Comhpháirtíocht nua fógartha ag Gaelchultúr le CLG Átha Cliath chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar an bpáirc agus lasmuigh di
Tá comhpháirtíocht nua fógartha ag Gaelchultúr i gcomhar le CLG Átha Cliath, a bhfuil sé mar aidhm aici infheictheacht, inrochtaineacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú i gcluichí Gaelacha ar fud na príomhchathrach.
Seoladh an chomhpháirtíocht go hoifigiúil i bPáirc Parnell Dé Sathairn, an 12 Meán Fómhair. Mar chuid den tionscadal, cuirfear 50 scoláireacht Ghaeilge ar fáil d’imreoirí contae Bhaile Átha Cliath, rud a thabharfaidh deis dóibh a gcuid Gaeilge a fhorbairt ar chúrsaí móréilimh Ghaelchultúir.
‘Tá an Ghaeilge agus na cluichí Gaelacha fite fuaite i saol na hÉireann leis na glúnta. Tá ár n-imreoirí contae ar na hambasadóirí is feiceálaí atá againn ar son chultúr comhaimseartha na hÉireann, agus nuair a labhraíonn siad Gaeilge, tugann siad ardán cumhachtach don teanga. Tríd an gcomhpháirtíocht seo le CLG Átha Cliath, ba mhaith linn tuilleadh deiseanna a chruthú d’imreoirí an Ghaeilge a fhoghlaim, a labhairt agus a chur chun cinn, ar an bpáirc agus lasmuigh di.’
Is í an chomhpháirtíocht le CLG Átha Cliath an tionscnamh is déanaí atá forbartha ag Gaelchultúr chun an Ghaeilge a dhéanamh níos inrochtana agus níos feiceálaí i gcluichí náisiúnta na hÉireann. Cuireann an scéim leis na comhpháirtíochtaí leanúnacha atá ag an gcoláiste le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus Cumann Imreoirí Gael (GPA), chomh maith lena urraíocht ar Na Gaeil Óga.
Trína chomhpháirtíochtaí in earnáil na gcluichí Gaelacha, cuireann Gaelchultúr scoláireachtaí, cúrsaí Gaeilge, acmhainní foghlama agus tacaíochtaí teanga eile ar fáil. Is ionann sin agus infheistíocht de thart ar €50,000 in aghaidh na bliana chun tacú le húsáid agus forbairt na Gaeilge sna cluichí Gaelacha.
Dúirt Séamie Ó Néill, Oifigeach don Ghaeilge agus don Chultúr, CLG Átha Cliath: ‘Is deis iontach iad na scoláireachtaí seo d’imreoirí Bhaile Átha Cliath a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt. Rachaidh siad chun tairbhe dóibh siúd a bhfuil grá acu don teanga, chomh maith leo siúd ar mian leo cur lena gcuid scileanna Gaeilge chun leas a bhaint astu ina ngairm bheatha. Agus tá súil againn go gcloisfimid i bhfad níos mó agallamh i nGaeilge ar TG4 amach anseo.’
Léiríonn an chomhpháirtíocht nua seo an uaillmhian chomhroinnte atá ag Gaelchultúr agus CLG Átha Cliath deiseanna praiticiúla a chruthú chun an Ghaeilge a fhoghlaim, a úsáid agus a cheiliúradh, agus ar an gcaoi sin, láithreacht na teanga ar an bpáirc agus lasmuigh di a neartú.