Ainmhithe na Coille in Éirinn
Tá draíocht ar leith ag baint le coillte na hÉireann. Bíonn siad ciúin, glas, beo agus lán d’ainmhithe nach dtugaimid faoi deara i gcónaí ar an gcéad amharc.
Má bhíonn tú ag siúl trí choill, trí pháirc nó ar chosán dúlra an samhradh seo, is fiú moilliú beagán agus féachaint níos grinne ar an saol atá thart ort.
Seo chugat leaganacha Gaeilge ar chuid d’ainmhithe coille na hÉireann:
Sionnach
Fox
Giorria
Hare
Coinín
Rabbit
Piasún
Pheasant
Iora
Squirrel
Broc
Badger
Fia
Deer
Ulchabhán
Owl
Préachán
Crow
Lon dubh
Blackbird
Gráinneog
Hedgehog
Luchóg
Mouse
B’fhéidir go bhfeicfeá sionnach ag imeacht go ciúin idir na crainn, iora ag léim ó chraobh go craobh, nó gráinneog ag siúl go mall faoi na toir. B’fhéidir nach bhfeicfeá broc ná ulchabhán chomh minic céanna, ach tá siad mar chuid thábhachtach den tírdhreach nádúrtha céanna agus is ainmhithe iad a bhfuil áit lárnach acu i scéalta agus i mbéaloideas na hÉireann.
Sa bhéaloideas, is minic a shamhlaítear an sionnach leis an gclisteacht agus leis an ngliceas. Tá an nath “chomh glic le sionnach” le fáil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon, agus léiríonn sé an ról atá ag an sionnach i samhlaíocht na ndaoine mar ainmhí cliste, sciobtha agus seiftiúil. Agus ar ndóigh, tá baint ag an ulchabhán leis an oíche agus leis an rúndiamhair agus an eagna in go leor traidisiún timpeall an domhain freisin.
Tá ról lárnach ag na hainmhithe seo i samhlaíocht agus scéalta mhuintir na hÉireann leis na cianta agus is léiriú é sin ar an gcaoi a bhfuil an domhan nádúrtha thart orainn agus an Ghaeilge fite fuaite lena chéile.
Má tá an nasc seo idir an teanga, an dúlra agus an béaloideas tar éis spéis a mhúscailt ionat, tá réimse leathan cúrsaí Gaeilge ag Gaelchultúr do dhaoine fásta, ó bhonnleibhéal go hardleibhéal, chomh maith le cúrsaí béaloidis dóibh siúd a chuireann spéis i scéalta, i dtraidisiúin agus i saol rúndiamhair na hÉireann.
An chéad uair eile a bheidh tú ag siúl sa choill, coinnigh súil amach! Seans go bhfeicfidh tú ainmhí beag – agus seans go mbeidh an focal Gaeilge air agat.
Lean muid ar na meáin shóisialta chun leideanna rialta a fháil maidir le conas tuilleadh Gaeilge a úsáid i do shaol laethúil.