Nuachtlitir #44: Aibreán 2019

Fáilte!

Tá neart eolais in eagrán na míosa seo de Nuachtlitir Ghaelchultúir faoi imeachtaí an chomhlachta féin agus faoi imeachtaí eagraíochtaí eile. Mar sin, má tá tú ar thóir cúrsa teanga nó caitheamh aimsire Gaeilge, is anseo a gheobhaidh tú an chomhairle is fearr.

Gaelchultúr

Cúrsaí EPV ar líne á dtairiscint ag Gaelchultúr le deich mbliana anois

I samhradh na bliana 2009 a chuir Gaelchultúr cúrsaí EPV ar líne ar fáil den chéad uair agus tá múinteoirí bunscoile na tíre tar éis clárú do na cúrsaí sin beagnach 8,000 uair sna deich mbliana sin.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsaí EPV ar líne: Agallamh le Ciara Fagan

Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le Ciara Fagan, múinteoir bunscoile a rinne cúrsa EPV le Gaelchultúr cheana agus a mbeidh ceann eile á dhéanamh aici i mbliana.

Tuilleadh eolais anseo ...

An Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán: Comhairle d’iarratasóirí

Beidh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á thairiscint ag Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr den seachtú huair an fómhar seo agus tá comhairle le fáil san alt seo dóibhsean a bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoi scrúdú iontrála an chúrsa.

Tuilleadh eolais anseo ...

An Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán bronnta ar an gcúigiú grúpa mac léinn

Ag searmanas a bhí ar siúl i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath i lár mhí Aibreáin, bronnadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ar an gcúigiú grúpa mac léinn a thug faoin gcúrsa le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr.

Tuilleadh eolais anseo ...

Folúntas: Léachtóir le Gaeilge le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr

Tá post lánaimseartha mar Léachtóir le Gaeilge ar fáil i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr. Conradh buan atá i gceist agus beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifigí na hinstitiúide i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tuilleadh eolais anseo ...

Ag iarraidh plean a chur le chéile don samhradh? Céard faoi rang Gaeilge a dhéanamh le Gaelchultúr!

Tá na laethanta ag dul chun síneadh agus ní fada go mbeidh ranganna oíche an tsamhraidh ag tosú i nGaelchultúr!

Tuilleadh eolais anseo ...

Blaiseadh den Ghaeilge

Beidh imeacht saor in aisce, Blaiseadh den Ghaeilge, á reáchtáil ag Gaelchultúr Dé Sathairn, 11 Bealtaine, le deis a thabhairt dóibhsean ar spéis leo cúrsa Gaeilge a dhéanamh linn triail a bhaint as rang samplach ar dtús.

Tuilleadh eolais anseo ...

Tionól Gaeilge á reáchtáil ag Bord na Gaeilge den tríú huair i mbliana

Den tríú bliain as a chéile, beidh scoil samhraidh, Tionól Gaeilge UCD, á reáchtáil ag Bord na Gaeilge san ollscoil sin, idir 1 agus 5 Iúil 2019. Beidh an scoil samhraidh seo, atá á heagrú i gcomhar le Gaelchultúr, ar siúl ó mhaidin Dé Luain go dtí am lóin Dé hAoine ar champas Belfield.

Tuilleadh eolais anseo ...

Deich gcruacheist ghramadaí

Tá tráth na gceist curtha le chéile againn daoibhse ar spéis libh an ghramadach. An bhfuil fonn ortsa tabhairt faoin dúshlán? Agus más mian leat cur le do chruinneas gramadaí, tá réiteach na faidhbe sin againn duit freisin!

Tuilleadh eolais anseo ...

An Foghlaimeoir Siúlach: tuairim Antaine Uí Éimhín faoin Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

Gach uile théarma anseo i nGaelchultúr, cuirimid fáilte roimh fhoghlaimeoirí as gach saghas cúlra agus iad ag triall orainn chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Agus anois, a bhuí leis an idirlíon, ní gá do na mic léinn a bheith lonnaithe in Éirinn, fiú – mar a léiríonn scéal Antaine Uí Éimhín.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cuir aithne ar ár múinteoirí: Réaltán Ní Leannáin

Tá Réaltán Ní Leannáin ag teagasc le Gaelchultúr ó bhí Meán Fómhair 2018 ann. Nuair nach mbíonn sí ag teagasc, bíonn sí ag scríobh, ag léamh nó ag craoladh. Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir léi ar na mallaibh le tuilleadh a fháil amach fúithi.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsaí éagsúla ag Gaelchultúr dóibhsean ar mian leo cur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Hibernia)

Má tú tar éis cur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas le Coláiste Hibernia nó fiú má tá rún agat sin a dhéanamh san am atá romhainn, seans maith go bhfuil tú ag cuimhneamh ar ullmhúchán a dhéanamh don agallamh Gaeilge. Má tá, b’fhéidir gurbh fhiú duit freastal ar an gCúrsa Ullmhúcháin ocht seachtaine nó ar an Dianchúrsa Ullmhúcháin Aon Lae a reáchtálfar in ionad oideachais Ghaelchultúir go luath.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Tá do rogha birt de chuid Ghaelchultúir á thairiscint againn mar dhuais do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo!

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoir an chomórtais

Comhghairdeas le buaiteoir chomórtas mhí Eanáir!

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa

Tá margadh iontach againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo. Má chláraíonn tú ar aon chúrsa de na trí cinn atá liostaithe again anseo, cuirfimid mí sa bhreis le do chlárúchán - ach níl an margadh seo ar fáil ach go dtí an 31 Bealtaine.

Tuilleadh eolais anseo ...