Leabhair na Míosa: Iúil 2025
Tá an samhradh linn! Ar mhaith leat níos mó a léamh an mhí seo?
Agus na laethanta saoire scoile faoi lán seoil anois, tá béim á cur againn ar leabhair do pháistí agus do dhaoine óga. Más ag dul ar thuras bóthair go Corcaigh nó ar eitilt go Corfu atá tú, is cinnte go bhfuil leabhair againn don teaghlach ar fad le tabhairt leat.
Seo chugat roinnt moltaí leabhar do mhí Iúil atá ar fáil ag siopa.ie!

Ruaille Buaille
An dtaitníonn Beano le duine ar bith sa chlann? Bain triail as Ruaille Buaille! Leabhar atá dírithe ar dhaoine óga idir 8 mbliana agus 14 bliana d’aois agus atá lán de ghearrscéalta grinn i nGaeilge i bhformáid leabhair Asterix!
Ceist Eile Agam Ort
Fionnuala Cloke
Cad faoi leabhar thráth na gceist?! Cé mhéad leabhar atá sa tsraith The Hunger Games? Cad a bhí ar cheann Medusa in ionad gruaige de réir mhiotaseolaíocht na Gréige? Faigh na freagraí sin agus tuilleadh sa leabhar Ceist Eile Agam Ort le Fionnuala Cloke! Tá breis agus míle ceist sa leabhar seo agus is cinnte nach mbeidh leadrán oraibh agus sibh ag taisteal!
Dialann Emily Porter: An Jailtacht
Richie Conroy
An bhfuil sé i gceist ag aon duine dul go Coláiste Gaeltachta an samhradh seo? Lean eachtraí Emily Porter agus í ag scríobh ina dialann sa Ghaeltacht – nó Jailtacht, mar a thugann Emily air!
Am Amú
Éilis Neary
Sa leabhar Am Amú le hÉilis Neary, leanann muid iarrachtaí Genius agus Juno chun ealaín agus cruthaitheacht na cathrach a shábháil. Scéal lán aicsin do dhéagóirí is ea an leabhar seo!
An raibh a fhios agat go seolaimid leabhair ar fud an domhain? Ordaigh do chinnse inniu ag siopa.ie !
Más mian leat tuilleadh moltaí a fháil, bí i do bhall de ClubLeabhar.com agus féach céard a cheap léitheoirí eile inár bhfóraim ar líne nó mar a pléadh sna podchraoltaí!