Glúin na Gaeilge: Borradh láidir faoin nGaeilge i measc aosaigh óga tugtha le fios i dtaighde nua
Tá borradh faoin nGaeilge i measc aosaigh óga, de réir mórstaidéar náisiúnta nua a rinne Amárach Research i gcomhar le Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta.
Rinneadh iniúchadh ar dhearcadh an phobail i leith na teanga agus na Gaeltachta sa taighde a rinneadh i mí na Nollag 2025. Thug níos mó ná leath de na freagróirí (51%) le fios go bhfuil leibhéal éigin líofachta acu agus deir líon an-suntasach de dhaoine fásta (68%) ó fud fad na tíre gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá sé seo le brath go han-láidir i measc na nglúnta is óige agus mian shoiléir chun a gcuid scileanna teanga a neartú á léiriú ag 73% díobh siúd faoi bhun 35 bliana d'aois.
I measc daoine atá idir 18-24 bliana d’aois, ba mhaith le 73% díobh níos mó Gaeilge a fheiceáil in úsáid ag gnólachtaí agus ag eagraíochtaí poiblí. Is ardú suntasach é seo i gcomparáid leis an bhfigiúr de 48% a tuairiscíodh don aoisghrúpa céanna in 2024, rud a léiríonn go soiléir go bhfuil an spéis atá ag daoine fásta óga sa teanga ag fás go leanúnach.
Tugtar aitheantas freisin do ról na Gaeilge sa saol poiblí. Tá sé suntasach go gcreideann 74% de dhaoine fásta faoi bhun 25 bliana d’aois go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh sé ar a gcumas ag polaiteoirí, comhairleoirí tofa agus ionadaithe áitiúla an Ghaeilge a labhairt. Is léiriú é seo ar ghlúin a bhfuil súil aici go mbeidh an teanga infheicthe agus feidhmiúil ag leibhéal ceannaireachta. Neartaíonn sé seo ról an teanga ní hamháin mar acmhainn chultúrtha ach mar chuid lárnach de shaol sibhialta agus daonlathach na hÉireann freisin.
Agus trácht á dhéanamh aige ar an athrú seo, dúirt Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir: ‘Is éard atá á fheiceáil againn ná glúin atá ag súil go mbeidh teagmháil aici leis an nGaeilge go laethúil - ní díreach sa seomra ranga, ach san ionad oibre, laistigh de sheirbhísí poiblí agus i ngach réimse den earnáil tráchtála. Is léiriú é an méadú suntasach seo ó 2024 ar an muinín agus ar an uaillmhian atá ag fás i measc daoine óga fásta. Ní hamháin go bhfuil siad bródúil as an teanga; ba mhaith leo go mbeidh sí feiceálach, inúsáidte agus go mbeidh meas uirthi in Éirinn an lae inniu.’
Cuirtear arís lenár muinín i leith thodhchaí na teanga agus 45% de dhaoine fásta faoi bhun 44 bliana d’aois ag rá go roghnóidís oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí nó dá bpáistí amach anseo dá mbeadh sé ar fáil go háitiúil. Ní hamháin go dtugann sé seo tiomantas pearsanta láidir le fios ach is léir go bhfuil rún ann an teanga a roinnt leis na glúnta amach romhainn agus fás ag teacht ar an ngrúpa de dhaoine ar mhaith leo fáil níos fearr a bheith ar oideachas lán-Ghaeilge agus ar sheirbhísí dá dteaghlaigh.
‘Nuair a chuireann daoine fásta óga claonadh soiléir i dtreo oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí in iúl, léiríonn sé muinín fhadtéarmach sa teanga,’ a deir Gerard O’Neill, Cathaoirleach Amárach Research, ‘Tá níos mó ná dea-mhéin i gceist leis seo - is léiriú é ar phleanáil chun cinn agus ar an mbonn go mbeidh ról láidir leanúnach ag an nGaeilge i saol an teaghlaigh, an phobail agus na tíre. Ó thaobh na taighde de, is comhartha láidir ar inbhuanaitheacht é an rún seo an teanga a sheachadadh ó ghlúin go glúin.’
Tríd is tríd, tugann na torthaí seo athrú cinniúnach idir ghlúnta le fios. Tá daoine fásta óga ag glacadh leis an teanga mar ghné bheo, phraiticiúil agus chumhachtach ó thaobh cultúir de in Éirinn an lae inniu. Agus líon suntasach daoine ag úsáid na teanga go laethúil, an t-éileamh uirthi i saol an ghnó agus poiblí ag fás, agus an tiomantas go mbeidh an teanga ag an gcéad ghlúin eile, tá bóthar soiléir amach romhainn: tá an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus an borradh fúithi ag neartú.
Cultúr, Pobal agus an Ghaeltacht
Baineadh úsáid as modheolaíocht shainiúil sa taighde seo agus sampla sa bhreis de dhaoine atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht san áireamh, rud a d’éascaigh comparáid thábhachtach idir dhearcthaí laistigh agus lasmuigh de réigiúin ina labhraítear an Ghaeilge. Tugann an cur chuige seo léargas níos doimhne ar mheonta i leith shaol an phobail, seirbhísí agus inbhuanaitheacht sa Ghaeltacht. Léiríonn na torthaí go bhfuil tacaíocht náisiúnta láidir ann do ról lárnach na Gaeltachta i gcosaint agus i neartú na teanga. Creideann ochtar as gach deichniúr de dhaoine fásta go bhfuil an Ghaeltacht tábhachtach i dtodhchaí na Gaeilge, agus deir 70% díobh go bhfuil sé tábhachtach go gcuireann gnólachtaí i gceantair Ghaeltachta seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge.
I measc na ndéimeagrafach ar fad, creidtear go bhfuil dlúthbhaint ag an nGaeltacht leis an teanga, leis an gcultúr, leis an bpobal agus leis an traidisiún go fóill agus léirigh mná agus daoine fásta atá níos sine bá láidir ina leith seo. Ag an am céanna, leagann freagróirí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht béim ar an ngá atá le tosaíochtaí praiticiúla, go háirithe deiseanna fostaíochta agus tithíocht inacmhainne, chun pobail inbhuanaithe, rathúla ina labhraítear an Ghaeilge a chinntiú.
‘Is údar mór misnigh é aitheantas náisiúnta chomh láidir a fheiceáil do ról na Gaeltachta i dtodhchaí teanga agus cultúrtha na hÉireann,’ a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. ‘Léiríonn an taighde seo go bhfuil glúin ann a aithníonn an Ghaeilge mar theanga bheo, nua-aimseartha; atá le húsáid, le ceiliúradh agus le caomhnú. Beidh infheistíocht leanúnach san fhostaíocht agus seirbhísí trí Ghaeilge an-tábhachtach chun pobail Ghaeltachta bhríomhara a chinntiú do na glúnta atá romhainn.’
Tá níos mó eolais agus an taighde iomlán le fáil anseo.