Obair pháirtaimseartha ó chian ar fáil i nGaelchultúr

Obair pháirtaimseartha ó chian ar fáil i nGaelchultúr

Tá painéal fostaithe páirtaimseartha ag Gaelchultúr agus bímid ag féachaint i gcónaí le cur leis an bpainéal sin. Más spéis leat a bheith ag obair linn, seol do CV chuig poist@gaelchultur.com. Má thagann aon obair pháirtaimseartha chun cinn a mheasaimid a bheadh oiriúnach duit, rachaimid i dteagmháil leat chun agallamh a shocrú.

Nuair a bhíonn oibrithe páirtaimseartha á n-earcú againn, bímid ag lorg daoine a bhfuil:

  • caighdeán ard Gaeilge acu, idir labhartha agus scríofa, nó atá ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge faoi láthair
  • fonn foghlama orthu agus atá díograiseach, solúbtha agus iontaofa
  • cur amach acu ar an teicneolaíocht agus atá go maith ag fabhtcheartú nuair a thagann deacrachtaí teicniúla chun cinn (eolas maith ar Zoom agus ar ardáin chumarsáide eile san áireamh)
  • scileanna idirphearsanta den scoth acu, chun gur féidir leo foghlaimeoirí agus custaiméirí a chur ar a suaimhneas.