Ainmneacha Uathúla Ilinscne Linbh ó Bhéaloideas na hÉireann

Scríofa ag Clíodhna Ní Chorráin Bealtaine, 2026
Roinn:

- agus an bhrí atá leo! Tá méadú ag teacht i gcónaí ar an spéis atá ag daoine sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann ar fud an domhain.

Rinneadh iniúchadh ar dhearcadh an phobail i leith na teanga agus na Gaeltachta i mórstaidéar náisiúnta nua a rinne Amárach Research i gcomhar le Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta. Thug 73% de dhaoine fásta faoi bhun 35 bliana d’aois le fios gur mian leo a gcuid scileanna teanga a neartú.

Chomh maith leis sin, tá níos mó tuismitheoirí ag roghnú ainmneacha Gaeilge dá bpáistí – ainmneacha atá álainn, atá saibhir ó thaobh oidhreachta agus staire de, agus atá fréamhaithe inár mbéaloideas agus inár miotaseolaíocht. Tá an-tóir anois freisin ar ainmneacha ilinscne – ainmneacha a oireann do dhuine ar bith agus a thugann saoirse agus pearsantacht ar leith leo.

Ainmneacha Uathúla Ilinscne Linbh ó Bhéaloideas na hÉireann

Tuigimid, i nGaelchultúr, nach éasca an rud é ainm a roghnú do pháiste nua. Is minic a bhíonn daoine sa tóir ar ainm atá uathúil agus seasmhach, agus a bhfuil scéal taobh thiar de. Mar sin, roghnaigh ainm ó bhéaloideas na hÉireann! Is ainmneacha ársa iad seo atá á n-úsáid leis na mílte bliain agus a bhfuil draíocht ag baint leo go fóill. Seo liosta a bhailíomar de 10 n-ainm Gaeilge ilinscne do do leanbh nua, chomh maith leis an mbrí nó an bunús atá leo!

Ailbhe

Tagann an t-ainm Ailbhe ón tSean-Ghaeilge agus ceaptar go gciallaíonn sé bán nó geal. I roinnt scéalta, is ainm é Ailbhe a bhaineann le laochra agus le naoimh araon, rud a thugann neart agus stair shaibhir don ainm. Tá fuaim bhog, álainn agus nua-aimseartha aige, agus úsáidtear é go minic sa lá atá inniu ann do bhuachaillí agus do chailíní araon.

Aodán

Tagann an t-ainm Aodán nó Aodhán ón ainm Aodh, a bhaineann leis an tine agus leis an ngrian i seanchas na hÉireann. Ciallaíonn sé tine bheag. Tagann an t-ainm Béarla Aidan as Aodán.

Caoilfhionn

Tagann Caoilfhionn ó na focail Ghaeilge caol agus fionn, agus ciallaíonn sé caol agus geal. Cé go dtugtar an t-ainm seo ar chailíní go traidisiúnta, is minic a thugtar leaganacha eile - Caolán, nó Caelan, cuir i gcás - ar bhuachaillí.

Caolán

Ciallaíonn Caolán “an té atá beag agus caol”.

Connla

Is ón ainm Sean-Ghaeilge Conláed a thagann Connla agus d'fhéadfadh sé gur meascán é den dá fhocal “áed”, a chiallaíonn tine, agus “cunnail”, a chiallaíonn síoraí.

Dáire/Dara/Darach

Ainm ársa Gaeilge is ea Dáire (nó Dara / Darach) a thagann ón fhocal dair, a chiallaíonn “oak” sa Bhéarla. Úsáidtear é go forleathan inniu mar leagan nua-aimseartha agus inscne-neodrach.

Naoise

Laoch tragóideach sa Rúraíocht ab ea Naoise, agus tá cáil air mar gheall ar a scéal grá le Deirdre. Ainm do bhuachaillí ab ea Naoise go traidisiúnta ach tá sé ar cheann de na hainmneacha Gaelacha atá ag éirí níos neodraí mar gheall ar an bhfuaim bhog agus nua-aimseartha atá leis.

Rossa

Tagann an t-ainm Rossa ón bhfocal Gaeilge ros, a chiallaíonn “ceann tíre coillteach”. Tá an t-ainm le fáil i stair agus i mbéaloideas na hÉireann.

Ruadhán

Tagann Ruadhán ón bhfocal Sean-Ghaelach rúad, a chiallaíonn rua, agus is éard is brí leis an ainm ná ‘an té atá beag agus rua’.

Seanán/Senán

Tagann an t-ainm seo ón bhfocal Sean-Ghaelach sen, a chiallaíonn sean, agus is éard is brí leis ná “an té atá beag agus sean”.

Séaghdha

Tagann Séaghdha ón bhfocal Sean-Ghaelach ségda le cur síos a dhéanamh ar dhuine atá uasal, moltach agus léannta. Leaganacha eile den ainm atá ann ná Séada – nó Séadhna – agus úsáidtear Sé mar leagan gearr, nua-aimseartha den ainm.

---

Tá draíocht, stair agus pearsantacht shíoraí ag baint le hainmneacha Gaeilge. Tá siad fréamhaithe inár mbéaloideas, inár miotaseolaíocht agus inár gcultúr dúchais, agus tugann siad deis do dhaoine nasc a dhéanamh le hoidhreacht shaibhir na hÉireann ar bhealach nua-aimseartha.

ainmneacha inscne-neodracha ag éirí níos coitianta anois ná riamh, agus léiríonn siad oscailteacht, cruthaitheacht agus pearsantacht. Bíodh tú ag súil le páiste nua, ag lorg inspioráide nó ag foghlaim níos mó faoi chultúr na hÉireann, tá áilleacht ag baint le hainmneacha atá ann leis na mílte bliain.

Má tá spéis agat sa Bhéaloideas, cuirfear tús arís le cúrsaí béaloidis ag Gaelchultúr go luath. Ó nósanna na réamh-Chríostaíochta go traidisiún na scéalaíochta, ó phiseoga go dtí an domhan draíochtúil osnádúrtha, sna cúrsaí seo pléitear cuid de na gnéithe is suimiúla de bhéaloideas na nGael. Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó clárú ar chúrsa béaloidis linn ar Gaelchultur.com.

Roinn: