Scoláireacht Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir, 2024-25

Back to Postgraduate Diploma in Translation

Foirm Iarratais

Bí cinnte go mbeidh Téarmaí agus Coinníollacha Scoláireacht Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir léite agat sula gcomhlánóidh tú an fhoirm seo. Déan do chuid freagraí a chlóscríobh.

Téarmaí agus Coinníollacha

    Is mian le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr a fhógairt go bhfuil scoláireacht amháin ar fáil le haghaidh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, 2024-25. Is éard atá sa scoláireacht ná táillí iomlána an chúrsa, i.e. €4,485.

  • Caithfidh an té a mbronnfar an scoláireacht air/uirthi riachtanais iontrála an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán a shásamh – toradh sásúil sa scrúdú iontrála san áireamh.
  • Baineann an scoláireacht leis an mbliain acadúil 2024-25 amháin agus ní féidir í a chur siar go dtí bliain acadúil eile.
  • Agus dámhachtaí á roghnú, tabharfar tús áite d’iarrthóirí nach bhfuil clár ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (nó a chomhionann) tosaithe acu cheana féin nó nach bhfuil clár ag an leibhéal sin déanta acu roimhe seo.
  • Ní mór foirm iarratais na scoláireachta a chomhlánú agus a chur ar aghaidh chuig Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr faoi 5pm ar an 1 Meán Fómhair 2024 (ní ghlacfar le hiarratais tar éis an ama sin). Ba cheart í a chur chuig eolas@gaelchultur.com nó chuig Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2.
  • Agus cinneadh á dhéanamh faoin té a mbronnfar an scoláireacht air/uirthi, beidh tábhacht ar leith ag baint leis an Ráiteas Pearsanta i gCeist 2 agus leis an méid a bheidh scríofa faoi Cheist 3.
  • Ní chumhdóidh an scoláireacht seo ach táillí an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, 2024-25 – beidh ar an mac léinn a mbronnfar an scoláireacht air/uirthi costais eile an chláir a íoc é/í féin.
  • Déanfaidh Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr cinneadh faoin té a bhfuiltear chun an scoláireacht a bhronnadh air/uirthi Déardaoin, 5 Meán Fómhair 2024. Rachfar i dteagmháil ar an dáta sin le gach duine a mbeidh iarratas déanta aige/aici ar an scoláireacht.
  • Mura nglacann dámhachtaí le háit ar an gcúrsa ná leis an scoláireacht, is féidir an scoláireacht a bhronnadh ar an iarratasóir a bheidh rangaithe sa chéad áit eile.
  • Má éiríonn dámhachtaí as an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán tar éis dó/di an scoláireacht a ghnóthú, ní bheidh cead aige/aici iarratas a dhéanamh ar an scoláireacht seo san am atá romhainn.

1. Sonraí an Iarrthóra

2. Ráiteas pearsanta

Cuir ráiteas pearsanta ar fáil ina ndéanfaidh tú cur síos ar na cúiseanna ar mian leat an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán a dhéanamh le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr. Ba cheart duit tagairt a dhéanamh don leas a bhainfeá as an gcáilíocht seo i do shaol pearsanta agus i do shaol oibre.

(Uasmhéid de 800 focal)

3. Mínigh cén fáth ar chóir an scoláireacht seo a thabhairt duitse seachas d’aon iarratasóir eile.

(Uasmhéid de 600 focal)
Má tá aon cheist agat faoin bhfoirm seo, glaoigh ar (01) 484 5220 nó seol ríomhphost chuig eolas@gaelchultur.com.