Nuachtlitir #9: Bealtaine 2011

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig eagrán mhí na Bealtaine de nuachtlitir Ghaelchultúir. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Cuir barr feabhais ar do chuid Gaeilge an samhradh seo!

Cuirfidh Gaelchultúr tús le cúrsa Gaeilge an tsamhraidh an tseachtain dar tosach 23 Bealtaine and mairfidh sé sé seachtaine.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsaí samhraidh ar líne do mhúinteoirí bunscoile

Tá Gaelchultúr ag tairiscint sé chúrsa creidiúnaithe ar líne do mhúinteoirí bunscoile an samhradh seo, ar cúrsaí iad a fuair ardmholadh ó rannpháirtithe na bliana seo caite.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsa do dhaoine a gcuireann gramadach na Gaeilge mearbhall orthu!

Beidh Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge á thairiscint ag Gaelchultúr an samhradh seo arís.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa ar siopa.ie: Scrabble as Gaeilge ar €15
(an gnáthphraghas: €24)

Tá áthas ar Ghaelchultúr tús a chur le Margadh na Míosa ar siopa.ie. Is é an leagan Gaeilge de Scrabble, ceann de na cluichí boird is cáiliúla ar domhan, earra mhí na Bealtaine agus tá lascaine an-mhór ar fáil i rith na míosa seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Is fearr Gaeilge chliste ná Gaeilge bhriste!

Tá dhá dhianchúrsa forbartha ag Gaelchultúr chun cuidiú leo siúd atá ag tabhairt faoi agallaimh agus béaltrialacha as Gaeilge.

Tuilleadh eolais anseo ...

Agallamh le Proinsias Mac a' Bhaird, údar leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com

In agallamh eisiach le Nuachtlitir Ghaelchultúir, labhraíonn an t-údar Conallach Proinsias Mac a’ Bhaird le Michelle Ryan, riarthóir ClubLeabhar.com, faoina úrscéal Rún an Bhonnáin, faoina shaol mar údar agus faoina áit dhúchais, Árainn Mhór.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge:
De bharr na gcnoc is in imigéin

Deirtear gur glas iad na cnoic i bhfad uainn agus má tá neart fuinnimh agat, péire maith buataisí siúlóide, agus má tá fonn ort do chuid Gaeilge a chleachtadh, d’fhéadfá a bheith ag sárú na gcnoc céanna gan mhoill i gcomhluadar na gCnocadóirí – an club siúlóid sléibhe Gaeilge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Tuilleadh eolais anseo ...

Port ó albam nua Lily Neill

Físeán eisiach do Nuachtlitir Ghaelchultúir den chláirseoir Meiriceánach Lily Neill ag seinm poirt óna halbam nua.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den chúrsa ilmheán Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level le buachan.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí Aibreáin

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí Aibreáin!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Tá suíomh gréasáin nua, Indigenoustweets.com, bunaithe ag an Meiriceánach Kevin Scannell a choinníonn súil ar an úsáid a bhaineann lucht labhartha mionteangacha ar fud an domhain as Twitter.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Foclóir Gaedhilge agus Béarla / An Irish-English Dictionary le Patrick Dinneen ar cheann de na foclóirí is fearr a cuireadh ar fáil riamh sa Ghaeilge agus tá go leor focal agus sainmhínithe ann nach bhfuil teacht orthu sna foclóirí Gaeilge eile.

Tuilleadh eolais anseo ...