Frásaí Gaeilge do Chruinnithe Oibre
Tá ról níos lárnaí ag an nGaeilge san ionad oibre anois ná mar a bhí riamh. Ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 i bhfeidhm, tá eagraíochtaí ar fud na tíre, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a fhí isteach go héifeachtach agus go nádúrtha i gcumarsáid laethúil na hoibre.
Má tá tú sa tóir ar bhealach simplí le tuilleadh Gaeilge a spreagadh i measc na foirne is cinnte go gcabhróidh na frásaí bunúsacha seo leat.
Cuir tús leis an gcruinniú…
Dia daoibh ar fad.Hello everyone.
Fáilte romhaibh go léir.You’re all very welcome.
An bhfuil gach duine anseo?Is everyone here?
An féidir linn tosú?Can we begin?
Cuirimis tús leis an gcruinniú.Let’s start the meeting.
Cad atá ar an gclár oibre inniu?What’s on today’s agenda?
Gabhaim buíochas libh as bheith anseo inniu.Thank you all for being here today.
Tosóimid anois.We’ll get started now.
Roinn do thuairimí…
I mo thuairim…In my opinion…
Ceapaim féin…I think…
Aontaím leat.I agree with you.
Ní aontaím go hiomlán leis sin.I don’t completely agree with that.
Sin pointe maith.That’s a good point.
Ba mhaith liom rud amháin a chur leis.I’d like to add one thing.
Cad a cheapann tú/sibh féin?What do you/you (plural) think?
Frásaí do chruinnithe fíorúla…
An féidir leat do mhicreafón a chur ar siúl?Can you turn on your microphone?
Tá tú balbhaithe.You’re on mute.
An bhfeiceann gach duine mo scáileán?Can everyone see my screen?
Tá nasc idirlín lag agam.My connection is weak.
Seolfaidh mé ríomhphost ina dhiaidh seo.I’ll send an email afterwards.
Cuir críoch leis an gcruinniú…
Sin deireadh leis an gcruinniúThat’s the end of the meeting.
Go raibh maith agaibh as bhur gcuid ama.Thank you (plural) for your time.
Gabhaim buíochas libh go léir.Thank you all.
Beimid i dteagmháil arís go luath.We’ll be in touch again soon.
Seolfar na miontuairiscí amach níos déanaí.The minutes will be sent out later.
Má tá aon cheist eile agaibh, cuirigí scéala chugam.If you have any other questions, let me know.
Guím gach rath oraibh don tseachtain amach romhainn.Wishing you all the best for the week ahead.
Slán agus bainigí taitneamh as an gcuid eile den lá.Goodbye and enjoy the rest of your day.
Ó bhí 2005 ann, tá Gaelchultúr tar éis seirbhísí oiliúna a sholáthar do bhreis is 200 eagras de chuid na hearnála poiblí agus is ceannaire margaidh é an coláiste san earnáil oiliúna Gaeilge. Tá réimse leathan sainchúrsaí forbartha ag Gaelchultúr a thugann deis d’fhostaithe de chuid na earnála poiblí a gcuid scileanna teanga a threisiú le go mbeidh sé de chumas acu dualgas teanga na heagraíochta a chomhlíonadh agus deiseanna fostaíochta nua a thapú. I dteannta na gcúrsaí teanga, cuireann Gaelchultúr cúrsaí proifisiúnta ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge chun tacú lena bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil.
Tar i dteagmháil linn le tuilleadh a fhoghlaim faoi na cúrsaí seo.