Treoir le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021, a chur i bhfeidhm go hÉifeachtach
Tá áit thábhachtach ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil na hÉireann, mar atá leagtha amach i mBunreacht na hÉireann, agus le blianta beaga anuas in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus na leasuithe a tháinig i bhfeidhm ina dhiaidh sin in 2021. Dóibh siúd atá ag obair san earnáil phoiblí in Éirinn, ní hamháin gur dualgas dlíthiúil atá i gceist leis na hAchtanna seo a thuiscint agus a chur i bhfeidhm, is bealach é le dul i gcion ar phobal na Gaeilge, féiniúlacht náisiúnta a chothú, agus ár dteanga uathúil dhúchais a bhfuil na mílte bliain de stair agus de chultúr ag baint léi a chaomhnú.
Sa treoir chuimsitheach seo, tabharfaimid eolas ar thábhacht na nAchtanna seo, fiosróimid príomhghnéithe na bhforálacha, agus tabharfaimid léargas ar an tslí is éifeachtaí chun iad a chomhtháthú in oibríochtaí na hearnála poiblí, chomh maith le comhairle ar an tslí is fearr an Ghaeilge a fhoghlaim ar líne agus cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach le Gaelchultúr.
Léargas ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021
Aithníonn Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) an Ghaeilge mar an chéad teanga oifigiúil i bPoblacht na hÉireann, agus an Béarla mar theanga oifigiúil freisin. An phríomhsprioc atá ag an Acht ná a chinntiú go gcaitear leis an dá theanga mar a chéile san earnáil phoiblí. Cuireann sé béim ar chearta na saoránach dul i dteagmháil leis an Stát trí mheán na Gaeilge más mian leo, agus dá réir sin, faoin Acht seo is éigean do chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge.
Déantar forbairt ar an méid seo in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Neartaíonn an leasú seo na forálacha i leith seirbhísí trí Ghaeilge san earnáil phoiblí, go háirithe ó thaobh earcaíochta agus fógraíochta de. Tugann na forálacha atá leagtha amach san Acht treoirlínte sainiúla do chomhlachtaí poiblí arb éigean dóibh iad a leanúint. Mar shampla, ní mór 20% de gach buiséad stáit don fhógraíocht a chaitheamh ar fhógraíocht trí Ghaeilge, inniúlacht sa Ghaeilge a bheith ag 20% d’earcaigh nua, agus gach ról in earnálacha poiblí lonnaithe sa Ghaeltacht a bheith líonta ag daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Tá teorainn ama le gach leasú agus is gá iad ar fad a bheith curtha i bhfeidhm faoin mbliain 2030. Mar gheall ar na leasuithe a rinneadh ar an Acht in 2021, saibhreofar seirbhísí dátheangacha fud fad na tíre, tiocfaidh fás ar líon na bpost trí mheán na Gaeilge, agus cuirfear úsáid na Gaeilge chun cinn san earnáil phoiblí.
Ag cur na nAchtanna i bhfeidhm san Earnáil Phoiblí
Tá sé ar cheann de phríomhriachtanais na nAchtanna caighdeáin Ghaeilge a fhorbairt in áit na scéimeanna a bhí i bhfeidhm ag comhlachtaí poiblí roimhe seo. Cháintí scéimeanna go minic as a bheith ró-ghearr-radharcach le torthaí fadtéarmacha a bhaint amach ach cuirfidh an caighdeán teanga treoirlínte uileghabhálach ar fáil d’eagraíochtaí poiblí trí spriocanna ar leith atá indéanta do gach roinn a bheith leagtha amach – an chumarsáid dhigiteach, an cháipéisíocht, cur i láthair suíomhanna gréasáin, agus an ceangal aghaidh ar aghaidh leis an bpobal ina measc. Forbrófar an caighdeán seo i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga chomh maith leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus cuirfear faoina mbráid é lena fhormheas.
Ag cur an Ghaeilge chun cinn
Ar mhaithe leis na hAchtanna a chur chun cinn go héifeachtach, ba cheart go spreagfaí fostaithe na hearnála poiblí lena gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú. Is féidir le deiseanna an Ghaeilge a fhoghlaim ar líne agus sainchúrsaí cur go mór le foireann dhátheangach a chothú agus líon na bpost trí mheán na Gaeilge do Ghaeilgeoirí san earnáil a mhéadú. Cuireann Gaelchultúr cúrsaí Gaeilge cuimsitheacha ar fáil atá curtha in oiriúint do leibhéil líofachta éagsúla, agus tugaimid tacaíocht dóibh siúd atá ag iarraidh cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach; an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, mar shampla, clár páirtaimseartha linn atá dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh a bheith in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Cabhraíonn an cúrsa leis na rannpháirtithe seirbhís níos fearr a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge, rud a chuidíonn leis na comhlachtaí ina bhfuil siad ag obair a gcuid dualgas maidir le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh.
Buntáistí na comhlíontachta
Cé go bhfuil sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí cloí le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021, tá buntáistí ann d’eagraíochtaí a dhéanann go héifeachtach é. Tá sé mar aidhm ag na hAchtanna an rochtain ar sheirbhísí a fheabhsú do shaoránaigh a bhfuil an Ghaeilge acu, cumarsáid agus muinín i measc na bpobal seo a fheabhsú, agus féiniúlacht an náisiúin a threisiú trína theanga dhúchais a chur chun cinn. Anuas air sin, d’fhéadfadh feabhas ó thaobh dhearcadh agus rannpháirtíocht an phobail de a bheith mar thoradh ar chomhlíontacht leis na hAchtanna seo.
Conas an Ghaeilge a fhoghlaim agus tacaíocht teanga
Dóibh siúd ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a gcumas sa Ghaeilge, is uirlisí luachmhara iad na hacmhainní ar líne. Cuireann Gaelchultúr cúrsaí idirghníomhacha ar fáil do leibhéil éagsúla scileanna, agus cuirimid ar chumas foghlaimeoirí scileanna praiticiúla teanga a shealbhú agus cáilíochtaí Gaeilge aitheanta a bhaint amach. Is féidir leis na cáilíochtaí seo a bheith ríthábhachtach dóibh siúd atá sa tóir ar phoist Ghaeilge san earnáil phoiblí. Ina theannta sin, is é Gaelchultúr atá roghnaithe ag an gcomhlacht stáit Foras na Gaeilge ó 2011 ar aghaidh le cúrsaí oiliúna Gaeilge a fhorbairt agus a sholáthar don earnáil phoiblí agus táimid i ndiaidh seirbhísí oiliúna sa Ghaeilge a chur ar fáil do bhreis is 150 eagras de chuid na hearnála poiblí agus na n-údarás áitiúil le linn na tréimhse sin. I measc na gcúrsaí seo, tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, cúrsaí leathlae oiliúna dírithe ar lucht freagartha gutháin agus cúraim custaiméirí, agus sainchúrsaí a dearadh go speisialta ar mhaithe leis na spriocanna ar leith a bhíonn ag eagraíochtaí a bhaint amach.
Conclúid
Mar fhocal scoir, tá sé ríthábhachtach go gcuireann eagraíochtaí na hearnála poiblí in Éirinn Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021, i bhfeidhm mar is cuí. Trína caighdeáin teanga atá leagtha amach sna hAchtanna a shásamh, cumas sa Ghaeilge a chur chun cinn i measc na foirne agus buiséid fógraíochta a chur i leataobh ar mhaithe le margaíocht sa Ghaeilge, is féidir le comhlachtaí poiblí a gcuid dualgas a bhaint amach faoi na forálacha nuashonraithe seo. Má bhíonn tuilleadh ceisteanna ag aon chomhlacht poiblí, tá Oifig an Choimisinéara Teanga ann le tacaíocht agus treoir a thabhairt dóibh ó thaobh chur i bhfeidhm na riachtanas seo agus chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm agus ar an dul chun cinn a bhaineann leo. Thairis sin, fiosraíonn Oifig an Choimisinéara Teanga aon ghearán a bhíonn ag saoránaigh maidir le cur i bhfeidhm dualgas comhlachtaí poiblí agus cuireann sí saoránaigh ar an eolas maidir lena gcearta teanga.
Le tuilleadh a fhoghlaim maidir le conas is féidir le Gaelchultúr tacú le d’aistear foghlama sa Ghaeilge agus le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh, féach ar ár gcúrsaí agus ár n-acmhainní ar líne inniu. Má tá spéis ag d’ionad oibre deiseanna oiliúna Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann, déan teagmháil le fios@gaelchultur.com. Glac leis an nGaeilge mar theanga náisiúnta na hÉireann – ní hamháin gur riachtanas dlíthiúil é seo, is teanga bheo í an Ghaeilge a bhfuil meas agus cothrom na Féinne tuillte aici.