Nuachtlitir #11: Iúil/Lúnasa 2011

Comórtas


Tá trí shíntiús trí mhí don chúrsa Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level á dtairiscint mar dhuaiseanna do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo.


Is cúrsa ar líne é Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level atá bunaithe ar an leabhar móréilimh den ainm céanna a d’fhoilsigh Gaelchultúr i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite. Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Is féidir triail a bhaint as aonad samplach den chúrsa ach cliceáil anseo.


Más mian leatsa cur isteach ar an gcomórtas, seol teachtaireacht ríomhphoist agus “Comórtas” mar theideal uirthi chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00 p.m., Dé Céadaoin, 31 Lúnasa 2011. Ní mór duit an cheist seo a fhreagairt sa ríomhphost:

Cén tseachtain a bheidh ranganna Gaeilge oíche Ghaelchultúir ag tosú an fómhar seo?

Fógrófar na buaiteoirí sa chéad eagrán eile den nuachtlitir seo.