Ranganna beo ar líne: dátaí an earraigh fógartha
Cuirfidh Gaelchultúr tús le ranganna Gaeilge ar líne an earraigh sa chéad seachtain de mhí Feabhra. Agus is cuma cén áit a bhfuil tú ar chlár an domhain, beidh tú ábalta páirt a ghlacadh iontu!
Tá fáilte romhat chuig eagrán na míosa seo de Nuachtlitir Ghaelchultúir!
Níos túisce sa bhliain, rinne an t-úrscéalaí iomráiteach Éireannach Louise O’Neill cinneadh filleadh ar an nGaeilge agus tabhairt faoi chúrsa le Gaelchultúr. Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir léi le déanaí le fáil amach cad a spreag í chun an Ghaeilge a fhoghlaim arís agus chun a cuid tuairimí a fháil faoin gcúrsa.
Cuirfidh Gaelchultúr tús le ranganna Gaeilge ar líne an earraigh sa chéad seachtain de mhí Feabhra. Agus is cuma cén áit a bhfuil tú ar chlár an domhain, beidh tú ábalta páirt a ghlacadh iontu!
Tá Éamonn Ó Dónaill ag obair mar Stiúrthóir Oideachais le Gaelchultúr ó bhí 2005 ann agus tá baint aige leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ó cuireadh tús leis an gcúrsa sin in 2013. Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir leis le déanaí chun níos mó eolais a fháil faoina shaol agus faoin taithí atá aige ar theagasc na Gaeilge.
An bhfuil caighdeán ard Gaeilge agatsa? An bhfuil obair pháirtaimseartha á lorg agat? Má tá, ná déan dearmad go mbíonn Gaelchultúr ag cur lena phainéal múinteoirí agus ceartaitheoirí go leanúnach.
Agus an Nollaig ag druidim linn, beidh an liosta seo de bhronntanais atá ar fáil ar siopa.ie ina chabhair agus tú sa tóir ar an bhféirín is feiliúnaí!
Agus eagrán #50 de Nuachtlitir Ghaelchultúir á fhoilsiú againn, caithimid súil siar ar bhuaicphointí na ndeich mbliana atá imithe tharainn!
Cúpla lá i ndiaidh don Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn foclóir nua Fhoras na Gaeilge, Concise English–Irish Dictionary, a sheoladh, rinne Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, Éamonn Ó Dónaill, agallamh beo ar líne le beirt d’fhoireann an fhoclóra maidir leis an tionscadal. Tá an físeán den phlé cuimsitheach seo fós ar fáil ar líne agus is fiú go mór féachaint air.
Ba bhliain chorrach dhúshlánach é 2020 do gach duine ach bhí cuid mhór le ceiliúradh againn chomh maith. San alt seo caithfear súil ar chuid de na buaicphointí a bhí againne anseo i nGaelchultúr le linn na bliana neamhghnáiche seo.
Is é sprioc na rannóige seo, “Amhrán na Míosa”, ná léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh.
Bí ag foghlaim linn! Tá mí sa bhreis ar ranganna.com á tairiscint againn i nuachtlitir na Nollag.
Tá ciseán Nollag á thairiscint mar dhuais do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo!
Comhghairdeas le Colette Montgomery, a bhuaigh comórtas nuachtlitir mhí Iúil!
Tá sé thar a bheith tábhachtach i mbliana iarracht a dhéanamh tacú le cuideachtaí beaga áitiúla a oiread agus is féidir. Tá súil againn go gcabhróidh an liosta gnólachtaí iontacha Éireannacha seo libh má tá sibh ag iarraidh táirgí Gaeilge a cheannach an Nollaig seo.
Is fiú go mór freastal ar an imeacht Comhrá le Cathal: Léirmheasanna ar úrscéalta, a bheidh ar siúl an Domhnach seo, 6 Nollaig, ó 1.00pm. Tá an t-imeacht ar líne seo á chur i láthair ag IMRAM mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh Cathal Póirtéir, scríbhneoir agus craoltóir, fáilte roimh thriúr aíonna eolacha ó shaol na litríochta agus déanfaidh siad léirmheasanna ar chúpla leabhar nua.
Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.
Cóipcheart © 2025 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220
Seol ríomhphost chugainn