Gaelchultúr roghnaithe mar ‘An Scoil Teanga is fearr in Éirinn’ den Tríú hUair
Roghnaíodh Gaelchultúr, an soláthraí is mó cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar domhan, mar ‘An Scoil Teanga is fearr in Éirinn’ ag Na Gradaim Oideachais 2025 — seo é an tríú huair a bronnadh an gradam seo ar an gcoláiste, agus é buaite roimhe seo in 2022 agus 2023.
Cúis mhór bhróid atá ann ní hamháin d’fhoireann an choláiste ach do phobal na Gaeilge tríd is tríd gur éirigh le scoil mhionteanga an lámh in uachtar a fháil arís ar scoileanna eile ina múintear mórtheangacha ag na gradaim náisiúnta seo. Is mór an t-aitheantas é seo ar an mbéim a chuireann Gaelchultúr ar sháracadúlacht agus ar an nuálaíocht ina misean.

‘Is mór an onóir é gur bronnadh an gradam clúiteach seo orainn arís i mbliana,’ ar Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir. ‘Is aitheantas iontach é seo ar an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh againn bliain i ndiaidh bliana. Déanaimid ár seacht ndícheall barr feabhais san oideachas a bhaint amach i gcónaí agus táimid an-bhródúil go bhfuil an t-aitheantas seo faighte againn a léiríonn go bhfuil na cúrsaí agus na hacmhainní a chuirimid ar fáil ar an gcaighdeán is airde in earnáil an oideachais teangacha.’
I measc na n-éachtaí a chuaigh i bhfeidhm ar an bpainéal moltóirí bhí comhpháirtíochtaí nuálacha Ghaelchultúir agus a thiomantas don inrochtaineacht. Ina measc seo tá:
- Comhoibriú le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB) chun oiliúint Ghaeilge lánmhaoinithe a chur ar fáil faoi na scéimeanna Skills to Work agus Skills to Advance.
- Tionscnamh nua i gcomhpháirtíocht leis an CLG chun scoláireachtaí teanga a thairiscint d’imreoirí idirchontae agus imreoirí thar lear chun úsáid na Gaeilge ar an bpáirc a chur chun cinn.
- Tiomantas do thaighde ceannródaíoch chun ról na Gaeilge sa ghnó, sa chultúr agus sa saol poiblí a fhiosrú. Léigh níos mó faoi anseo.
‘B’iontach an bhliain í 2024 do Ghaelchultúr,’ a deir Ellen Curtin, Leas-Stiúrthóir Tráchtálaíochta. ‘Trí chomhpháirtíochtaí úrnua amhail ár gclár scoláireachta le himreoirí idirchontae CLG agus ár gcomhoibriú le MSLETB chun oiliúint lánmhaoinithe a sholáthar, tá deiseanna chun an Ghaeilge a fhoghlaim leathnaithe againn ar bhealaí nua spreagúla. Léiríonn na tionscadail seo ár dtiomantas ní hamháin don oideachas, ach don phobal, don nuálaíocht agus d’úsáid laethúil na Gaeilge in ionaid oibre, seomraí ranga agus páirceanna spóirt ar fud na tíre.’
Ó bunaíodh Gaelchultúr in 2004, tá oideachas Gaeilge curtha againn ar na mílte foghlaimeoir ar fud an domhain — ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí líofa — trí mheascán de ranganna faoi stiúir saineolaithe teanga agus acmhainní féinstiúrtha den chéad scoth ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.
Ó bhí 2011 ann, is é Gaelchultúr atá roghnaithe ag an gcomhlacht stáit Foras na Gaeilge le cúrsaí oiliúna Gaeilge a fhorbairt agus a sholáthar don earnáil phoiblí. Cuireann Gaelchultúr réimse leathan cúrsaí saincheaptha ar fáil leis na scileanna teanga agus an tacaíocht chuí a chur ar fáil do státseirbhísigh lena ndualgais faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 a chomhlíonadh. Ina measc seo tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, cúrsa saindeartha do chomhairleoirí tofa, agus sainchúrsaí maidir le cúram custaiméirí agus óráidí a thabhairt.
Bhí searmanas na nGradam Oideachais ar siúl ar an 8 Bealtaine in Óstán Crowne Plaza, Seantrabh, chun ceiliúradh a dhéanamh ar shármhaitheas in earnáil an bhreisoideachais agus an ardoideachais in Éirinn. Bhí moltóirí na ngradam an-tógtha le misean an choláiste cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar fud na cruinne. Tugadh ardmholadh don choláiste as an bpaisean a léiríonn an fhoireann agus as an dua a chaitheann siad chun comhpháirtíochtaí a chothú le páirtithe leasmhara tionscail chun an Ghaeilge a chur chun cinn in eagraíochtaí de chuid na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí ar fud na tíre.