Conas an Ghaeilge a Úsáid san Ionad Oibre
Tá níos mó daoine ná riamh ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid sa saol laethúil – fiú san ionad oibre.
Tá sé ráite go soiléir ag an Uachtarán, Catherine Connolly, gur mian léi an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga oibre in Áras an Uachtaráin. Creideann sí nach leor an Ghaeilge a úsáid go siombalach, ach gur cheart di a bheith ina teanga bheo laethúil i gcumarsáid, i gcruinnithe agus i ndoiciméid oifigiúla.
Tá fís an Uachtaráin ag teacht leis na torthaí taighde is déanaí de chuid Ghaelchultúir, Amárach Research agus Údarás na Gaeltachta – fís a léiríonn go bhfuil an pobal níos tiomanta ná riamh an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha sa saol laethúil agus san ionad oibre. Tugann an taighde, a rinneadh i 2024, léargas luachmhar ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge agus ar an ról ríthábhachtach atá ag an teanga i bhféiniúlacht náisiúnta na hÉireann. I measc na dtorthaí is suntasaí a léiríodh sa taighde seo, tá aiféala ar bheirt as gach triúr (66%) nach bhfuil Gaeilge labhartha níos fearr acu agus deir 74% de na freagróirí gur mian leo Gaeilge labhartha níos fearr a bheith acu.
Má bhíonn tú féin ag plé leis an bpobal trí Ghaeilge ar bhonn rialta mar chuid de do phost, agus má tá cleachtadh ar do chuid Gaeilge de dhíth ort, tá roinnt cúrsaí oiliúna gairmiúla ag Gaelchultúr a chuideoidh leat!
I gcomhar le Foras na Gaeilge, tá an cúrsa Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí saindeartha againn do bhaill foirne teileafóin agus cúraim custaiméirí in údaráis áitiúla agus san earnáil phoiblí. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa leathlae seo an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a theastaíonn le cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal i gcomhthéacs na hoibre.
Cad faoi óráidí? Sa dianchúrsa leathlae ar líne Óráidí a Thabhairt i nGaeilge, foghlaimeoidh tú frásaí Gaeilge a chuirfidh barr feabhais ar do scileanna óráidíochta agus cuir i láthair. Tá an cúrsa seo dírithe ar pholaiteoirí, príomhoifigigh, oifigigh chumarsáide agus urlabhraithe de chuid na státseirbhíse a bhíonn ag freastal ar ócáidí agus a bhíonn ag tabhairt cuairteanna ar ionaid éagsúla ina n-úsáidtear an Ghaeilge.
Tá cúrsa againn chomh maith atá creidiúnaithe ag QQI agus ar fáil ag Leibhéil 2, 3, 4, 5 agus 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) – an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. Tá an cúrsa 3 mhí seo, a mhúintear go hiomlán ar líne, dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhfuil dualgas orthu seirbhísí don phobal a sholáthar trí mheán na Gaeilge de réir Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021. Tá sé oiriúnach freisin do dhaoine gairmiúla ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid go héifeachtach ina gcumarsáid oibre. Sa chúrsa seo, cuirtear bealach praiticiúil agus struchtúrtha ar fáil chun scileanna Gaeilge a shealbhú a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach ag an am céanna.
Más ag caint ar an nguthán a bhíonn tú, ag scríobh ríomhphoist nó ag comhrá le comhghleacaithe, is féidir le cúpla focal Gaeilge dul i bhfeidhm go mór ar dhuine.
Tá treoir phraiticiúil, Frásaí don Ionad Oibre, cruthaithe ag Gaelchultúr chun cabhrú leat do mhuinín a fhorbairt agus an Ghaeilge a fhí isteach i do ghnáthlá oibre gan stró. Tá blaisín den treoirleabhar ar fáil thíos agus is féidir é a íoslódáil ina iomláine anseo.
Glaonna gutháin
Phone calls
An féidir liom cabhrú leat?
Can I help you?
Cad is ainm duit, le do thoil?
What’s your name, please?
Go raibh maith agat as a bheith chomh foighneach sin.
Thank you for being so patient.
Ag plé le comhghleacaithe
Communicating with colleagues
An féidir liom cabhrú leat?
Can I help you?
Cuirfidh mé glao ort timpeall a trí.
I’ll call you around three.
Caithfimid an cruinniú a chur ar ceal.
We have to cancel the meeting.
Ríomhphoist
Emails
A Shéamuis, a chara,
Dear Séamus,
Go raibh maith agat as do ríomhphost.
Thank you for your email.
Le gach dea-mhéin,
Best wishes,