5 Bhuntáiste Spéisiúla a bhaineann le hÚsáid na Gaeilge san Ionad Oibre
Tá athruithe móra tar éis teacht ar shaol an ghnó le cúpla bliain anuas ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 i bhfeidhm. Cuirtear cearta teanga phobal na Gaeilge chun cinn faoin Acht seo agus tá ról lárnach daingnithe ag an nGaeilge i gcúrsaí tráchtála ar fud thionscail uile oileán na hÉireann dá bharr. Seo 5 bhuntáiste spéisiúla a bhaineann le hÚsáid na Gaeilge san ionad oibre
1. Cruthaitheacht agus Scileanna Réitigh Fadhbanna a Threisiú
Is féidir le hilteangachas feabhas a chur ar sholúbthacht chognaíoch an duine, rud a spreagann smaointe cruthaitheacha agus réitigh nuálacha ar dhúshláin.
2. Caidreamh a Neartú san Fhoireann
Is féidir le teanga choiteann - mionteanga leithéid na Gaeilge go háirithe - muintearas agus cairdeas a chothú i measc comhghleacaithe, agus féadann obair bhuíne a bheith níos taitneamhaí agus níos éifeachtaí dá bharr.
3. Feabhsaítear Caidreamh le Custaiméirí
Is féidir leas a bhaint as an nGaeilge le caidreamh dearfach agus naisc níos cumhachtaí a chothú le custaiméirí nó le cliaint, go háirithe leo siúd ar mór acu a n-oidhreacht chultúrtha. An raibh a fhios agat gur luaigh beagnach leath (41%) de na tomhaltóirí in Éirinn go bhfuil seans níos mó ann go gceannóidís táirgí nó seirbhísí dá n-úsáidfí an Ghaeilge sa mhargaíocht a bhaineann leo agus gur luaigh 26% acu go mbeidís sásta costas níos airde a íoc as na táirgí nó na seirbhísí sin.
4. Deiseanna Nua a Chruthú
Is féidir leis an dátheangachas a bheith ina uirlis luachmhar chun deiseanna fostaíochta nua a chruthú in eagraíochtaí stáit, oideachais agus na meán. Tá méadú suntasach tagtha ar na deiseanna do ghairmithe a bhfuil scileanna Gaeilge acu ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i bhfeidhm in 2021.
5. Féiniúlacht Chultúrtha a Spreagadh
Cuidíonn úsáid na Gaeilge san ionad oibre leis an teanga a choinneáil beo agus bríomhar, rud a chuireann le féiniúlacht shaibhir chultúrtha na hÉireann a chaomhnú agus a chruthaíonn eispéireas oibre eisceachtúil ag an am céanna.
Má tá tú ag iarraidh do CV a neartú nó scileanna d’fhoirne a fheabhsú, déan teagmháil linn le tuilleadh a fhoghlaim faoin Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, clár uathúil de chuid Ghaelchultúir atá creidiúnaithe ag QQI.