Cúrsaí EPV Ghaelchultúir ar ranganna.com
An samhradh seo, ar mhaith leat do laethanta EPV a thuilleamh ar do luas féin i gcúrsaí féintreoraithe ar líne Ghaelchultúir ar Ranganna.com?
Dearadh ár gcúrsaí EPV do mhúinteoirí bunscoile gnóthacha de do leithéid – agus iad solúbtha, praiticiúil agus go hiomlán ar líne, ionas gur féidir leat iad a dhéanamh ó áit ar bith, am ar bith. Cibé acu a bheidh tú ag taisteal, ag ligean do scíthe nó ag freastal ar sceideal gnóthach an teaghlaigh, ní gá duit d’fhorbairt ghairmiúil a chur ar an méar fhada. Is fiú 3 lá EPV é cúrsa EPV agus má thugann tú faoi 3 chúrsa linn beidh tú i dteideal 5 lá EPV. Ní hamháin sin, ach má cheannaíonn tú dhá chúrsa linn, gheobhaidh tú an tríú ceann saor in aisce.

Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga
Tá an cúrsa samhraidh ar líne seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile ar mhaith leo smaointe nua a fháil do mhúineadh na Gaeilge agus ar spéis leo foghlaim faoin tslí leis an gcur chuige cumarsáideach a úsáid ina gcuid teagaisc. I ngach modúl, cuirtear i láthair dhá cheacht shamplacha bunaithe ar théamaí an churaclaim agus cuirtear béim sna ceachtanna sin ar an gcur chuige cumarsáideach.

Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha
Tá an cúrsa samhraidh ar líne seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh naíonáin shóisearacha agus/nó shinsearacha. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 1 agus 2
Tá an cúrsa samhraidh ar líne seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 1 agus/nó rang 2. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 3 agus 4
Tá an cúrsa samhraidh seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 3 agus/nó rang 4. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 5 agus 6
Tá an cúrsa samhraidh ar líne seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 5 agus/nó rang 6. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Acmhainní Cumarsáide don Rang Gaeilge Bunscoile
Tá an cúrsa samhraidh ar líne seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 3–6 agus tá sé bunaithe ar Gníomhaíochtaí Gasta, leabhar de ghníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoi phrionsabail agus struchtúr ceachtanna cumarsáideacha.

Cluichí Cainte don Rang Gaeilge Bunscoile
Tá an cúrsa samhraidh seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 3 – rang 6 agus tá sé bunaithe ar Gníomhaíochtaí Gasta, leabhar de ghníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoi phrionsabail agus struchtúr ceachtanna cumarsáideacha. I ngach modúl, cuirtear i láthair ceachtanna samplacha atá bunaithe ar cheann de na chéad chúig théama sa churaclam bunscoile.

Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile
Tá an cúrsa samhraidh seo dírithe orthusan a bhfuil Gaeilge labhartha réasúnta maith acu ach nach bhfuil ró-eolach ar ghramadach na teanga. Tá an bhéim sa chúrsa ar ghnéithe den teanga nach bhfuil róchasta agus a bheidh na rannpháirtithe in ann a fhoghlaim gan mórán dua.

Meánchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile
Tá an cúrsa samhraidh seo dírithe orthusan a bhfuil Gaeilge mhaith labhartha acu agus a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar ghramadach na teanga. Beidh deis ag na rannpháirtithe díriú ar ghnéithe den ghramadach atá níos dúshlánaí ná na cinn atá i gceist sa Bhunchúrsa. Is gnéithe lárnacha iad seo a thagann chun cinn sa rang go minic agus a mbíonn deacrachtaí ag daltaí agus ag múinteoirí araon leo.

Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile
Tá an cúrsa samhraidh seo dírithe orthusan a bhfuil Gaeilge an-mhaith, idir labhartha agus scríofa, acu agus tuiscint réasúnta maith ar ghramadach na teanga. Beidh deis ag na rannpháirtithe díriú ar ghnéithe den ghramadach atá níos casta ná na cinn atá i gceist sa Mheánchúrsa – gnéithe lárnacha san áireamh a mbíonn deacrachtaí ag fiú cainteoirí maithe leo. Cabhróidh an cúrsa leis na múinteoirí Gaeilge níos cruinne a úsáid sa seomra ranga agus i gcomhthéacsanna eile gairmiúla.

Físchúrsa Gramadaí do Mhúinteoirí Bunscoile
Tá an cúrsa samhraidh seo ar líne, ar fiú 3 lá EPV é, dírithe ar mhúinteoirí bunscoile ar mian leo a dtuiscint ar ghramadach na Gaeilge a fheabhsú chomh maith le slite nua a fhoghlaim chun an ghramadach a mhúineadh go héifeachtach. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt ná ag scríobh na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.