Nuachtlitir #11: Iúil/Lúnasa 2011

An tAire Mac Fhionnlaoich i nGaelchultúr


Bhí an-áthas ar fhoireann Ghaelchultúir fáilte a chur roimh an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, nuair a thug sé cuairt ar cheanncheathrú an chomhlachta Dé Máirt,
12 Iúil. Bhuail an tAire isteach chun léargas a fháil ar obair Ghaelchultúir go dtí seo i réimsí éagsúla agus ar na tionscadail atá ar na bacáin ag an gcomhlacht.


As Gaeltacht Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill ó dhúchas don Aire Stáit Mac Fhionnlaoich agus tá sé ina chónaí sa cheantar sin go fóill. Tá sé ag obair mar Theachta Dála i ndáilcheantar Dhún na nGall Thiar Theas ó bhí 1982 ann. Roimhe sin bhí sé mar phríomhoide ar Scoil Chonaill, An Bean Beag. Ceapadh mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta é ar 10 Márta i mbliana.


Rinne Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir agus iardhalta de chuid an Aire Mac Fhionnlaoich, cur i láthair ar réimsí éagsúla oibre an chomhlachta agus thug sé eolas don Aire mar gheall ar na suíomhanna gréasáin ranganna.com agus ClubLeabhar.com.


Bhuail an tAire le foireann Ghaelchultúir ar fad agus rinne sé comhghairdeas leo as an méid atá bainte amach acu ó bunaíodh an comhlacht in 2005. Labhair sé ar na hathruithe móra atá tagtha ar theagasc na Gaeilge le tríocha bliain anuas agus mhol sé Gaelchultúr as an gceannródaíocht atá léirithe acu sa réimse seo.


Ag deireadh na cuairte, bronnadh cóip den leabhar Gramadach gan Stró! ar an Aire Stáit. Bhí sé an-tógtha leis an ngráiméar seo de chuid Ghaelchultúir agus mhol sé an comhlacht as an saothar a bhí caite leis an leabhar.