Triail Ghaeilge ar Líne

Go raibh maith agat as ucht Triail Ghaeilge ar Líne Ghaelchultúir a dhéanamh – tá súil againn gur bhain tú taitneamh as! Tá do scór le fáil sa bhosca thíos.

Torthaí na trialach

60%
Do scór
Ardleibhéal 1 (C1)
100
Líon iomlán ceisteanna sa triail
86
Líon ceisteanna a freagraíodh
60
Freagraí cearta
26
Freagraí míchearta

Bunaithe ar an toradh seo, molaimid an leibhéal seo a leanas don chéad chéim eile ar d’aistear foghlama sa Ghaeilge:

Ardleibhéal 1 (C1)

Cuireann Gaelchultúr réimse roghanna solúbtha ar fáil d’fhoghlaimeoirí chun cabhrú leo muinín agus líofacht a fhorbairt sa Ghaeilge phraiticiúil.

Seo iad cúrsaí a mholaimid duit:

Cúrsaí Gaeilge Ginearálta

Cuirtear ár gcúrsaí beo ar líne agus ár gcúrsaí aghaidh ar aghaidh ar fáil i ngrúpaí beaga idirghníomhacha agus dírítear iontu ar scileanna teanga a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil.

Féach ar na cúrsaí atá le teacht anseo:

An Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

Má tá tú ag iarraidh do scileanna Gaeilge a fhorbairt don ionad oibre, molaimid chomh maith an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil le Gaelchultúr, atá creidiúnaithe ag QQI.

Dearadh an cúrsa praiticiúil seo do ghairmithe ar mian leo an Ghaeilge a úsáid ar bhealach níos muiníní agus níos cruinne ina saol oibre. Tá an cúrsa ar fáil ag Leibhéil 2-6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) agus tá sé thar a bheith oiriúnach dóibh siúd atá ag obair san earnáil phoiblí nó i róil ina mbíonn teagmháil acu le custaiméirí.

Foghlaim Sholúbtha Fhéintreoraithe

Más fearr leat foghlaim ar do luas féin, molaimid duit tabhairt faoi chúrsa féintreoraithe ar ardán ríomhfhoghlama idirghníomhach Ghaelchultúir, ranganna.com.