Nuachtlitir #16: Márta/Aibreán 2012

Fáilte!

Tá neart alt spéisiúil ar réimse ábhar tráthúil in eagrán na míosa seo de Nuachtlitir Ghaelchultúir, cinn faoin tsraith teilifíse Bernard Dunne’s Bród Club, Béaltriail nua na hArdteistiméireachta, agus an cainéal iTunes U COGG ina measc. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Béaltriail nua na hArdteiste – an bhfuil tú réidh?

An bhfuil Béaltriail nua na hArdteistiméireachta ag teacht idir tusa agus codladh na hoíche? Ná bíodh buairt ort níos mó – tá réiteach na faidhbe ag Gaelchultúr!

Tuilleadh eolais anseo ...

Bernard Dunne ag iarraidh 100,000 duine a mhealladh leis

Tá sé mar sprioc ag an iardhornálaí Bernard Dunne 100,000 duine in Éirinn a spreagadh le gealltanas a thabhairt ar líne go mbainfidh siad úsáid as an nGaeilge ina saol laethúil. Tá an feachtas seo mar chuid lárnach den tsraith teilifíse Bernard Dunne’s Bród Club, atá á chraoladh ar RTÉ faoi láthair.

Tuilleadh eolais anseo ...

Frása an Lae: blaisín rialta den Ghaeilge

Tá Gaelchultúr chun físeán dar teideal “Frása an Lae” a chur ar fáil ar líne gach lá den bhliain a thabharfaidh deis dóibhsean ar spéis leo an Ghaeilge go leor abairtí úsáideacha a fhoghlaim.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsa dioplóma do mhúinteoirí ealaíne faoi lán seoil

Tá mic léinn as codanna éagsúla den tír ag tabhairt faoi chúrsa nua páirtaimseartha, Dioplóma i dTeagasc trí Ghaeilge (Ealaín), ar cuireadh tús leis i mí Eanáir. Tá an cúrsa seo á reáchtáil ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, i gcomhar le Gaelchultúr.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa ar siopa.ie:
Junior Scrabble ar €12
(an gnáthphraghas: €15)

Leagan Gaeilge den chluiche mór-ráchairte Junior Scrabble atá roghnaithe againn mar Mhargadh na Míosa ar siopa.ie, agus beidh sé ar díol ar an suíomh ar phraghas laghdaithe go dtí deireadh mhí Aibreáin.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge: Rith 2012

Tá Rith 2012 faoi lán seoil faoi láthair agus tá daoine ar fud na tíre ag cur chun bóthair le léiriú gur fearr rith maith ná drochsheasamh!

Tuilleadh eolais anseo ...

An nuacht is déanaí ó ClubLeabhar.com

I mí Feabhra, bhí cnuasach dánta, Filíocht Ghrá na Gaeilge, againn mar leabhar na míosa den chéad uair riamh agus chuir riarthóir ClubLeabhar.com, Michelle Ryan, agallamh ar eagarthóir na díolama, Ciarán Mac Murchaidh, le déanaí. Tá an grá mar théama chomh maith i leabhar mhí an Mhárta, Filleann Seoirse, an chéad úrscéal ó pheann Éilís Ní Anluain.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den chúrsa ilmheán Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level le buachan.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoir chomórtas mhí Eanáir/Feabhra

Comhghairdeas le buaiteoir chomórtas mhí Eanáir/Feabhra, a bhfuil cóip dá rogha foilseacháin de chuid Ghaelchultúir, mar aon le síntiús trí mhí don chúrsa ríomhfhoghlama den ainm céanna, buaite aici!

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Tá suíomh nua an-tarraingteach ag Daltaí na Gaeilge, an eagraíocht neamhbhrabúis atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe a bhfuil sé mar aidhm aici an Ghaeilge a mhúineadh agus a chur chun cinn.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Tá cainéal nua ag COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) ar iTunes U ar a bhfuil cnuasach d’ábhar físe agus fuaime a bheidh ina acmhainn an-úsáideach do lucht na Gaeilge, go háirithe do mhúinteoirí bunscoile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...