í Susan Ní Dhubhlaoich a d’fhorbair an cúrsa seo agus a chuireann i láthair é. Is comhairleoir neamhspleách í Susan agus is saineolaí í ar Eispéireas an Chustaiméara agus ar Sheirbhísí a Dhearadh. Cuidíonn sí le gnólachtaí agus eagraíochtaí an custaiméir a chur i gceartlár a straitéisí eagraíochtúla agus oibríochtúla. Tá obair déanta ag Susan le heagraíochtaí beaga agus móra ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha (Three Ireland, Iarnród Éireann, Vodafone, New Ireland Assurance) le 10 mbliana anuas. Tá cúrsaí saincheaptha CX deartha agus curtha i láthair ag Susan leis na huirlisí, na teicnící agus an mhuinín a thabhairt d’eagraíochtaí chun riachtanais agus ionchais a gcuid custaiméirí a shásamh agus a shárú ar mhaithe le rathúlacht a chur chun cinn ina gcuid cúrsaí gnó. Bhí Susan ina Cathaoirleach ar Raidió na Life, stáisiún raidió pobail i mBaile Átha Cliath a bhfuil gradaim buaite aige, agus chomhbhunaigh sí líonra gnó Gaeilge dar teideal Plé.Ár gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
- Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
- Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas


Cúrsaí Gaeilge ar an Láthair
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce
