Cúrsa Ullmhúcháin do Bhéaltriail na hArdteiste ar an Láthair

Cúrsa Ullmhúcháin do Bhéaltriail na hArdteiste ar an Láthair
Le Béaltriail Bhréige
6 uair
Ardteist
Dianchúrsa Lae i mBaile Átha Cliath

Cur síos

Bain sármharc amach i do Bhéaltriail Ghaeilge

An raibh a fhios agat?

Is fiú 40% de mharc iomlán na Gaeilge san Ardteist an bhéaltriail, do dhaltaí gnáthleibhéil agus ardleibhéil araon. Tugtar an t-ábhar, na huirlisí agus an mhuinín duit chun do chuid scileanna teanga a léiriú agus na marcanna is airde a bhaint amach sa bhéaltriail.

Eolas faoin gcúrsa

Díreofar sa chúrsa seo ar na topaicí cainte a bhíonn i gceist sa bhéaltriail. Beidh deis ag na daltaí feabhas a chur ar a gcuid scileanna cainte sa seomra ranga i gcroílár Chathair Bhaile Átha Cliath ina mbeidh atmaisféar cairdiúil, cuidiúil. Lena chois sin, cuirfidh daltaí lena stór focal agus lena gcuid eolais ar an ngramadach, agus beidh deis acu a gcuid ceisteanna a chur ar an saineolaí teanga a bheidh ag múineadh an ranga.

Pléifear an ‘Sraith Pictiúr’ go mion agus tabharfar nótaí cuimsitheacha duit le go mbeidh tú in ann cur síos éifeachtúil, suntasach a dhéanamh orthu ar lá an scrúdaithe. Díreofar ar gach gné den bhéaltriail le linn an chúrsa, léamh na sleachta san áireamh. Reáchtálfar an cúrsa seo go hiomlán ar líne, mar sin is cuma cén áit sa tír a bhfuil tú lonnaithe beidh deis agat cabhair agus comhairle a fháil ó shaineolaithe teanga a chuirfidh go mór le do bhéaltriail.

Ina theannta sin, beidh deis ag gach foghlaimeoir tabhairt faoi bhéaltriail bhréige agus aiseolas sárluachmhar pearsantaithe á fháil ina diaidh.

Chomh maith leis na seisiún beo beidh fáil ag na rannpháirtithe ar chlár ríomhfhoghlama don bhéaltriail ar ranganna.com ar feadh sé mhí. Is fiú €95 an clár seo agus é lán le cleachtaí idirghníomhacha, nótaí cuimsitheacha agus comhaid físe agus fuaime atá dírithe ar ‘Sraith Pictiúr’ na bliana agus ar na topaicí is mó a thagann chun cinn sa bhéaltriail.

Acmhainní foghlama agus cur chuige

Tá Gaelchultúr tiomanta do sheirbhís den chéad scoth a chur ar fáil chun a chinntiú go mbainfidh na rannpháirtithe na marcanna is airde amach sa bhéaltriail. Déantar é seo trí na nithe seo a leanas:

• uasmhéid de 20 dalta i ngach rang

• nótaí staidéir cuimsitheacha a chur ar fáil

• béaltriail bhréige le haiseolas pearsantaithe

• múinteoirí den scoth a bhfuil taithí na mblianta acu ar a bheith ag plé leis an gcóras oideachais agus leis an ardteist

• rochtain sé mhí ar an gclár ríomhfhoghlama ‘Béaltriail gan Stró!’ ar ranganna.com, a bhfuil luach €95 air

Forbairt an Chúrsa

Tá an cúrsa seo forbartha ag saineolaí oideachais agus teanga Reuben Ó Conluain M.A. Chaith Reuben a shaol oibre ag múineadh na Gaeilge do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Is iomaí samhradh a chaith sé i nGaeltacht Dhún na nGall ag obair ar na Cúrsaí Samhraidh chomh maith. Sa tréimhse sin, rinne sé obair theilifíse agus raidió ar ghnéithe éagsúla de mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge agus tá réimse acmhainní cabhracha oideachais curtha le chéile aige. Is Scrúdaitheoir Comhairleach ag Béaltrialacha na hArdteistiméireachta é le breis agus scór bliain.

Chaith sé trí bliana ar iasacht leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA), áit a raibh sé ina Oifigeach Oideachais don Ghaeilge san Iar-bhunscoil. Tá spéis ar leith aige i modhanna agus acmhainní le foghlaimeoirí Gaeilge a mhealladh i dtreo na teanga labhartha.

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ríomhaire glúine nó deisce de dhíth ort, ceangal réasúnta leathanbhanda agus gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir).
Cuirfear cuireadh chuig gach rang chugat ar an ríomhphost timpeall 20 nóiméad roimh thús an ranga sin. Tiocfaidh an teachtaireacht seo ó Zoom – sin an t-ardán físchomhdhála a bheidh in úsáid leis na ranganna a sholáthar.
Beidh, cinnte. Tabharfar deis do gach foghlaimeoir tástáil theicniúil a dhéanamh sula dtosóidh an cúrsa agus déanfar aon fhadhbanna teicniúla a bheidh aige/aici a réiteach le linn na tástála sin. Ní gá duitse é seo a shocrú – beimidne i dteagmháil leat maidir leis an tástáil tar éis duit clárú don chúrsa.
Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht nduine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.