
Béaltrialacha - Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Cur síos
Tá cáilíocht nua, Teastas sa Ghaeilge Labhartha (TGL), á forbairt ag Gaelchultúr faoi láthair. Ar bhonn píolótach, beidh deis ag baill foirne agus mic léinn ó OT Baile Átha Cliath atá ag freastal ar an rang seo (Bunrang/Refreshers) béaltriail ghairid, timpeall 10 nóiméad ar fad, a dhéanamh ag deireadh an tseimeastair agus teastas an TGL a bhaint amach.
(a) Beannú agus comhrá tosaigh (5 mharc)
Beannóidh an scrúdaitheoir don iarrthóir agus beidh airsean/uirthise beannú ar ais dó/di ar an mbealach cuí. Cuirfidh an scrúdaitheoir cúpla ceist ghinearálta ar an iarrthóir ansin, e.g. ‘Conas atá tú inniu?’; ‘Conas a tháinig tú go dtí an coláiste ar maidin?’
(b) Comhrá ginearálta (25 marc)
Beidh comhrá ginearálta ag an scrúdaitheoir leis an iarrthóir ansin. Tá samplaí le fáil i Rannóg C thíos de na ceisteanna a chuirfidh sé/sí ar an iarrthóir.
(c) Frásaí do chomhthéacsanna éagsúla (15 mharc)
Tabharfar bileog don iarrthóir ar a mbeidh cúig chomhthéacs éagsúla luaite agus beidh air/uirthi an frása cuí a chur ar fáil i gcás gach comhthéacs. Tá na comhthéacsanna éagsúla liostaithe i Rannóg D thíos.
Ár gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
- Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
- Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas


Cúrsaí Gaeilge ar Líne
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce
