An Ghaeilge: Áis Chumhachtach Mhargaíochta

Scríofa ag Ellen Curtin Márta, 2024
Roinn:

26% de thomhaltóirí in Éirinn sásta costas níos airde a íoc as táirge nuair a dhéantar an mhargaíocht i nGaeilge

Cé gur gnách le daoine áirithe a mhaíomh gur “teanga i mbaol a báis” í an Ghaeilge, tá dearbhaithe i dtaighde nua gur áis éifeachtach í an Ghaeilge sa mhargaíocht.


An Ghaeilge: Áis Chumhachtach Mhargaíochta

I suirbhé a rinne Amárach Research le gairid i gcomhar le Gaelchultúr, rinneadh cíoradh ar an luach tráchtála a leagann tomhaltóirí ar an nGaeilge i gcomhthéacsanna brandála agus margaíochta. 1,000 freagróir a ghlac páirt sa taighde agus meascán de chumas sa teanga acu.

Tá léargas fiúntach le fáil i dtorthaí an tsuirbhé ar thuiscint an phobail ar bhrandáil agus ar fhógraí i nGaeilge agus ar an tslí a mbíonn siad féin ag plé lena leithéid. Tá 73% de na freagróirí tar éis a chur in iúl go nglacann siad leis gur cuideachta áitiúil nó Éireannach atá ann má úsáideann an chuideachta sin an Ghaeilge sa mhargaíocht a dhéanann siad.

Cuireann úsáid na Gaeilge i bhfeachtais mhargaíochta le híomhá an bhranda mar bhranda Éireannach áitiúil. Ina theannta sin, tá tuiscint chuimsitheach le fáil as torthaí an taighde ar na bealaí a mbíonn tomhaltóirí ag plé le margaíocht i nGaeilge. Cé gur chuir 50% de na rannpháirtithe in iúl nach bhfuil acu ach beagán Gaeilge nó nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, thug 59% acu le fios go dtaitníonn sé leo gnólachtaí a fheiceáil agus cumarsáid i nGaeilge ar bun acu sa mhargaíocht agus san fhógraíocht a dhéanann siad. Tá sé le tuiscint as torthaí eile ón suirbhé go mbíonn rátaí rannpháirteachais agus airde níos fearr ann nuair a úsáidtear an Ghaeilge san fhógraíocht. An sciar daoine a dhéanann iarracht oiread is féidir d’fhógraí Gaeilge a thuiscint ná 54% acu i gcás fógraí raidió, 44% acu i gcás fógraí i nuachtáin agus 52% acu i gcás fógraí teilifíse.

Seans gurb iad na torthaí is suimiúla sa staidéar ná torthaí a bhaineann le luach branda, ceist inar luaigh 41% de na freagróirí go bhfuil seans níos mó ann go gceannóidh siad táirgí nó seirbhísí má úsáidtear an Ghaeilge sa mhargaíocht agus 26% acu atá sásta costas níos airde a íoc as táirgí nó seirbhísí má úsáidtear an Ghaeilge sa mhargaíocht a bhaineann leo. Is iad na tomhaltóirí sna grúpaí is óige is mó atá sásta costas níos airde a íoc. Tá 36% de na freagróirí faoi bhun 35 bliana agus 29% acu atá idir 35-44 bliana sásta costas níos airde a íoc as na táirgí nó seirbhísí céanna nuair a úsáidtear an Ghaeilge sa bhrandáil agus san fhógraíocht a bhaineann leo.

‘Tá custaiméirí ag iarraidh a gcuid airgid a chaitheamh ar bhrandaí atá ag teacht lena gcuid luachanna féin’, a deir Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ghaelchultúir, Darren Ó Rodaigh. ‘Má úsáidtear an Ghaeilge go héifeachtach sa mhargaíocht, déanfar nasc níos doimhne a fhorbairt idir cuideachtaí agus a sprioc-chustaiméirí, rud atá soiléir sna torthaí seo’.

Tá Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Institiúid Margaíochta na hÉireann, Shane McGonigle, den tuairim chéanna: ‘Leis an margaíocht ghairmiúil, is féidir naisc a fhorbairt idir daoine agus táirgí, agus na naisc sin fréamhaithe sna luachanna i gcoiteann acu. Tarraingítear aird sa taighde seo ar thábhacht na Gaeilge do dhaoine agus ar an deis tráchtála a bhaineann léi chun naisc den chineál sin a fhás agus a fhorbairt.’

Thug Amárach Research faoin suirbhé i mí Feabhra 2024 i gcomhar le Gaelchultúr. Is é Gaelchultúr an chéad agus an t-aon choláiste tríú leibhéal lán-Ghaeilge, agus an soláthraí is mó cúrsaí agus acmhainní Gaeilge ar fud na cruinne. Tugadh aitheantas don choláiste mar an Scoil Teanga is fearr in Éirinn in 2022 agus in 2023. Is é cuspóir an choláiste ná seirbhísí den chéad scoth a chur ar fáil le foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa Gaeilge araon a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú. Tá na torthaí ar fad ón suirbhé ar fáil ach cliceáil anseo.

Roinn: