Conairí nua ar fáil do Ghairmithe chun an Ghaeilge a úsáid ag an obair mar thoradh ar Chomhpháirtíocht Náisiúnta

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Deireadh Fómhair, 2026
Roinn:

Mar thoradh ar chomhpháirtíocht nua idir Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (BOOMSL), Údarás na Gaeltachta agus Gaelchultúr, sheol Dara Calleary TD, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, cúrsaí nua Gaeilge go hoifigiúil ar an 9 Deireadh Fómhair 2026 ag Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.

Conairí nua ar fáil do Ghairmithe chun an Ghaeilge a úsáid ag an obair mar thoradh ar Chomhpháirtíocht Náisiúnta
Tá na cúrsaí Gaeilge páirtaimseartha seo ó Leibhéal 2 go Leibhéal 6 á reáchtáil ag Gaelchultúr agus dearadh iad do ghairmithe a aithníonn tábhacht na Gaeilge, atá ag dul i méid, i ngach réimse den saol gnó agus pobail. Ag an seoladh, tugadh cinnteoirí sinsearacha ó fhorais Ghaeilge agus forais bhreisoideachais agus oiliúna le chéile, agus cuireadh béim ar thábhacht straitéiseach an tionscnaimh le haghaidh fhorbairt an fhórsa oibre, forbairt fiontraíochta agus inbhuanaitheacht teanga, go háirithe i gceantair Ghaeltachta.

Tríd an gcomhpháirtíocht seo idir Údarás na Gaeltachta agus Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (BOOMSL), cuirfear cláir Ghaeilge pháirtaimseartha ar fáil a bheidh lánmhaoinithe agus creidiúnaithe ag QQI agus ina mbeidh conairí soiléire ann le dul chun cinn a dhéanamh ó bhonnleibhéil go hardleibhéil ghairmiúla.

Tá ag éirí leis an gcomhpháirtíocht cheana féin agus an-spéis léirithe ag daoine inti. Fuarthas beagnach seacht gcéad iarratas ar bhreis agus céad seasca áit sna chéad chúrsaí. Cuireadh cláir an Earraigh, 2026 i gcrích go rathúil agus tá grúpa eile faoi oiliúint faoi láthair ar chláir an Fhómhair, 2026.

Tá na cláir á soláthar trí Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, agus tá BOOMSL ag stiúradh an tionscnaimh. Tá BOOMSL ag obair go dlúth le BOO Dhún na nGall agus BOO na Gaillimhe agus Ros Comáin chun tacú le cur i bhfeidhm náisiúnta sa todhchaí.

Tá Údarás na Gaeltachta ag stiúradh fhorbairt na comhpháirtíochta agus tá sé seo ag cur go mór leis na deiseanna atá ag fiontair Ghaeltachta agus a gcuid fostaithe trí chonairí a chur ar fáil sa Ghaeilge d’fhoghlaimeoirí bonnleibhéil go hardleibhéal. Is é an aidhm atá leis an gcur chuige spriocdhírithe seo ná gnáthúsáid na Gaeilge a neartú i gcomhthéacsanna gairmiúla, fiontraíochta agus pobail laistigh de cheantair Ghaeltachta.

Ag croílár an chláir tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil le Gaelchultúr, cáilíocht struchtúrtha atá dírithe ar an ionad oibre agus a dearadh chun tacú le gairmithe an Ghaeilge a úsáid go muiníneach agus go héifeachtach ag an obair. Tá na cláir ar fáil ag Leibhéil 2–6 den CNC agus iad ailínithe le caighdeáin Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) (A1–C1), chun dul chun cinn soiléir a chur ar fáil ó bhunchumas go hardchumas gairmiúil.

Cuirfidh Údarás na Gaeltachta tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe ón nGaeltacht tabhairt faoin gcáilíocht Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) freisin, chun deimhniú breise a thabhairt dóibh ar a ndul chun cinn sa Ghaeilge tar éis dóibh ceann de na cúrsaí seo a chríochnú.

Tá na cúrsaí seo á gcur ar fáil ar bhonn páirtaimseartha chun freastal ar ghairmithe atá ag obair agus tá meascán de ranganna beo ar líne, foghlaim dhigiteach threoraithe agus tacaíochtaí struchtúrtha don mheasúnú iontu.

Is léiriú é an tionscnamh seo ar an aitheantas, atá ag dul i méid, ar an nGaeilge mar acmhainn chultúrtha agus buntáiste gnó araon. Fuarthas amach i dtaighde a rinne Gaelchultúr, Údarás na Gaeltachta agus Amárach Research (2024) gur dhóichí go gceannódh 41% de thomhaltóirí brandaí a úsáideann an Ghaeilge, agus go n-íocfadh 26% díobh níos mó orthu dá n-úsáidfidís an Ghaeilge ar bhealach fóinteach.

Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Calleary: “Tríd an tionscnamh seo, tacófar le caomhnú na Gaeilge trína neartú mar ghné ríthábhachtach dár n-oidhreacht chultúrtha agus mar theanga bheo oibre. Trí rochtain ar oiliúint chreidiúnaithe sholúbtha a fhorbairt – go háirithe dóibh siúd atá ina gcónaí agus ag obair sa Ghaeltacht – táimid ag infheistiú i ndaoine, i bhfiontair agus i dtodhchaí ár bpobal.”

Léirigh Tom Grady, Príomhfheidhmeannach BOOMSL, an dearcadh céanna: “Leis an tionscadal seo tá deis ag fostóirí agus fostaithe inniúlacht ghairmiúil sa Ghaeilge a chomhtháthú lena dtacar sainscileanna. Trí chúrsaí praiticiúla mar seo, faigheann gairmithe cáilíochtaí aitheanta agus conairí gairme le haghaidh forbairt phearsanta agus ghairmiúil laistigh den ionad oibre. Tá ríméad orainn an comhoibriú nuálach seo a stiúradh.”

“Tá an chomhpháirtíocht seo le BOOMSL ag cabhrú le hÚdarás na Gaeltachta tacaíocht a thabhairt d’fhostaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht ar bhonn náisiúnta chun leas a bhaint as deiseanna struchtúrtha chun an teanga a fhoghlaim ar líne. Trí infheistíocht a dhéanamh i bhfoghlaim na Gaeilge ar fud fiontair Ghaeltachta, tá an teanga agus na pobail ina bhfuil siad lonnaithe á neartú againn,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, POF Údarás na Gaeltachta. “Cabhróidh an chomhpháirtíocht seo le gnólachtaí sa Ghaeltacht an Ghaeilge a fhí isteach ina gcuid oibríochtaí laethúla agus cúnamh a thabhairt dá gcuid fostaithe inniúlacht agus cáilíochtaí sa Ghaeilge a bhaint amach.”

“Is céim shuntasach í an chomhpháirtíocht seo chun oiliúint sa Ghaeilge ghairmiúil a chur ar fáil ar bhonn náisiúnta,” a dúirt Darren Ó Rodaigh, POF Ghaelchultúir. “Trí chláir chreidiúnaithe agus soláthar solúbtha a chur le chéile, táimid ag cumasú daoine scileanna Gaeilge a fhorbairt lena ngairmeacha a fheabhsú agus le cultúr níos láidre a chothú san ionad oibre.”

Tá Cláir an Fhómhair, 2026 ar siúl faoi láthair agus fógrófar tuilleadh deiseanna oiliúna trí Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo. Is féidir le daoine atá ag iarraidh leas a bhaint as na tionscnaimh oiliúna seo, atá lánmhaoinithe, iarratas a chur isteach ag www.mayocollege.ie agus táthar ag súil go nglacfar le hiarratais ar chláir an Earraigh, 2027 ag tús 2027.

Roinn: