Turas Teanga

Scríofa ag Clíodhna Ní Chorráin Márta, 2026
Roinn:

Tá turas ar leith ag gach foghlaimeoir Gaeilge. Turas lán misnigh agus fiosrachta. Uaireanta tosaíonn sé ar scoil, uaireanta thar lear, agus uaireanta eile i bhfad i ndiaidh na scoile – go minic mar gheall ar pháistí nó baill teaghlaigh! Uaireanta eile, tosaíonn sé le cinneadh beag: cúrsa a dhéanamh, leabhar a oscailt, nó focal a úsáid den chéad uair le muinín.

Ach bíonn rud amháin i gcoiteann de ghnáth ag gach foghlaimeoir, an fonn ceangal níos doimhne a dhéanamh leis an teanga agus leis an gcultúr.

Turas Teanga

Le Turas Teanga, táimid ag ceiliúradh scéalta ár bhfoghlaimeoirí féin. Na cúiseanna a spreag iad chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó a athfhoghlaim, na dúshláin a sháraigh siad, agus an dul chun cinn atá déanta acu ó shin. Is léargas macánta, pearsanta é seo ar fhoghlaim na Gaeilge le Gaelchultúr, sa bhaile agus thar lear.

Tríd an tsraith seo, táimid ag tabhairt ardáin dár bhfoghlaimeoirí chun a scéal a roinnt, agus b’fhéidir spreagadh a thabhairt do dhuine eile an chéad chéim eile a ghlacadh leis an nGaeilge.

Seo é Turas Teanga!

Foghlaimeoir:

Criostóir Ó Suilleabháin

Inis dúinn fút féin – cén cúlra atá agat agus cá bhfuil tú lonnaithe faoi láthair?

Is as Meiriceá mé agus tá mé i mo chónaí in St Louis, Missouri anois.

Cén rud nó cén duine a spreag thú chun tabhairt faoi fhoghlaim (nó athfhoghlaim) na Gaeilge?

Ó bhí mé óg, bhí a fhios agam go raibh sinsearacht Éireannach agam. B’ábhar spéise agus bróid dom é, ach ní raibh mórán sonraí agam. Chríochnaigh mo mhac a chéim agus theastaigh uaidh taisteal go dtí an Eoraip. Shocraigh muid coicís a chaitheamh in Éirinn. Tá suim agam i dteangacha agus thosaigh mé ag foghlaim cúpla focal i nGaeilge. Bhí sé deacair ach thaitin sé liom. Chuaigh muid go Corca Dhuibhne agus thuig mé go raibh orm i bhfad níos mó Gaeilge a fhoghlaim!

Agus mé féin agus mo mhac ag taisteal in Éirinn, chaith mé go leor ama ag smaoineamh faoinár sinsir agus gur fhág siad an tír álainn seo blianta fada ó shin agus gur cailleadh an teanga álainn agus luachmhar seo uainn le himeacht ama. Caillteanas uafásach a bhí ann, atá mé tiomanta a leigheas agus tá mé ag iarraidh beagán den teanga a thabhairt ar ais dár dteaghlach.

Cén taithí a bhí agat ar an nGaeilge sular thosaigh tú le Gaelchultúr?

Rinne mé iarracht le leabhair agus Duolingo. Ní raibh siad úsáideach. Is teanga ródhúshlánach í an Ghaeilge dá leithéidí sin amháin!

Cad a thug ort Gaelchultúr a roghnú mar chuid de do thuras teanga?

Fuair mé Gaeilge Gan Stró i siopa leabhar sa Daingean. Thaitin sé liom agus chuardaigh mé Gaelchultúr ar an idirlíon. Bhí mé an-sásta nuair a d'aimsigh mé ranganna beo ar líne! Chomh maith leis sin, theastaigh uaim freastal ar scoil teanga Éireannach – foirfe!

Cén ghné de chúrsaí Ghaelchultúir is mó a chabhraigh leat dul chun cinn a dhéanamh i do thuras teanga?

Is breá liom a bheith ag plé leis na foghlaimeoirí eile agus leis an múinteoir.

Táim buíoch as cineáltas, foighne agus meon fáilteach na bhfoghlaimeoirí agus na múinteoirí go léir. Bhí mé an-neirbhíseach nach raibh “dóthain” Gaeilge agam chun na ranganna a dhéanamh ach bhí áthas an domhain orm gur cuireadh fáilte romham agus gur cuireadh tacaíocht ar fáil dom ón tús.

Conas a úsáideann tú an Ghaeilge i do shaol laethúil anois – sa bhaile, ag an obair, le cairde nó ar líne?

Úsáidim mo chuid Gaeilge gach lá – ag léamh leabhar, ag éisteacht le podchraoltaí, ag féachaint ar TG4. Ní bhíonn aon “Pop-up Gaeltacht” ar siúl anseo, mar sin is iad ranganna Ghaelchultúir an t-aon áit amháin ar féidir liom mo chuid Gaeilge a úsáid.

Cén tionchar a bhí ag foghlaim na Gaeilge le Gaelchultúr ar do mhuinín nó ar d’fhéiniúlacht?

Ba dhídeanaithe iad mo shinsir ón nGorta Mór agus shocraigh siad sa deireadh in Wisconsin, SAM blianta fada ó shin. Mothaím go bhfuilim ag tabhairt onóir dá n-íobairt trí athcheangal a dhéanamh le hÉirinn agus trí iarracht a dhéanamh a dteanga a fhoghlaim. Is deis iontach í, agus táim thar a bheith buíoch aisti!

Cad a déarfá le duine atá ag smaoineamh ar chúrsa Gaeilge a dhéanamh ach nach bhfuil cinnte fós?

Déan é! Tá na ranganna iontach spraíúil agus cuirtear fáilte chroíúil roimh chách agus spreagtar na foghlaimeoirí ar fad. Tá na foghlaimeoirí agus na múinteoirí go léir tacúil agus díograiseach.

Cén dúshlán is mó a bhí romhat ar an turas seo – agus conas a sháraigh tú é?

Ní raibh mé in ann deiseanna áitiúla a aimsiú chun an Ghaeilge a labhairt. Táim den tuairim go bhfuil ranganna Ghaelchultúir thar a bheith luachmhar chun an Ghaeilge a fhoghlaim, a chleachtadh agus a labhairt.

Aon rud eile?

Táim thar a bheith buíoch gur aimsigh mé Gaelchultúr agus as an deis a bheith agam ranganna a dhéanamh le múinteoirí agus daltaí tiomanta agus spreagúla. Bheinn tar éis éirí as mar gheall ar fhrustrachas agus mearbhall leis an teanga, mura mbeadh na ranganna seo aimsithe agam! Tá meascán maith bealaí úsáideacha agus fiúntacha ann chun tús a chur le labhairt agus tuiscint na Gaeilge i dtimpeallacht thacúil.

Roinn: