Ainmneacha Uathúla Linbh as Gaeilge do Bhuachaillí

Scríofa ag Helen de Búrca Iúil, 2024
Roinn:

Tig le hainm uathúil a roghnú do leanbh a bheith dúshlánach do thuismitheoirí. Más rud é go bhfuil ainm á lorg agat nach mbeidh ag gach páiste sa bhunscoil, seo liosta a bhailíomar de 50+ ainmneacha Gaeilge do do mhaicín chomh maith leis an mbrí nó bunús atá leo!

Ainmneacha Uathúla Linbh as Gaeilge do Bhuachaillí

Amhlaoibh

An Ghaeilge ar ‘Humphrey’ agus ‘Olaf’, is éard is brí le hAmhlaoibh ná ‘ba de shliocht na sinsear’ cloistear níos minice é i gCúige na Mumhan.


Aodán

Fearacht an ainm ‘Aodh’, tagann Aodán as an tSean-Ghaeilge, ‘Áedán’, a chiallaíonn tine bheag. Leaganacha eile den litriú atá ann ná Aodhán, Aodhagán, nó Aogán. Tagann an t-ainm Béarla ‘Aidan’ as Aodán.


Ardal

Comhfhocal Sean-Ghaelach is ea Ardal den dá fhocal ‘ard’ agus ‘gal’, a chiallaíonn ‘crógacht’ – is éard is brí leis le chéile mar sin ná ‘d’ardchrógacht’. D’fhéadfá é a litriú ar nós ‘Ardghal’ chomh maith.


Ascall

Ainm Lochlannach Gaelaithe é Ascall a thagann as an tSean-Lochlainnis ‘áss’, a chiallaíonn Dia, agus ‘ketill’, a chiallaíonn ‘cloigeann’. Ba é Ascall Mac Ragnaill an rí Gall-Ghaelach deireanach ar Bhaile Átha Cliath.


Barra

Giorrachán ar an ainm ‘Fionnbharr’, a chiallaíonn barr fionn ar cheann duine éigin. Leagan eile den litriú ná ‘Bairre’, agus tagann an t-ainm Béarla ‘Barry’ agus ‘Finbar’ uathu seo.


Bréanainn

Tagann an t-ainm Bréanainn as an tSean-Bhreatnais ‘Breenhin’, focal a chiallaíonn ‘rí’ nó ‘prionsa’.


Buadhach

Ag teacht ón tSean-Ghaeilge ‘Buaidh’, a chiallaíonn ‘bua’, is minic a úsáidtear Buadhach leis an ainm ‘Victor’ a aistriú go Gaeilge.


Cairbre

Ciallaíonn Cairbre ‘carbadóir’.


Caolán

Ciallaíonn Caolán ‘an té atá beag agus caol’.


Caoilte

Foirm nua-aimseartha den sean-ainm ‘Caílte’ is ea Caoilte. Duine de na Fianna ab ea Caílte i miotaseolaíocht na hÉireann, agus is éard is brí leis ná ‘caol’.


Coinneach

Tagann an t-ainm Coinneach as an tSean-Ghaeilge ‘caín’, a chiallaíonn ‘álainn, dathúil’.


Conán

Ciallaíonn Conán cú beag, ag teacht ón bhfocal ‘cú’.


Connla

Ag teacht ón ainm Sean-Ghaeilge ‘Conláed’, seans gur comhfhocal atá ann agus go gciallaíonn sé ‘síorthine’, le ‘áed’, a chiallaíonn tine sa tSean-Ghaeilge, agus ‘cunnail’, a chiallaíonn ‘síoraí’.


Darach

Tagann an t-ainm Darach as an tuiseal ginideach den fhocal Gaeilge ‘dair’, a chiallaíonn ‘oak’. Is minic a úsáidtear an t-ainm Darach le Gaeilge a chur ar an ainm ‘Derek’.


Deasmhumhain

Ciallaíonn Deasmhumhain ‘as Deisceart na Mumhan’, agus tagann an t-ainm Béarla ‘Desmond’ uaidh seo. Leagan giorraithe den ainm Deasmhumhain ná an t-ainm Deasún.


Donnchadh

Comhfhocal is ea Donnchadh den fhocal ‘donn’, a chiallaíonn ‘brown’, agus ‘cath’, a chiallaíonn ‘battle’. Leaganacha eile den litriú atá ann ná Donncha, Donnacha, nó Donagh. Tagann an t-ainm Béarla ‘Duncan’ uaidh seo.


Dubhán

Tagann an t-ainm Dubhán ón tSean-Ghaeilge ‘Dubán’, a chiallaíonn ‘an té atá beag agus dubh’.


Éimhín

Ag teacht ón tSean-Ghaeilge ‘éim’, ciallaíonn Éimhín ‘gasta’ nó ‘pras’. Tá ceangailt ag ainm seo leis an ainm Breatnais ‘Ifan’, agus is minic a úsáidtear é le Gaeilge a chur ar ‘Evan’.


Fachtna

Ceaptar go dtagann an t-ainm Fachtna ón tSean-Ghaeilge ‘facht’, a chiallaíonn mailís.


Faolán

Ag teacht ón tSean-Ghaeilge ‘fáel’, a chiallaíonn ‘mac tíre’, a thagann an t-ainm Faolán, agus is éard is brí leis mar sin ná ‘mac tíre beag’.


Feidhlim

Tagann Feidhlim as an tSean-Ghaeilge ‘feidil’, a chiallaíonn ‘seasmhach’. Leaganacha eile den litriú atá ann ná Feilim agus Feidhlimidh. Gaolaítear an t-ainm ‘Felix’ go dtí Feidhlim sa Ghaeilge.


Flann

Ciallaíonn Flann cródhearg sa Ghaeilge. Is é Flann O’Brien an t-ainm pinn atá ar an údar cáiliúil Éireannach, Brian O’Nolan, a scríobh An Béal Bocht.


Garbhán

Ciallaíonn Garbhán an té atá garbh agus beag. Garbhán is ainm don ollphéist san aistriúchán Gaeilge den leabhar páistí, ‘The Gruffalo’.


Gearalt

Leagan Gaeilge is ea Gearalt den ainm Gearmáinice ‘Gerald’, a chiallaíonn ‘cumhacht na sleá’. Leagan eile den ainm ná Gearóid.


Iarlaith

Ag teacht ón tSean-Ghaeilge ‘flaith’, a chiallaíonn ‘ceannasach’ nó ‘rialtóir’. D’fhéadfá é a litriú ar nós ‘Iarla’ nó ‘Iarfhlaith’. Is féidir an t-ainm ‘Earl’ a aistriú go dtí Iarla nó Iarlaith sa Ghaeilge agus tagann an t-ainm ‘Jarleth’ uaidh seo chomh maith.


Íomhar

Tagann an t-ainm Íomhar as an tSean-Lochlainnis ‘Ívarr’, agus ceaptar go gciallaíonn sé ‘saighdiúir le bogha iúire’.


Labhrás

An fhoirm Ghaelach den sloinne Rómhánach Laurentius, is éard is brí leis ná ‘de chuid chathair Laurentum’, iarchathair a bhí thart le linn Impireacht na Róimhe. Is féidir na hainmneacha ‘Laurence’, ‘Lawrence’, ‘Larry’, agus ‘Lorenzo’ a ghaolú go Labhrás.


Lachtna

Ón tSean-Ghaeilge ‘Lachtnae’ le dath bainne a chur in iúl, tagann an focal ‘lacht’ ar iasacht ón Laidin, a chiallaíonn ‘bainne’.


Lochlainn

Tagann Lochlainn ón tSean-Ghaeilge ar Lochlannach, ‘Lochlann’. D’fhéadfá é a litriú ar nós ‘Lochlann’ chomh maith, agus tagann an t-ainm Béarla ‘Lockie’ uaidh seo.


Lomán

Ciallaíonn Lomán ‘an té atá lom agus beag’ agus tagann sé ón bhfocal ‘lom’ sa Ghaeilge, a chiallaíonn ‘bare’.


Lonán

Ciallaíonn Lonán ‘lonn dubh beag’, agus tagann sé ón tSean-Ghaeilge ‘lon’, a chiallaíonn ‘blackbird’.


Lorcán

Is éard is brí le Lorcán ná ‘an té atá beag agus fíochmhar’ agus tagann sé ón tSean-Ghaeilge ‘lorcc’, a chiallaíonn ‘fíochmhar’.


Macdara

Ciallaíonn Macdara ‘Mac Darach’ agus cloistear níos minice é i gConnamara.


Mainchín

Ag teacht ón tSean-Ghaeilge ‘manach’, ciallaíonn Mainchín ‘manach beag’. Tagann an t-ainm ‘Mannix’ uaidh seo.


Manus

Tagann Manus ón Laidin ‘Magnus’, a chiallaíonn ‘ollmhór’.


Maolsheachlann

Comhfhocal is ea Maolsheachlann a thagann tSean-Ghaeilge ‘máel’, a chiallaíonn ‘leantóir’ nó ‘deisceabal’ agus is éard is brí leis ina iomlán ná ‘duine de dheisceabail Naomh Seachnall’. Leaganacha eile den litriú atá ann ná Maeleachlainn, Leachlann, agus Maolcholaim. Tagann an t-ainm ‘Malachy’ uaidh seo agus is féidir Maolcholaim a úsáid le Gaeilge a chur ar ‘Malcolm’.


Mathúin

Ag teacht ón ainm Sean-Ghaelach ‘Mathgamain’, comhfhocal atá ann atá déanta as an dá fhocal ‘math’, a chiallaíonn ‘béar’, agus ‘gamuin’, a chiallaíonn ‘gamhain’.


Meallán

Ag teacht ón tSean-Ghaeilge ‘Mellán’, a chiallaíonn ‘an té atá beag agus aoibhinn’.


Murchadh

Comhfhocal is ea Murchadh den dá fhocal ‘muir’ agus ‘cath’.


Naomhán

Tagann Naomhán ón bhfocal ‘naomh’, agus is éard is brí leis ná ‘naomh beag’. Tagann an t-ainm Béarla ‘Nevan’ uaidh seo.


Odhrán

Ag teacht ón bhfocal Sean-Ghaelach ‘odar’ le cur síos a dhéanamh ar dhath liathdhonn nó crón, is éard is brí le hOdhrán ná ‘an té atá beag agus griandaite’. Tagann na hainmneacha Béarla Oran agus Odran uaidh seo, agus cloistear é níos minice i gCúige Uladh.


Piaras

Leagan Gaelach is ea Piaras den ainm Meánaoiseach ‘Piers’, a chiallaíonn ‘cloch’.


Pilip

Leagan Gaelach is ea Pilib den ainm Sean-Ghréagach ‘Philippos’, a chiallaíonn ‘cara na gcapall’.


Raghnall

Tagann an t-ainm Raghnall ón ainm Sean-Lochlannach Ragnvaldr, a chiallaíonn ‘ceannchomhairle’.


Riagán

Ag teacht ón bhfocal ‘rí’, is éard is brí le Riagán ná ‘rí beag’. Leaganacha eile den litriú atá ann ná Ríoghán agus Riacán.


Ruadhán

Tagann Ruadhán ón bhfocal Sean-Ghaelach ‘rúad’, a chiallaíonn ‘rua’, agus is éard is brí leis an ainm ná ‘an té atá beag agus rua’.


Ruarc

Ag teacht ón ainm Sean-Ghaelach ‘Ruarc’, ceaptar go dtagann sé as an an bhfocal Sean-Ghaelach ‘rúad’, a chiallaíonn ‘rua’, nó b’fhéidir go dtagann sé ón ainm Sean-Lochlannach ‘Hrǿríkr’, a chiallaíonn ‘rialóir inmholta’.


Seachnall

Ceaptar gur leagan Gaeilge is ea Seachnall den ainm Rómhánach Secundinus, agus ciallaíonn sé sin ‘an dara duine’. Leagan eile den ainm ná Seachlann.


Séaghdha

Tagann Séaghdha ón bhfocal Sean-Ghaelach ‘ségda’ le cur síos a dhéanamh ar dhuine atá uasal, moltach, agus léannta. Leaganacha eile atá ann den ainm ná Sé, Séada, nó Séadhna.


Seathrún

Tagann Seathrún ón ainm Normann ‘Geoffrey’, agus is éard is brí leis ná ‘síocháin Dé’. Leaganacha eile atá ann den ainm ná Siothrún, Sioffraidh, agus Séathra. Is féidir Seathrún a úsáid le Gaeilge ar ‘Jeff’ nó ‘Jeffrey’ chomh maith.


Senán

Ag teacht ón bhfocal Sean-Ghaelach ‘sen’, a chiallaíonn ‘sean’, is éard is brí le Senán ná ‘an té atá beag agus sean’.


Tiarnán

Tagann Tiarnán ón bhfocal Sean-Ghaelach do thiarna, ‘tigerna’, agus is éard is brí leis ina iomlán ná ‘tiarna beag’. Leaganacha eile den ainm atá ann ná ‘Tighearnán’ agus ‘Tiarnach’.


Toirdhealbhach

Tagann Toirdhealbhach ón bhfocal Sean-Ghaelach ‘tairdelb’, a chiallíonn ‘gríosúil’. Leaganacha eile den ainm atá ann ná Tairdelbach, Traolach, agus Tarlach. Tagann an t-ainm Béarla ‘Turlough’ uaidh seo chomh maith, agus Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin an t-ainm a bhí ar dhuine de na cruitirí agus na cumadóirí is mó le rá i gceol na hÉireann.


Túathal

Comhfhocal is ea Túathal den dá fhocal Sean-Ghaelach, ‘túath’, a chiallaíonn ‘tuath’, agus ‘fal’, a chiallaíonn ‘riail’ – is éard is brí leis ina iomlán mar sin ná ‘rialóir na ngnáthdhaoine’.


Ultán

Is éard is brí leis an ainm Ultán ná ‘Ultach beag’.


Má chuireann tú spéis i saol an Bhéaloidis, cuirfear tús arís le cúrsaí cultúrtha trí mheán na Gaeilge ag Gaelchultúr i mí Mheán Fómhair. Ó nósanna réamh-Chríostaíochta go traidisiún na scéalaíochta, ó phiseoga go dtí an domhan draíochtúil osnádúrtha, sna cúrsaí seo pléitear cuid de na gnéithe is suimiúla de bhéaloideas na nGael. Is féidir tuilleadh a fhoghlaim nó clárú ar chúrsa cultúrtha linn ar Gaelchultur.com.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: