Na Cúig Dhualgas is Tábhachtaí le Comhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Márta, 2023
Roinn:

Is minic a dhéantar tagairt d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 sna meáin ó foilsíodh é i mí na Nollag 2021. Le os cionn bliain anuas tá eagraíochtaí agus fostaithe stáit freagrach as leasuithe nua an Achta a chur i bhfeidhm, ach tá éiginnteacht ann maidir leis na dualgais a bhaineann leis na leasuithe nua seo.

Na Cúig Dhualgas is Tábhachtaí le Comhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021

Amhail aon cháipéis mhór fhada eile, féadann sé a bheith dúshlánach gach cuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla a thuiscint. Le do thasc féin a dhéanamh rud beag níos éasca tá foireann Ghaelchultúir tar éis an t-acht a léamh go mion agus tá liosta déanta againn de na rudaí is tábhachtaí ar cheart d’fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bheith feasach orthu agus iad ag iarraidh a ndualgais i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

Forbraíodh agus foilsíodh an tAcht faoi stiúir an Choimisinéara Teanga agus a oifig. Oifig neamhspleách is ea Oifig an Choimisinéara Teanga a fheidhmíonn mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht chomhlíontachta. Tá sé mar sprioc ag an reachtaíocht ríthábhachtach seo an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge a chosaint agus a threisiú sna blianta atá amach romhainn. Déanfar é seo trí na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal trí Ghaeilge a fheabhsú agus a chaighdeánú thar thréimhse ama. Déantar tagairt san Acht do roinnt forálacha breise a éilítear ar chomhlachtaí poiblí agus chuireamar na forálacha seo san áireamh san achoimre seo a leanas:

1. Earcaíocht

Is dócha go bhfuil trácht cloiste agat faoin am seo faoin leasú spreagúil seo ach ar eagla nach bhfuil, tá sé leagtha amach san Acht go mbeidh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoin mbliain 2030. Is scéala iontach é seo ní hamháin don teanga féin ach do phobal uile na Gaeilge, a bhfuil buntáiste acu ó thaobh na ndeiseanna nua fostaíochta seo.

Tá sé níos tairbhí anois ná riamh snas a chur ar do chuid Gaeilge agus cruinneas a bhaint amach sa teanga. Tá go leor bealaí áisiúla ann le do chumas teanga a fheabhsú na laethanta seo idir chúrsaí ríomhfhoghlama agus chúrsaí Gaeilge ar líne. Bí i gceannas ar do ghairmréim agus bain na scileanna cuí teanga amach leis na deiseanna fostaíochta nua seo a thapú.

2. Margaíocht agus Brandáil

Is mó an bhéim atá ar an margaíocht agus ar an bhfógraíocht trí mheán na Gaeilge san Acht leasaithe seo. Foilsíodh foráil san Acht ina leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a chur faoi bhráid aicme den phobal i nGaeilge. Ar a bharr sin, ní mór do 20% dá n-ábhar fógraíochta a bheith i nGaeilge agus nach lú ná 5% dá gcaiteachas bliantúil fógraíochta a bheith chun na críche sin. Lena chois sin, ní mór dóibh an t-ábhar fógraíochta sin a fhoilsiú sna meáin Ghaeilge. Foilsíodh foráil chomh maith lena chinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh lógónna comhlachtaí poiblí as seo amach.

3. Seirbhísí Gaeilge Caighdeánacha

Sular foilsíodh an tAcht i mí na Nollag 2021, bhí a scéim teanga faoi leith á forbairt agus á cur i bhfeidhm ag gach comhlacht stáit ach cuirfear deireadh leis na scéimeanna sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.

Is é aidhm na forála seo ná go ndéanfar caighdeánú ar na seirbhísí agus na córais a chuirtear ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge agus go dátheangach. Mairfidh na scéimeanna reatha, áfach, go dtí go gcuirfear Caighdeáin ina n-áit.

4. Cumarsáid Chomhsheasmhach

Ó foilsíodh an tAcht den chéad uair in 2003 éilítear ar gach comhlacht stáit ríomhphoist agus litreacha a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna (Gaeilge nó Béarla) inar scríobhadh iad. Agus an chumarsáid dhigiteach ag dul i méid i gcónaí, sna leasuithe nua reachtaíochta éilítear ar fhostaithe stáit an cleachtas céanna a chur i bhfeidhm go seasta i gcomhfhreagras a dhéantar trí na meáin shóisialta chomh maith.

Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an t-eolas ar fad a roinntear leis an bpobal, margaíocht phoiblí ghinearálta agus shonrach san áireamh, i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla as seo amach.

Más fostaí de chuid na hearnála poiblí thú agus tú ag iarraidh feabhas a chur ar do scileanna cumarsáide trí mheán na Gaeilge, molaimid duit tabhairt faoi na cúrsaí Cúram Custaiméirí, an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil nó an Dianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge le Gaelchultúr.

5. An Síneadh Fada

Is cinnte go bhfuil gach Seán agus Gráinne sa tír ag gabháil buíochais leis an gCoimisinéir as an bhforáil áirithe seo. Faoin Acht leasaithe déanfar córais TFC an stáit a nuashonrú ionas gur féidir ainm, seoladh nó teideal duine i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid go cruinn. Ar ámharaí an tsaoil, tá deireadh ag teacht le laethanta GrÃ΄inne!

Níl aon amhras ach go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ag croílár ré nua don Ghaeilge. Tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart agus táimid ag tnúth go mór le tionchar an Achta seo ar an teanga a fheiceáil sna blianta amach romhainn.

Is féidir an tAcht a léamh ina iomláine ach cliceáil ar an nasc seo.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: