An gcuireann an aidiacht sa tuiseal ginideach faitíos ort? An bhfuil mearbhall ort fós maidir leis an gclásal coibhneasta? An bhfuil tú aineolach ar na rialacha a bhaineann leis an gcopail is? An mbíonn deacrachtaí agat agus tú ag comhaireamh daoine?
Má thug tú freagra dearfach ar chuid de na ceisteanna sin thuas, b’fhéidir gurbh fhiú duit clárú don Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a bheidh á reáchtáil ag Gaelchultúr ón bhfómhar ar aghaidh! Cabhróidh an cur chuige nuálaíoch foghlaimeoirlárnach atá ag an gcomhlacht leat an ceann is fearr a fháil ar an bhfóibe gramadaí!
Bíonn meascán de mhodhanna traidisiúnta agus nua-aimseartha in úsáid sa chúrsa seo a chabhraíonn leis an mac léinn an tairbhe is mó a bhaint as an teagasc. Déantar an chuid is mó den chúrsa ar líne agus bíonn fáil ag na mic léinn ar dhá chúrsa ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com: Gramadach Gan Stró!, atá bunaithe ar an leabhar den teideal céanna, agus Tusa agus do Ríomhaire. Is féidir triail a bhaint as na cúrsaí sin saor in aisce ach cliceáil anseo agus anseo.
Faigheann na mic léinn aiseolas láithreach nuair a dhéanann siad na cleachtaí sa dá chúrsa ar ranganna.com ach, chomh maith leis sin, bíonn deis acu fadhbanna teanga a phlé le teagascóir an chúrsa agus leis na rannpháirtithe eile le linn na gceardlann lae a eagraítear ar cheithre Shatharn éagsúla i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Fiú má chailleann tú ceann de na ceardlanna sin, ní bheidh tú thíos leis mar go gcuirtear físeáin ar fáil ar líne ina mbíonn cur síos cuimsitheach ar an obair a dhéantar sna seisiúin sa seomra ranga. Tá an cur chuige seo tar éis cur ar chumas daoine ó thíortha éagsúla – an Eilvéis, Sasana, na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina measc – páirt a ghlacadh sa chúrsa go dtí seo.
Bíonn deis ag na mic léinn freisin obair bhaile a sheoladh chuig an teagascóir ar an ríomhphost agus tugtar aiseolas dóibh mar gheall ar a gcuid oibre taobh istigh de lá nó dhó.
Tá béim sa dianchúrsa ar chruinneas gramadaí, ar chúrsaí stíle agus ar an aistriúchán. Dírítear ar na pointí gramadaí is coitianta a mbíonn fadhb ag daoine leo, an chopail is, an clásal coibhneasta agus na huimhreacha pearsanta ina measc. Cuirtear béim chomh maith ar chúrsaí teicneolaíochta agus ar na háiseanna atá ar fáil ar líne chun cabhrú le daoine agus iad i mbun scríbhneoireachta.
Tá an clár páirtaimseartha seo dírithe orthu siúd ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge ach a mheasann nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – iriseoirí, státseirbhísigh agus aistritheoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Agus, ar ndóigh, tá sé oiriúnach dóibh siúd a ligeann don ghramadach teacht idir iad féin agus codladh na hoíche! €450 an táille atá i gceist.
Cuirfear tús leis an gcéad dianchúrsa eile Dé Sathairn, 10 Meán Fómhair agus mairfidh sé go dtí mí na Nollag. Chun teacht ar bhróisiúr an chúrsa, cliceáil anseo. Chun áit a chur in áirithe, téigh go www.gaelchultur.com. Tá tuilleadh eolais le fáil freisin ach glaoch ar (01) 484 5220 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaelchultur.com.
Tá an tionscnamh seo á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Cóipcheart © 2025 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220
Seol ríomhphost chugainn