8 mBuntáiste Uathúla a Bhaineann le Cúrsaí Gaeilge Ghaelchultúir
An bhfuil tú fós idir dhá chomhairle maidir le cúrsa Gaeilge a dhéanamh le Gaelchultúr? Má tá, b’fhéidir go spreagfaidh na buntáistí thíos thú chun an chéad chéim eile a ghlacadh ar d’aistear foghlama linn an téarma seo...
1. Is coláiste tríú leibhéal muid
Is é Gaelchultúr, a bunaíodh in 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge.
2. Aitheantas náisiúnta mar an scoil teanga is fearr in Éirinn
Ainmníodh Gaelchultúr mar an Scoil Teanga is Fearr in Éirinn den ceathrú huair ag na Gradaim Oideachais in 2026, tar éis dúinn an gradam céanna a bhuachan in 2022, 2023 agus 2025. Cúis mhór bhróid atá ann ní hamháin d’fhoireann an choláiste ach do phobal na Gaeilge i gcoitinne gur éirigh le scoil mhionteanga an lámh in uachtar a fháil arís ar scoileanna eile ina múintear mórtheangacha ag na gradaim náisiúnta seo. Is aitheantas suntasach é seo ar an mbéim a chuireann Gaelchultúr ar sháracadúlacht agus ar an nuálaíocht ina misean.
3. Réimse leathan cúrsaí ar fáil
Mar an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan, cuireann Gaelchultúr réimse leathan roghanna ar fáil. Reáchtálaimid cúrsaí Gaeilge ar líne agus ar an láthair, chomh maith le cúrsaí d’fhoghlaimeoirí i Meiriceá Thuaidh (EST) agus cúrsaí trí mheán na Gearmáinise. Cibé leibhéal nó sceideal atá agat, tá cúrsa againn duit.
4. Acmhainní foghlama breise ar ranganna.com (luach €45)
Chomh maith leis na ranganna beo ar líne, faigheann foghlaimeoirí rochtain ar chlár (ar luach €45) ar ardán ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, rud a thugann deis dóibh a gcuid scileanna teanga a fhorbairt ar a luas féin, lasmuigh den seomra ranga trí chleachtaí spreagúla idirghníomhacha.
5. Lámhleabhar cuimsitheach digiteach
Roimh thús an chúrsa faigheann gach foghlaimeoir lámhleabhar digiteach cuimsitheach ina bhfuil ábhar gach ranga. Cabhraíonn an lámhleabhar seo leo dul chun cinn suntasach a dhéanamh le linn an chúrsa agus feidhmíonn sé mar áis thagartha fiú i ndiaidh dóibh a gcúrsa a chur i gcrích.
6. Teastas rannpháirtíochta
Bronntar teastas rannpháirtíochta ar fhoghlaimeoirí a fhreastalaíonn ar sheacht gcinn, ar a laghad, de na deich rang.
7. Rochtain ar Lárionad na bhFoghlaimeoirí
Tá fáil ag gach foghlaimeoir ar Lárionad na bhFoghlaimeoirí, áit ar féidir leo a n-aistear foghlama a rianú agus teacht ar ábhar an chúrsa agus acmhainní eile ag an am céanna.
8. Pobal domhanda gníomhach
Tá breis agus 60,000 foghlaimeoir ar fud an domhain tar éis cúrsa a dhéanamh le Gaelchultúr. Nuair a chláraíonn tú linn, is ball thú dár bpobal bríomhar Gaeilge. I measc na ndeiseanna foghlama breise atá ar fáil do phobal Ghaelchultúir tá ClubLeabhar.com agus imeachtaí saor in aisce trí Ghréasán na Gaeilge. Níl sa chúrsa ach an chéad chéim i d’aistear foghlama ilghnéitheach linn.