Cúrsaí Oiliúna Gaeilge don Earnáil Phoiblí

Tá Gaelchultúr tiomanta d’úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus do sheirbhísí teanga níos fearr a fhorbairt agus a chur ar fáil do phobal na hÉireann. Tuigeann an coláiste an áit lárnach atá ag an nGaeilge san earnáil phoiblí agus sna húdaráis áitiúla, agus tá cúrsaí forbartha againn le cuidiú le heagraíochtaí a gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003 agus 2021) a chomhlíonadh. Íoslódáil ár mbróisiúr agus faigh amach faoi na bealaí ar féidir le Gaelchultúr tacú le d’eagraíocht trí oiliúint shaincheaptha don earnáil phoiblí.

Chun an bróisiúr a íoslódáil, roinn do sheoladh ríomhphoist linn.

Faigh sainleideanna foghlama, lascainí eisiacha do shíntiúsóirí agus rochtain luath ar chúrsaí ón scoil teanga is fearr in Éirinn.

Déanfaimid do shonraí a phróiseáil i gcomhréir lenár bPolasaí Príobháideachais. Féadfaidh tú an toiliú seo a tharraingt siar ag aon am trí ríomhphost a chur chugainn nó trí úsáid a bhaint as an nasc díliostála sna ríomhphoist a gheobhaidh tú uainn.

Má tá aon cheist agat, glaoigh ar (01) 484 5220 nó seol ríomhphost chuig eolas@gaelchultur.com.