Tairbhe a Bhaint as an gCultúr: Tionscnamh Oiliúna nua sa Ghaeilge a thugann Buntáiste Iomaíoch do Ghnólachtaí
Áiteanna Lánmhaoinithe do Ghairmithe ar an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil le Gaelchultúr agus MSLETB
Is cúis mhór bhróid é do Ghaelchultúr, i gcomhpháirtíocht le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB), áiteanna lánmhaoinithe ar an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ag leibhéil 3, 4, 5, agus 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) a fhógairt faoina scéimeanna Skills for Work agus Skills to Advance ag tosú i mí Aibreáin 2025.

Is forbairt shuntasach é an tionscnamh ar an gclár píolótach a seoladh in earrach 2024 a raibh rath air, agus a chuireann scileanna riachtanacha Gaeilge ar fáil do lucht gnó.
Tá sé mar sprioc ag na cúrsaí lánmhaoinithe seo, atá creidiúnaithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI), daoine a chumasú chun a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fhorbairt. Tá an t-aitheantas atá ag an teanga mar acmhainn ríthábhachtach san earnáil tráchtála ag dul i méid agus tugann an deis uathúil seo seans do dhaoine cáilíocht aitheanta a bhaint amach sa Ghaeilge chun cuidiú lena n-ionchais ghairme agus a ndeiseanna gnó.
Léirítear sna torthaí ar thaighde a rinne Gaelchultúr i gcomhar le Amárach Research le déanaí, an fás atá tagtha ar luach tráchtála na Gaeilge. Léiríodh sa staidéir gur mhaith le 59% de fhreagróirí gnólachtaí a fheiceáil i mbun cumarsáide trí Ghaeilge agus creideann 73% de fhreagróirí gur gnólachtaí áitiúla nó gnólachtaí faoi úinéireacht Éireannach iad na gnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge.
Ina theannta sin, tá seans níos mó ann go gceannódh 41% de fhreagróirí táirgí nó seirbhísí dá n-úsáidfí an Ghaeilge sa mhargaíocht a bhaineann leo agus d’íocfadh 26% costas níos airde as táirgí nó seirbhísí a úsáideann an Ghaeilge sa mhargaíocht. Léiríonn na torthaí seo go bhfuil athrú tagtha ar iompar tomhaltóirí agus ceannaitheoirí ag éirí níos cúramaí faoi na brandaí agus na táirgí a n-infheistíonn siad iontu. Léiríonn na torthaí seo freisin gur féidir le gnólachtaí buntáiste iomaíoch a bheith acu má bhaineann siad úsáid as an nGaeilge ina dtionscnaimh mhargaíochta, chumarsáide agus bhrandála.
‘Táimid ar bís ár gcomhpháirtíocht le MSLETB a neartú. Trí áiteanna lánmhaoinithe a thairiscint ar ár gcúrsaí ar an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, táimid ag déanamh infheistíochta i dtodhchaí na teanga agus ag roinnt scileanna le foghlaimeoirí atá ag éirí níos luachmhaire san earnáil tráchtála’, a deir Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir, Darren Ó Rodaigh. ‘Is deis ríluachmhar é an tionscnamh seo dóibh siúd ar mian leo a n-oidhreacht chultúrtha a úsáid mar acmhainn ghairmiúil.’
Agus é ag aontú le tuairimí Uí Rodaigh, dúirt Peter Egan, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna MSLETB: ‘Deimhníonn torthaí an staidéir nach acmhainn chultúrtha amháin í an Ghaeilge, ach gur uirlis dhinimiciúil í i gcumarsáid ghnó an lae inniu. Is cur chuige fadbhreathnaitheach é ár gcomhoibriú le Gaelchultúr chun scileanna a roinnt le daoine a chabhróidh leo dul chun cinn a dhéanamh i dtírdhreach iomaíoch an lae inniu.’
Bíodh sé mar aidhm ag foghlaimeoirí scileanna teanga a fhorbairt nó a ndeiseanna gairmiúla a leathnú, is cinnte go mbeidh na cúrsaí seo ina gcuidiú mór acu. Cuirfear tús leis na cúrsaí ar an 8 agus 9 Aibreán 2025 agus is féidir leo siúd atá ag iarraidh an deis seo a thapú clárú inniu chun a spéis a léiriú agus an chéad chéim eile a ghlacadh i dtreo a gcuid spriocanna Gaeilge a bhaint amach.