Bunchúrsa Gaeilge d'Eagraíochtaí

Bunchúrsa Gaeilge d'Eagraíochtaí

Cur síos

Aithníonn Gaelchultúr an tábhacht faoi leith a bhaineann le hilchultúrachas agus éagsúlacht le hionad oibre comhoibríoch agus ionchuimsitheach a chruthú. Is í an sprioc a bhaineann leis an gceardlann seo ná an Ghaeilge agus an cultúr a bhaineann léi a cheiliúradh ar bhealach tarraingteach fáilteach le linn seisiún idirghníomhach a mhaireann dhá uair an chloig.

I mí na Nollag 2021, bronnadh lánstádas ar an nGaeilge in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh. Is éacht iontach é an t-aitheantas idirnáisiúnta seo don teang agus í anois ar comhchéim le teangacha Eorpacha eile, agus cuireann sé béim ar an luach agus ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is teanga bheo, bhríomhar agus fheidhmeach í an Ghaeilge agus ba mhaith linn deis a thabhairt do níos mó daoine blaiseadh den teanga a fháil.

Arna forbairt ag Gaelchultúr, cuireann an cheardlann seo fáilte roimh dhaoine ó gach cúlra, iad siúd a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, roinnt mhaith blianta ó shin, b’fhéidir, agus daoine nach bhfuil aon taithí acu ar an teanga roimhe seo. Is clár spreagúil dhá uair an chloig é a bhfuil sé mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr a bhaineann léi a chur chun cinn agus a cheiliúradh i gcomhlachtaí agus eagraíochtaí ar fud na hÉireann.

Chomh maith leis an gceardlann bheo, cuirfear síntiús 3 mhí ar fáil ag leibhéal cuí do gach rannpháirtí ar ardán ríomhfhoghlama Ghaelchultúir www.ranganna.com (luach €45 in aghaidh an duine). Is acmhainn tumoideachais é www.ranganna.com atá lán de cheachtanna fíorúla, comhaid fuaime agus físe agus cleachtaí idirghníomhacha ionas gur féidir le rannpháirtithe a scileanna Gaeilge a fhorbairt go neamhspleách agus ar a luas féin ar feadh trí mhí tar éis na ceardlainne.

Cén luach a chuirfidh an cheardlann le d’ionad oibre?

Is í aidhm na ceardlainne seo ná clár spéisiúil oideachasúil a chruthú do na baill foirne chun eolas a fháil maidir leis an nGaeilge agus an cultúr saibhir a bhaineann léi. Díreofar sa cheardlann ar na trí ghné seo a leanas den Ghaeilge:

1. Stair, Cultúr agus Feasacht na Gaeilge

Sa chéad seisiún, tabharfar léargas gairid ar stair na Gaeilge agus ar athbheochan na teanga. Foghlaimeoidh rannpháirtithe an tseisiúin faoi chultúr saibhir na teanga.

2. An Ghaeilge san ionad oibre

Díreofar sa dara seisiún ar leideanna praiticiúla agus tacaíocht do chomhlachtaí agus d’fhostaithe ar mian leo cur le húsáid na teanga san ionad oibre le linn Sheachtain na Gaeilge, agus amach anseo.

De bhrí go bhfuil lucht saothair ilchultúrtha ag formhór na gcuideachtaí in Éirinn, tá sé mar aidhm ag an seisiún seo cur ar chumas na rannpháirtithe, go háirithe iad siúd nár fhás aníos in Éirinn, teidil agus téarmaíocht oifigiúil a bhaineann le sochaí agus le cúrsaí reatha na hÉireann a úsáid agus a fhuaimniú i gceart.

Múinfear do rannpháirtithe ansin conas beannú do chomhghleacaithe nó do chustaiméirí trí Ghaeilge. Cuirfear frásaí simplí laethúla ar fáil dóibh ar féidir leo iad a úsáid ar gach ardán cumarsáide; aghaidh ar aghaidh le duine, ar an bhfón agus ag tús agus deireadh ríomhphoist, rud a chuideoidh leo an Ghaeilge a chur chun cinn san ionad oibre.

3. An Ghaeilge mar theanga bheo

Sa seisiún deiridh, pléifear an Ghaeilge mar theanga chomhaimseartha, teanga a bhfuil beagnach 1.8 milliún duine sa tír in ann í a labhairt agus a n-úsáideann breis agus 73,000 duine í mar phríomhtheanga cumarsáide.

Tabharfar leideanna praiticiúla do rannpháirtithe maidir le conas teacht ar uirlisí Gaeilge ar líne agus úsáid a bhaint astu ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag cur lena gcuid eolais ar an teanga agus ar an gcultúr a bhaineann léi tar éis dóibh an cheardlann a chríochnú.

Cuirfear rannpháirtithe ansin i ngrúpaí beaga le go mbeidh siad in ann an méid atá foghlamtha acu linn na ceardlainne a chleachtadh lena gcomhghleacaithe.

Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le fios@gaelchultur.com

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Bainisteoir Díolacháin agus Margaíochta Ghaelchultúir, Ellen Curtin, ellen@gaelchultur.com le sainchúrsaí Gaeilge a phlé.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.