Nuachtlitir #4: Deireadh Fómhair 2010

Fáilte!

Beatha agus sláinte! Tá fáilte romhat chuig an gceathrú heagrán de nuachtlitir Ghaelchultúir. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Seoladh Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level

Seolfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD, cúrsa teanga ilmheán nua Ghaelchultúir, Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level le hÉamonn Ó Dónaill, ag 3.30 p.m., Dé hAoine, 5 Samhain 2010 i bhForas na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean.

Tuilleadh eolais anseo ...

Post ar fáil i nGaelchultúr

Tá post ar fáil i nGaelchultúr do dhuine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge aige, idir labhartha agus scríofa, agus taithí ar an teanga a mhúineadh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsaí ar líne do mhúinteoirí bunscoile

Tá cúrsaí samhraidh ar líne do mhúinteoirí bunscoile á reáchtáil ag Gaelchultúr le dhá bhliain anuas. Ós rud é go mbíonn an-tóir orthu i rith an tsamhraidh, tá cinneadh déanta againn iad a thairiscint i rith na scoilbhliana freisin.

Tuilleadh eolais anseo ...

Réamhchúrsa agus Ard-Dioplómaí á reáchtáil ag Óstaí an Rí

Ó thús 2011 reáchtálfaidh Óstaí an Rí cúrsaí páirtaimseartha ardleibhéil chun iarrthóirí a chumasú le cur isteach ar fholúntais do phoist mar aistritheoirí dlíthiúla le Gaeilge agus mar dhlítheangeolaithe le Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Tuilleadh eolais anseo ...

An Séala Eorpach Teanga 2010 bronnta ar ClubLeabhar.com

Bronnadh an Séala Eorpach Teanga 2010 ar ClubLeabhar.com Dé Luain, 27 Meán Fómhair. Tugtar aitheantas leis an duais seo do shlite cruthaitheacha nuálaíocha chun feabhas a chur ar chaighdeán múinte agus foghlama teanga.

Tuilleadh eolais anseo ...

Físeáin sna cúrsaí ar ranganna.com

Tá leagan idirghníomhach de leabhar nuafhoilsithe Ghaelchultúir, Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level, le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama an chomhlachta, www.ranganna.com. Tá roinnt gnéithe sa bhreis sa chúrsa ar líne - físagallaimh le cainteoirí cumasacha Gaeilge, cuir i gcás, chomh maith le téacs na n-agallamh sin agus aistriúcháin Bhéarla.

Tuilleadh eolais anseo ...

Oireachtas na Samhna

Reáchtálfar Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí, i mbliana den chéad uair ó bhí 1918 ann.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den leabhar gramadaí Gramadach gan Stró! le buachan.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí Mhéan Fómhair

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí Mheán Fómhair!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Tá taifeadtaí de chainteoirí dúchais Gaeilge a rinneadh timpeall na tíre idir 1928 agus 1931 le cloisteáil ar shuíomh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann anois.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Is líne chabhrach le haghaidh gach duine a úsáideann an Ghaeilge é Freagra. Is féidir teacht ar Freagra ar an nguthán, nó trí theachtaireacht téacs nó teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig an tseirbhís. Gealltar freagra tapa ar cheisteanna faoi gach gné den Ghaeilge.

Tuilleadh eolais anseo ...