Gan Fada? Ní dada é! Conas an Síneadh Fada a Chlóscríobh

Scríofa ag Helen de Búrca Nollaig, 2023
Roinn:

Tá neart samplaí ann sa Ghaeilge a léiríonn an tábhacht atá leis an síneadh fada. Mar an t-aon chomhartha diaicritice amháin sa Ghaeilge, is gá a bheith ar an airdeall faoi shíneadh fada i bhfocal agus tú ag scríobh trí mheán na Gaeilge. D’fhéadfadh an líne bheag sin ar bharr guta ciall an fhocail a athrú go hiomlán, agus i gcásanna áirithe d’fhéadfadh ciall an fhocail a scríobhadh trí thimpiste náire a chur ar an scríbhneoir!


Tá amhras ort faoi sin, an bhfuil? Is furasta go leor dúinn é a chruthú!


Milseog dheas atá i gcáca, ach ná hordaigh ‘caca’ agus tú sa bhácús!


Ceapfaidh daoine go bhfuil seanéadaí lán le poill agat má thugann tú ‘briste’ ar do bhríste!


Bí deas le Seán – ná tabhair ‘sean’ air agus a aois a chur i gcuimhne dó!


Gan Fada? Ní dada é! Conas an Síneadh Fada a Chlóscríobh

Tá tuilleadh samplaí ar fáil ach tá ár bpointe déanta againn – bíodh meas agat ar an síneadh fada! Anois, conas is féidir síneadh fada a chlóscríobh? Bhuel, ag brath ar an ngléas atá in úsáid agat, tá an iliomad bealaí ann le fada a chur thar ghuta. Seo treoir daoibh faoi na bealaí éagsúla chun an síneadh fada a chlóscríobh ar ríomhaire agus ar ghuthán.


Ar Windows (Eoraip):

Brúigh síos an cnaipe ‘Alt gr’ agus an guta le chéile.

Mar shampla: Alt gr + a = á


Ar Windows (Stáit Aontaithe):

Brúigh síos an cnaipe ‘Ctrl’ agus an cnaipe d’uaschamóg le chéile. Scaoil ag an am céanna iad agus ansin má bhrúnn tú guta ar bith beidh fada air.

Mar shampla: Ctrl + ‘ -> scaoileadh -> + a = á


Ar Mac:

Ag brath ar an leagan atá agat, brúigh síos an cnaipe ‘⌥ Option’ nó an cnaipe ‘Alt option’ agus guta le chéile.

Mar shampla: ⌥ Option / Alt option + a = á


Ar Tháibléad nó ar Ghuthán Cliste:

Brúigh síos ar an nguta agus coimeád do mhéar air go dtí go dtiocfaidh roghchlár aníos de na roghanna aicinn ar fad. Ansin sleamhnaigh do mhéar trasna go dtí an guta ar a bhfuil an síneadh fada.

Mar shampla: Brúigh agus coimeád do mhéar ar an gcnaipe ‘a’ + fan + sleamhnaigh do mhéar go dtí ‘á’ + scaoil do mhéar = á


Tá súil againn gur cuidiú é seo dóibh siúd a raibh mearbhall orthu faoi conas síneadh fada a chlóscríobh. Má tá spéis agat i gcruinneas na Gaeilge, seans go mbeadh suim agat inár ‘nDianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge’? Dírítear sa Dianchúrsa ar chruinneas gramadaí, ar chúrsaí stíle agus ar an aistriúchán. Cuirtear béim ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge chomh maith.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: