Baineann Gaelchultúr Dhá Mhórdhuais Amach ag na Gradaim Oideachais 2026
Tá dhá mhórghradam náisiúnta bainte amach ag Gaelchultúr ag na Gradaim Oideachais, 2026 agus aitheantas tugtha dó mar an Scoil Teanga is Fearr in Éirinn agus don Chomhoibriú is Fearr, as comhpháirtíocht nuálach i gcomhar le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB).
Leagann na haitheantais seo béim ar cheannaireacht leanúnach Ghaelchultúir i réimse oideachas na Gaeilge, chomh maith le tiomantas an choláiste don nuálaíocht, don inrochtaineacht agus do thionchar praiticiúil a imirt trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha.
Leis an ngradam An Comhoibriú is Fearr – Náisiúnta (Forbairt Eacnamaíoch, Dhigiteach agus san Fhórsa Saothair) aithnítear an chomhpháirtíocht cheannródaíoch idir Gaelchultúr agus MSLETB, a dhíríonn ar oiliúint Ghaeilge atá creidiúnaithe ag QQI agus atá lánmhaoinithe a chur ar fáil, agus í ailínithe le riachtanais fhórsa saothair an lae inniu. Sháraigh an tionscnamh seo constaicí rochtana agus chuir sé ar chumas gairmithe scileanna praiticiúla Gaeilge a fhorbairt is féidir leo a chur i bhfeidhm láithreach ina gcuid oibre.
Agus é ag labhairt i ndiaidh an fhógra, dúirt Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir: ‘Is dearbhú láidir iad an dá ghradam seo ar an obair atá á déanamh againn chun an bealach a fhoghlaimítear agus a n-úsáidtear an Ghaeilge sa lá atá inniu ann a neartú. Léiríonn siad ár dtiomantas d’fheabhas an oideachais, don nuálaíocht sa soláthar, agus d’oiliúint Ghaeilge ardchaighdeáin inrochtana ag an oiread daoine agus is féidir a chinntiú. Is sampla soiléir í ár gcomhpháirtíocht le MSLETB den chaoi ar féidir leis an nGaeilge tacú le dul chun cinn gairme agus luach a chruthú do dhaoine, d’eagraíochtaí agus don gheilleagar i gcoitinne.’
Bhí éileamh agus torthaí eisceachtúla ag baint leis an gcomhpháirtíocht seo le MSLETB mar is léir ó rannpháirtíocht leanúnach na bhfoghlaimeoirí, rátaí arda críochnaithe agus aiseolas thar a bheith dearfach. Trí shaineolas acadúil a chomhcheangal le tosaíochtaí forbartha an fhórsa saothair, aithnítear an Ghaeilge mar scil phraiticiúil ghairmiúil atá ailínithe le beartais náisiúnta agus le riachtanais eacnamaíocha.
Dúirt Tom Grady, Príomhfheidhmeannach MSLETB: ‘Tugann an tionscadal seo deis d’fhostóirí agus d’fhostaithe inniúlacht ghairmiúil sa Ghaeilge a chomhtháthú ina gcuid scileanna. Cuireann cúrsaí praiticiúla mar seo cáilíochtaí aitheanta agus bealaí forbartha gairme ar fáil do dhaoine aonair laistigh den ionad oibre.’
Tá tionchar suntasach ag an gcomhpháirtíocht cheana féin ar fhorbairt an fhórsa saothair san iarthar agus san iarthuaisceart trí ghairmithe a chumasú scileanna praiticiúla Gaeilge a úsáid ina róil láithreach. Tacaíonn sí freisin le cuspóirí beartais náisiúnta faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus ailíníonn sí leis an éileamh méadaithe ar an nGaeilge sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha.
Tá an chomhpháirtíocht ag dul ó neart go neart in 2026 tar éis d’Údarás na Gaeltachta teacht ar bord, cuirfidh seo le rochtain, neartóidh sé bealaí chun dul chun cinn a dhéanamh agus leathnófar an tionchar ar fud na tíre.
Reáchtáladh searmanas na nGradam Oideachais ar an 16 Aibreán in The Johnstown Estate, Contae na Mí, áit ar ceiliúradh barr feabhais agus nuálaíocht ar fud earnáil an oideachais in Éirinn.