Eolas Fúinn

Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh in 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge.

image alt
— Líon na bhfoghlaimeoirí
50000 +

Tá 50,000+ foghlaimeoir tar éis cúrsa a dhéanamh linn le deich mbliana anuas.

— Pobal Domhanda
30 +

Tá daoine ag foghlaim na Gaeilge linn in os cionn 30 tír fud fad na cruinne.

—Eagrais agus Comhlachtaí
94

Tá 94 eagras agus comhlacht tar éis cúrsa Gaeilge a dhéanamh linn le bliain anuas.

— Moladh
91% %

Dúirt 91% dár gcuid foghlaimeoirí i mbliana go molfaidís ár gcuid cúrsaí Gaeilge dá gcairde nó dá muintir.


Cúrsaí agus acmhainní Gaeilge

Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh in 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Tá Gaelchultúr lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag freastal ar lucht foghlama na teanga i ngach cearn den domhan.

Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá sé mar sprioc againn seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú. Tá cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr timpeall an domhain, agus múinteoirí cumasacha ina mbun. Cuireann ár suíomh gréasáin ríomhfhoghlama, ranganna.com, deiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí i ngach cearn den domhan foghlaim ag a luas féin.


Ár bhfoireann

Image Description
Cathaoirleach Feidhmiúcháin

Darren Ó Rodaigh

Is as Brí Chualann, Contae Chill Mhantáin ó dhúchas é Darren Ó Rodaigh. Tar éis na hArdteiste, chaith sé bliain ag obair leis an eagraíocht Ghaeilge Coláiste na bhFiann. Bhain sé céim onóracha amach san Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus MBA le gradam ó Choláiste na Tríonóide.

Co-bhunaigh Darren an chuideachta zamano a liostáil ar stocmhalartán na hÉireann agus na Breataine. D'oibrigh sé mar chomhairleoir gnó le go leor comhlachtaí nua-bhunaithe.

Image Description
Cathaoirleach, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán

Éamonn Ó Dónaill

Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair ó dhúchas é Éamonn Ó Dónaill. Chaith sé na blianta 1996 go 2002 ag obair mar Stiúrthóir ar an Teanglann i Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ba chomhairleoir teanga é ar feadh roinnt blianta ansin. Bhí Éamonn ina chomhordaitheoir teanga ar dhá shraith theilifíse d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge go dtí seo: Turas Teanga, a craoladh ar RTÉ in 2004, agus Now You’re Talking, a craoladh ar RTÉ agus ar an BBC i 1995. Scríobh sé an dá leabhar a bhí ag dul leis na sraitheanna sin chomh maith. Bhí Éamonn ina Stiúrthóir Oideachais ar Ghaelchultúr idir Feabhra 2005 agus Márta 2021 agus is Cathaoirleach é anois ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán.

Image Description
Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin

Niamh Ní Chadhla

Rugadh agus tógadh Niamh Ní Chadhla i dTamhlacht i gContae Bhaile Átha Cliath. Fuair sí a cuid bunscolaíochta agus a cuid meánscolaíochta trí Ghaeilge, ansin rinne sí céim sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sí scoláireacht de chuid Roinn na Gaeilge sa choláiste sin don MA i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge agus bhain sí céad onóracha amach sa chúrsa. Roghnaíodh í d’intéirneacht aistriúcháin in Aonad na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, áit ar chaith sí seal ag aistriú reachtaíochta. Bhain Niamh dioplóma amach i gcúrsa sa bhainistíocht tionscadal leis an Institute of Project Management in 2016. D’éirigh léi céad onóracha a ghnóthú sa chúrsa áirithe sin. Tá an-suim ag Niamh sna meáin chumarsáide. Bhíodh sí ag scríobh don nuachtán seachtainiúil Foinse tráth agus ba láithreoir í ar feadh roinnt blianta leis an stáisiún pobail Raidió na Life. Chuaigh Niamh i mbun oibre mar Fheidhmeannach Riaracháin le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr i mí Iúil 2015, ceapadh ina Riarthóir Acadúil í ag tús 2016 agus ina Bainisteoir Pleanála agus Tionscadal i mí Iúil 2017. I samhradh na bliana 2020, ceapadh ina Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ar Choláiste na hÉireann/Gaelchultúr í.

Image Description
Leas-Stiúrthóir Oideachais

Eimear Ní Chinnéide

Is as Contae Ard Mhacha ó dhúchas í Eimear. Rinne sí bunchéim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis in Ollscoil na Banríona Béal Feirste agus bhain sí céadonóracha amach sa dá ábhar sin sa bhliain 2011. Rinne sí máistreacht agus dochtúireacht sa Ghaeilge san institiúid chéanna agus bhain sí an chéim dochtúra amach sa bhliain 2017. Ba é ‘Teagmháil Idirchultúrtha i Litríocht Taistil na Gaeilge’ an teideal a bhí ar a tráchtas. Tá suim ar leith aici i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, litríocht taistil agus litríocht na himirce go háirithe. Chaith Eimear tréimhsí éagsúla ag obair ar chúrsaí samhraidh i gColáiste Ghael Linn, Machaire Rabhartaigh agus le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille. Bronnadh scoláireacht Fulbright uirthi sa bhliain 2016 agus chaith sí bliain ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Nua-Eabhrac agus in Ollscoil Drew, New Jersey. Sular thosaigh sí ag obair le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, bhí sí ag obair mar léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil na Banríona Béal Feirste agus i gColáiste na hOllscoile Corcaigh sna blianta 2017 go 2019. Thosaigh Eimear ag obair mar léachtóir le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr i mí Lúnasa 2019 agus ceapadh ina Leas-Stiúrthóir Oideachais í i mí Feabhra na bliana 2021.

Image Description
Bainisteoir Oideachais

Derek Ó Briain

Is as Sord i mBaile Átha Cliath do Derek agus ba sa Ghaelscoil áitiúil, Scoil an Duinnínigh, a spreagadh a spéis sa Ghaeilge. D’fhreastail sé ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bhain sé céadonóracha amach sa Ghaeilge agus san iriseoireacht ina chéim. Bronnadh dhá ghradam air de bharr a chuid scríbhneoireachta agus é ina eagarthóir Gaeilge ar nuachtán na hollscoile. Bhí Derek ina Uachtarán ar an gCumann Gaelach i rith na bliana acadúla 2014/15. I ndiaidh dó an chéim a bhaint amach, chaith sé dhá bhliain ag obair ar thionscadail uile Fiontar agus seal eile ag obair mar léachtóir páirtaimseartha ar an gcúrsa a bhí déanta aige féin roimhe sin. Ina dhiaidh sin, chaith sé tréimhse ag obair le Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Bhain Derek céadonóracha amach i nDioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht le hOllscoil Mhá Nuad in 2019. Bhí Derek ag feidhmiú mar Fheidhmeannach Riaracháin Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir ó mhí Feabhra 2016 go dtí mí Iúil 2017, nuair a ceapadh ina Riarthóir Acadúil é. Trí bliana ina dhiaidh sin, i samhradh na bliana 2020, chuaigh sé i mbun oibre mar Bhainisteoir Oideachais leis an Institiúid.

Image Description
Bainisteoir Díolacháin agus Margaíochta

Ellen Curtin

Is as Seanchill i mBaile Átha Cliath í Ellen. Rinne sí céim sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bhain sí céadonóracha amach sa chúrsa sin, in 2014. Bhain Ellen dioplóma amach sa Mhargaíocht Dhigiteach agus Straitéis ó Scoil Ghnó Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2019. D’éirigh léi céadonóracha a ghnóthú sa chúrsa sin. Bhain sí dioplóma iarchéime amach sa Tráchtálaíocht Teicneolaíochta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2021. Agus an bhunchéim curtha i gcrích aici, chaith sí samhradh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta sular aistrigh sí go Londain, áit a raibh sí ag obair mar Chúntóir Margaíochta le Tourism Ireland. Bhog sí ar ais go Baile Átha Cliath in 2018 agus bhain sí post amach mar Bhainisteoir Margaíochta le City Wonders Tours Ltd. Thosaigh Ellen ag obair mar Bhainisteoir Díolacháin agus Margaíochta le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr i mí na Samhna 2020.

Image Description
Feidhmeannach Margaíochta

Lauren Nic Eoin

Is as Dún Búinne i gContae na Mí do Lauren. D’fhreastail sí ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bhain sí céim amach sa Mhargaíocht, Nuálaíocht agus Teicneolaíocht sa bhliain 2020. Le linn na céime, rinne sí roinnt socrúcháin oibre agus chuir sí spéis faoi leith sa mhargaíocht chruthaitheach agus nuálach. Thosaigh sí ag obair mar Fheidhmeannach Margaíochta le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr i mí na Samhna 2020. Tá Lauren an-tugtha don Ghaeilge. Thosaigh sí ag freastal ar Choláiste na bhFiann sa bhliain 2011 mar scoláire, agus ina dhiaidh sin d’oibrigh sí mar Chinnire agus mar Ard-Chinnire. Tar éis di an Ardteist a chríochnú, thosaigh sí ag obair go deonach mar cheannaire i gclub áitiúil de chuid Chumann na bhFiann. Agus í i mbun na hoibre sin, d’eagraigh sí cruinnithe seachtainiúla d’fhoghlaimeoirí óga ar theastaigh uathu barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

Image Description
Riarthóir Acadúil

Muireann Ní Cheannabháin

Tógadh Muireann le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Rinne sí bunchéim sa Fhraincis agus sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sí céadonóracha amach sa dá ábhar sin sa bhliain 2013 agus bhuaigh sí bonn Rialtas na Fraince/Duais OÉ as cumas teanga sa Fhraincis. Bhain sí máistreacht i Litríocht na nÓg amach ó Choláiste na Tríonóide sa bhliain 2015 agus rinne sí máistreacht sa Nua-Ghaeilge le hOllscoil na hÉireann Gaillimh sa bhliain 2021. Scríobh sí tráchtas bunaithe ar shuantraithe na Gaeilge, ábhar a bhfuil an-spéis aici ann ó tharla gur ceoltóir agus amhránaí í féin. Seinneann sí an dordveidhil agus tá spéis aici i gceol comhaimseartha agus ceol traidisiúnta go háirithe. Chaith Muireann ceithre bliana ag múineadh le Gaelchultúr a fhad is a bhí sí ag obair mar cheoltóir. Thosaigh Muireann ag obair go lánaimseartha leis an gcoláiste i mí an Mhárta 2021 agus ceapadh mar Riarthóir Acadúil í i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Image Description
Cúntóir Riaracháin

Seán Keating

Is as Cill Droichid i gContae Chill Dara do Sheán. Chuaigh sé go bunscoil agus meánscoil lán-Bhéarla ach bhí an-suim aige sa Ghaeilge i rith an ama sin. Bhain sé céim amach i Staidéar ar na Meáin agus sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad sa bhliain 2019 agus bhain sé máistreacht sa Nua-Ghaeilge amach in Ollscoil Mhá Nuad sa bhliain 2021. Tá an-suim ag Seán i gcanúintí éagsúla na Gaeilge agus sa ról atá ag an nGaeilge sna meáin nua-aimseartha. Mar chuid dá mháistreacht, scríobh sé tráchtas dar teideal ‘Ros na Rún agus Léiriú Teanga agus Cultúir’, tráchtas ina ndéantar plé ar an tionchar féideartha a bhíonn ag ábhar Ros na Rún ar an mbá atá ag a lucht féachana leis an nGaeilge féin. Idir 2019 agus 2021, chaith sé seal ag obair mar ionadaí seirbhísí do chustaiméirí agus mar theagascóir Gaeilge. Thosaigh sé ag obair mar Chúntóir Riaracháin le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr i mí Dheireadh Fómhair 2021. Tá an-suim ag Seán sa scannánóireacht freisin. Rinne sé roinnt gearrscannán mar chuid dá bhunchéim agus tá sé an-tógtha le réimse leathan scannán. Déanann sé iarracht a chuid scileanna grianghrafadóireachta a fheabhsú i gcónaí freisin.

Ar mhaith leat a bheith ag obair linn? Táimid ag earcú

Eagraíochtaí a bhaineann leas as ár gcuid seirbhísí