Cúrsaí samhraidh ar líne do mhúinteoirí bunscoile
Beidh Gaelchultúr ag tairiscint sé chúrsa éagsúla ar líne do mhúinteoirí bunscoile an samhradh seo. Beidh ceithre chúrsa úrnua i gceist, sa bhreis ar an dá cheann a cuireadh ar fáil anuraidh.
Beatha agus sláinte! Is mian le Gaelchultúr fáilte chroíúil a chur romhat chuig an gcéad eagrán de nuachtlitir nua an chomhlachta. Tá an nuachtlitir seo á bunú againn chun an pobal a chur ar an eolas faoinár gcúrsaí teanga, faoinár seirbhísí agus faoi na tionscadail atá idir lámha againn. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!