Intreoir
Tá úsáid shuíomh gréasáin Gaelchultúr Teoranta (Gaelchultúr uaidh seo ar aghaidh) á rialú ag na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach thíos. Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach agus ceapadh iad chun cosaint a thabhairt duitse, do Ghaelchultúr agus dá chuid gníomhairí. Dá bhrí sin, déan iad a léamh go cúramach, le do thoil. Má bhaineann tú úsáid as an suíomh gréasáin tugann tú le fios go bhfuil tú i ndiaidh glacadh leo agus gur ar do phriacail féin a úsáideann tú an suíomh.
Seoltaí
Is féidir teacht ar shuíomh gréasáin Gaelchultúr trí na seoltaí seo a leanas:
www.gaelchultur.com
www.ranganna.com
www.irishclasses.com
Dlínse
Tá an suíomh gréasáin seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht Éireann agus rialófar é de réir dhlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go mbeidh d’úsáid féin, agus aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, á rialú mar an gcéanna ag dlíthe na hÉireann agus, má thagann aon díospóid chun cinn i ngeall ar d’úsáid féin nó aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, go dtoilíonn tú a leithéid de dhíospóid a phlé i gcúirteanna na hÉireann.
Athruithe
Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta aon athruithe a dhéanamh ar an eolas atá ar an suíomh seo www.gaelchultur.com, agus chomh maith leis sin ar an dearadh agus ar na seirbhísí a sholáthraítear ar an suíomh gan foláireamh agus gan dliteanas.
Tá sé de cheart ag Gaelchultúr cur leis na coinníollacha úsáide an tsuímh nó iad a athrú. Déanfar aon athruithe ar an suíomh a fhógairt ar an leathanach seo agus beidh an fhreagracht ortsa mar úsáideoir cinntiú go mbeidh tú ar an eolas faoi athruithe ar bith a dhéanfar ó am go chéile, agus measfar gur ghlac tú le hathrú ar bith a bheidh déanta má leanann tú ort de bheith ag dul isteach sa suíomh ina dhiaidh sin.
Cruinneas na n-ábhar margaíochta
Creidimid go bhfuil na ráitis atá le fáil ar ár mbróisiúir, ár suíomh gréasáin agus ar ábhair eile mhargaíochta cruinn agus ceart ag an am a dhéantar iad. Tá gach iarracht réasúnta déanta cur síos a thabhairt ar na cúrsaí agus aon seirbhís eile a luaitear. Ní féidir linn glacadh le freagracht as athruithe ar bith a tharlaíonn tar éis don bhróisiúr nó don ábhar margaíochta eile bheith curtha ar fáil. (Bíonn eolas cothrom le dáta le fáil ar ár suíomh gréasáin). Ní féidir linn glacadh le dliteanas maidir le cúinsí nach bhfuil aon smacht againn orthu.
Cóipcheart agus trádmharcanna
Is le Gaelchultúr Teoranta an suíomh gréasáin seo agus is é atá ina bhun, agus tá gach eolas agus ábhar atá le feiceáil ar an suíomh ("an tÁbhar") chun úsáide pearsanta amháin, agus ní chun úsáide tráchtála. Maoin Gaelchultúr nó a chuid gníomhairí is ea gach bogearra atá le fáil ar an Suíomh seo agus gach Ábhar atá ar fáil ar an Suíomh seo (an fhaisnéis, an t-ábhar, na grafaicí, an téacs, na fuaimeanna, na híomhánna, na cnaipí, na trádmharcanna, na hainmneacha trádála agus na lógónna) faoi chosaint cóipchirt, ceart trádmharcanna, ceart bonnchair sonraí, ceart sui generis agus dlíthe eile na maoine intleachtacha, faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta.
Ní ceadmhach aon chuid den Ábhar a íoschóipeáil, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a chur sa phost, a tharchur, a chur i gcomhad athfhála, a dhíol nó a dháileadh gan cead scríofa a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Níl san áireamh leis seo íoschóipeáil cóipe amháin de shleachta ón Suíomh ar aon ríomhaire amháin a d’úsáidfí sa bhaile amháin agus ní chun tráchtála, ar choinníoll nach gcuirtear isteach ar chóipcheart ná ar cheart maoine. Tá cosc ar athruithe a dhéanamh ar aon chuid den Ábhar nó aon chuid den Ábhar a úsáid d’aon chuspóir seachas cuspóir a luaitear anseo (a úsáid ar aon suíomh gréasáin nó líonra ríomhaireachta eile gan teorainn san áireamh).
Ceisteanna, fadhbanna ag úsáid an tsuímh agus gearáin
Má bhíonn ceist ar bith agat faoi áirithint atá déanta agat, má bhíonn deacracht ar bith agat ag úsáid an tsuímh seo, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ar bith de chuid Gaelchultúr, téigh i dteagmháil le do thoil le: eolas@gaelchultur.com.
Polasaí príobháideachta
Is é an comhlacht Realex Payments a chuireann an tseirbhís íocaíochtaí ar líne ar fáil ar shuíomh gréasáin Gaelchultúr. Dearbhaíonn Realex Payments agus a pháirtí Gaelchultúr nach roinnfear na sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil riamh le haon tríú páirtí gan do chead agus go mbainfidh pé ríomhphostanna a gheobhaidh tú ó Realex Payments agus a pháirtí Gaelchultúr le d’áirinthint amháin. Dearbhaíonn Realex Payments agus Gaelchultúr nach seolfaidh siad turscar chugat riamh.
D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh orainn na sonraí pearsanta a thug tú dúinn (d’ainm agus sonraí teagmhála, cuir i gcás) a chur ar fáil do do theagascóir.
Ba mhaith linn bheith in ann do chuid sonraí a stóráil ar mhaithe le margaíocht a dhéanamh san am atá romhainn (bróisiúr a chur chugat, mar shampla). Mura mian leat ábhar margaíochta a fháil uainn, cuir é sin in iúl dúinn agus bainfear ón liosta tú.
Clárú do chúrsaí agus d’imeachtaí eile
Ní mór duit táille iomlán cúrsa, ranga nó ceardlainne a íoc ina hiomláine roimh ré chun áit a chur in áirithe ar an gcúrsa, sa rang nó sa cheardlann sin.
Cur ar ceal cúrsaí, ranganna agus ceardlann
Chun gur féidir cúrsa, rang nó ceardlann de chineál ar bith a reáchtáil, caithfidh íosmhéid áirithe rannpháirtithe a bheith cláraithe dó. Má tharlaíonn sé nach sroichtear an t-íosmhéid sin, tá sé de chead ag Gaelchultúr an cúrsa, rang nó ceardlann a chur ar ceal. Tabharfar fógra 24 uair an chloig dóibh siúd atá cláraithe don chúrsa, rang nó ceardlann agus aisíocfar an táille ina hiomláine leo.