
Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge (go hiomlán ar líne), Feabhra - Bealtaine 2021 (Grúpa 3)
Cur síos
Dírítear sa dianchúrsa ar chruinneas gramadaí, ar chúrsaí stíle agus ar an aistriúchán. Cuirtear béim chomh maith ar na hacmhainní teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, cinn ar líne ina measc. Bíonn meascán den staidéar neamhspleách agus de ranganna beo ar líne i gceist sa chúrsa. Seo iad dátaí ranganna chúrsa an earraigh:
Seisiún 1: Dé hAoine, 12 Feabhra & Dé Sathairn, 13 Feabhra
Seisiún 2: Dé hAoine, 12 Márta & Dé Sathairn, 13 Márta
Seisiún 3: Dé hAoine, 9 Aibreán & Dé Sathairn, 10 Aibreán
Seisiún 4: Dé hAoine, 7 Bealtaine & Dé Sathairn, 8 Bealtaine
Cuirfear an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ar fáil go hiomlán ar líne, idir Feabhra agus Bealtaine 2021, rud a fhágfaidh go mbeidh deis ag daoine i ngach cearn den domhan tabhairt faoin gcúrsa. Tá an Dianchúrsa á thairiscint ag Gaelchultúr anois ó bhí 2010 ann agus tá beagnach 700 duine tar éis freastal air go dtí seo.
*Deiseanna nua* Ó bhain an Ghaeilge stádas oifigiúil amach san Aontas Eorpach agus ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá deiseanna nua fostaíochta ann dóibh siúd a bhfuil ardscileanna scríofa acu sa teanga. Tá go leor daoine ann a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge ach nach bhfuair deis cheart riamh gramadach chruinn a fhoghlaim ná cur lena scileanna scríofa. Chun freastal ar riachtanais an dreama seo, tá an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge á reáchtáil arís ag Gaelchultúr idir mí Feabhra agus mí na Bealtaine 2021.
*Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?* Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe orthu siúd ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge – Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán nó MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, cuir i gcás – ach a mheasann nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge go laethúil – múinteoirí, iriseoirí, státseirbhísigh agus aistritheoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Beidh an cúrsa seo ina chabhair freisin dóibh siúd a bhfuil sé beartaithe acu scrúdú Fhoras na Gaeilge a dhéanamh chun an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a bhaint amach.
*Cad iad na rudaí a ndíreofar orthu?* Díreofar sa dianchúrsa ar chruinneas gramadaí, ar chúrsaí stíle agus ar an aistriúchán. Cuirfear béim chomh maith ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, cinn ar líne ina measc.
*Sceideal* Beidh meascán den staidéar neamhspleách agus de ranganna beo ar líne i gceist sa chúrsa. Beidh na seisiúin ar líne ar siúl ar cheithre dheireadh seachtain éagsúla, ag na hamanna seo a leanas:
+Rang 1+: Dé hAoine 7.00-8.15pm +Rang 2+: Dé Sathairn 11.00am-12.30pm +Rang 3+: Dé Sathairn 2.00-4.00pmSeo iad na dátaí a bheidh i gceist:
12 agus 13 Feabhra 12 agus 13 Márta 9 agus 10 Aibreán 7 agus 8 BealtaineNí bheidh sé éigeantach freastal ar na seisiúin thuas ach moltar go láidir do na mic léinn bheith i láthair acu.
*Obair an chúrsa / Scrúdú roghnach* Cruthófar cuntas do na rannpháirtithe ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, agus beidh deis acu ceachtanna idirghníomhacha a dhéanamh ar an suíomh sin agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear fóram ar fáil dóibh ar ranganna.com chomh maith, áit a mbeidh siad in ann ábhar an chúrsa a phlé le mic léinn eile agus lena dteagascóir. Beidh deis ag na mic léinn obair bhaile a sheoladh isteach ar an ríomhphost idir na ranganna, más mian leo. Seolfar aiseolas cuimsitheach ar ais chucu taobh istigh de sheachtain maidir leis na ceachtanna seo. Beidh deis ag na mic léinn freisin scrúdú gramadaí agus aistriúcháin dhá uair an chloig a dhéanamh ar chríochnú an chúrsa dóibh. Beidh an scrúdú seo ar siúl ar an 22 Bealtaine 2021 ach ní bheidh sé éigeantach. Beidh an rogha ag na rannpháirtithe (i) an scrúdú a dhéanamh ar líne nó (ii) é a dhéanamh in ionad Ghaelchultúir ar Shráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2. Glacfar le rogha 2 thuas mar scrúdú iontrála don Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, cúrsa atá á reáchtáil ag Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr ó bhí 2013 ann. Chun níos mó eolais a fháil faoin Dioplóma, cliceáil anseo, le do thoil.
*Riachtanais iontrála* Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a n-éireoidh leo ar a laghad 80% a ghnóthú i dTriail Ghaeilge ar Líne Ghaelchultúir. Chun tabhairt faoin triail anois, cliceáil anseo.
*Táille* Cosnóidh an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge €450. Ní mór d'iarrthóirí an táille iomlán a íoc roimh thús an chúrsa. Is féidir clárú don Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ar na bealaí seo a leanas: - trí chliceáil ar an nasc ‘Cuir in áirithe’ thuas - trí ghlaoch ar (01) 484 5220 agus táille an chúrsa a íoc le cárta creidmheasa.
*Eolas breise* Tá tuilleadh eolais mar gheall ar an Dianchúrsa le fáil ó oifig Ghaelchultúir: (01) 484 5220 | eolas@gaelchultur.com *Bróisiúr an chúrsa*
Ár gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
- Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
- Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas


Cúrsaí Gaeilge ar Líne
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce
