An CEFR a Thuiscint: An Caighdeán Idirnáisiúnta Taobh Thiar de Chúrsaí Ghaelchultúir

Scríofa ag Clíodhna Ní Chorráin Meitheamh, 2026
Roinn:

Tá cúrsaí Gaeilge Ghaelchultúir leagtha amach de réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET, nó CEFR as Béarla), an córas aitheanta idirnáisiúnta a úsáidtear chun inniúlacht teanga a thomhas.

An CEFR a Thuiscint: An Caighdeán Idirnáisiúnta Taobh Thiar de Chúrsaí Ghaelchultúir

Bíodh tú ag foghlaim Gaeilge, Fraincise, Spáinnise, Gearmáinise nó teanga eile, creat comhchoiteann is ea an CEFR lenar féidir leat do leibhéal reatha - agus an chéad chéim eile i d’aistear foghlama - a aithint. Clúdaítear gach leibhéal sa chreat ó A1 (tosaitheoirí) go C2 (sárchumas).

Cad é an CEFR?

Comhairle na hEorpa a d’fhorbair an Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET, nó CEFR as Béarla) agus seoladh go hoifigiúil é sa bhliain 2001 tar éis blianta fada de chomhoibriú idir saineolaithe teanga, oideachasóirí agus taighdeoirí ó gach cearn den Eoraip.

Ba é an cuspóir a bhí leis ná córas comhroinnte a chruthú chun cur síos ceart a dhéanamh ar inniúlacht teanga. Roimh an CEFR, d'fhéadfadh ciall éagsúil a bheith le téarma ("tosaitheoir", "meánleibhéal" nó "ardleibhéal", cuir i gcás) ag brath ar an scoil, an múinteoir nó an tír. Thug an CEFR caighdeán comhchoiteann isteach, a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar gach teanga.

Sa lá atá inniu ann, úsáidtear é ag scoileanna teanga, ollscoileanna, boird scrúduithe agus gnólachtaí ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Tugann sé deis d'fhoghlaimeoirí a gcumas teanga a léiriú trí úsáid a bhaint as leibhéil atá aitheanta go hidirnáisiúnta.

Faoin CEFR roinntear foghlaimeoirí teanga i 6 leibhéal:

Leibhéal CEFR Cur Síos
A1 Tosaitheoir
A2 Bonnleibhéal
B1 Meánleibhéal
B2 Ard-Mheánleibhéal
C1 Ardleibhéal
C2 Sárchumas Teanga

Tá na leibhéil seo roinnte ina dtrí chatagóir níos leithne:

Úsáideoir Bunúsach (A1–A2)

Is féidir le foghlaimeoirí ag na leibhéil seo cumarsáid a dhéanamh i gcomhthéacsanna simplí laethúla agus focail choitianta agus nathanna cainte coitianta a thuiscint.

Úsáideoir Neamhspleách (B1–B2)

Is féidir le foghlaimeoirí cumarsáid a dhéanamh le níos mó muiníne, páirt a ghlacadh i gcomhráite agus plé le réimse leathan comhthéacsanna ón bhfíorshaol go neamhspleách.

Úsáideoir Oilte (C1–C2)

Is féidir le foghlaimeoirí an teanga a úsáid go líofa agus go héifeachtach i gcomhthéacsanna gairmiúla, acadúla agus sóisialta.

An Chaoi a nÚsáideann Gaelchultúr an CEFR

Ag Gaelchultúr, tá ár gcúrsaí uile ailínithe leis an CEFR. Mar gheall air seo, tá conair ag foghlaimeoirí atá soiléir agus aitheanta go hidirnáisiúnta ó leibhéal an tosaitheora go dtí sárchumas teanga.

Tá struchtúr ár gcúrsaí ag teacht leis na 6 leibhéal den CEFR:

Cúrsa Ghaelchultúir Leibhéal CEFR
Bonnleibhéal 1 A1
Bonnleibhéal 2 A2
Meánleibhéal 1 B1
Meánleibhéal 2 B2
Ardleibhéal 1 C1
Ardleibhéal 2 C2

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na leibhéil éagsúla trí chliceáil ar an gcúrsa cuí thíos.

An CEFR agus Cáilíochtaí Idirnáisiúnta Gaeilge

Is é Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) an chéad chóras le haghaidh scrúduithe inniúlachta sa Ghaeilge atá aitheanta go hidirnáisiúnta d'fhoghlaimeoirí fásta. Tá cáilíochtaí TEG, atá á riar ag Ollscoil Mhá Nuad, ailínithe go ginearálta leis an CEFR don léitheoireacht, don scríbhneoireacht, don éisteacht agus don labhairt.

Cúrsaí Ullmhúcháin TEG ag Gaelchultúr ag réimse leibhéal do dhaoine ar mian leo ullmhú do scrúdú TEG trí na scileanna agus an mhuinín a theastaíonn sna scrúduithe a fhorbairt.

Cén Tábhacht a Bhaineann le Leibhéil an CEFR?

Ní scoileanna teanga agus comhlachtaí scrúduithe amháin a úsáideann an CEFR. Tá fostóirí ag úsáid leibhéil an CEFR níos minice anois chun na scileanna teanga atá riachtanach do róil áirithe a shainiú.

De réir mar atá Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm in Éirinn, tá scileanna Gaeilge ag éirí níos luachmhaire san ionad oibre, go háirithe san earnáil phoiblí. Is minic a iarrtar ar iarrthóirí leibhéal áirithe Gaeilge a léiriú de réir chreat féinmheasúnaithe Europass.

Ní hamháin, mar sin, gur bealach iad leibhéil an CEFR chun dul chun cinn a thomhas – is tagarmharcanna iad freisin atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a chuidíonn le foghlaimeoirí a gcumas teanga a léiriú d'fhostóirí agus d'institiúidí oideachais.

Cibé acu is mian leat níos mó Gaeilge a úsáid ag an obair, cáilíocht aitheanta a bhaint amach trí TEG nó do mhuinín sa teanga a fheabhsú cuireann cúrsaí Ghaelchultúir, atá ailínithe leis an CEFR, bealach soiléir ar fáil duit ó A1 go C2.

Níl Tú Cinnte Cén Leibhéal atá Ceart Duit?

Bíonn sé deacair ar go leor foghlaimeoirí a gcumas teanga féin a mheas, go háirithe mura bhfuil an Ghaeilge foghlamtha ná úsáidte acu ó bhí siad ar scoil.

Chun cabhrú le foghlaimeoirí an pointe tosaigh is oiriúnaí a aimsiú, cuireann Gaelchultúr measúnú Gaeilge saor in aisce ar líne ar fáil. Tugann an measúnú moladh maidir le leibhéal CEFR, rud a chuidíonn leat an cúrsa is fearr a roghnú bunaithe ar do chumas reatha.

Cibé acu atá tú ag glacadh do chéad chéimeanna sa Ghaeilge nó ag filleadh ar an teanga tar éis blianta fada, cuireann an CEFR treochlár soiléir ar fáil don dul chun cinn. Tríd an gcreat aitheanta idirnáisiúnta seo a leanúint, tugann cúrsaí Ghaelchultúir deis d'fhoghlaimeoirí a muinín agus a scileanna teanga a fhorbairt céim ar chéim, ó A1 go C2.

Réidh le do Leibhéal a Aimsiú?

Déan ár measúnú Gaeilge saor in aisce ar líne inniu agus faigh amach cén cúrsa de chuid Ghaelchultúir atá ceart duit.

Roinn: