Post mar Chúntóir Riaracháin

Post mar Chúntóir Riaracháin

An duine bríomhar, cumasach thú? Tá foireann Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir ag fás agus tá Cúntóir Riaracháin á lorg againn faoi láthair. Conradh buan atá i gceist agus beidh an té a cheapfar ag obair ar an láthair in oifigí an chomhlachta i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Ní mór d’iarrthóirí caighdeán ard Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, a bheith acu, taithí a bheith acu ar obair riaracháin oifige agus cur amach ar ghnáthchórais ríomhaireachta.

Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí; gnáthuaireanta oibre.

Dualgais

Seo iad na príomhdhualgais a bheidh ar an gCúntóir Riaracháin:

  • plé le cliaint an chomhlachta ar an nguthán, ar an ríomhphost agus aghaidh ar aghaidh

  • na socruithe cuí a dhéanamh roimh gach cúrsa teanga

  • siopa Ghaelchultúir a riar

  • déileáil leis na horduithe a bhíonn ar an suíomh siopa.ie

    Cáilíocht riachtanach

  • Céim tríú leibhéal (leibhéal 8 de Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí)

    Cáilíocht/scileanna/taithí inmhianaithe

  • Cáilíocht tríú leibhéal sa Ghaeilge
  • Ardscileanna ríomhaireachta
  • Taithí ar a bheith ag déileáil le cliaint
  • Sárscileanna riaracháin
  • Sárscileanna cumarsáide
  • Sárscileanna eagrúcháin agus bainistithe ama

    Ní mór d’iarrthóirí Curriculum Vitae, mar aon le litir iarratais, a sheoladh chuig: poist@gaelchultur.com

    Spriocdháta d’iarratais: 10.00am, Dé Luain, 15 Eanáir 2024.

    Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig poist@gaelchultur.com.