Gaelchultúr roghnaithe mar An Scoil Teanga Is Fearr don dara bliain as a chéile

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Bealtaine, 2023
Roinn:

Bronnadh an gradam mór le rá ‘An Scoil Teanga Is Fearr in Éirinn’ ar Ghaelchultúr arís i mbliana ag ócáid bhronnta na nGradam Oideachais in óstán an Crowne Plaza ar an 27 Aibreán. Ag na Gradaim Oideachais aithnítear, spreagtar agus ceiliúrtar sármhaitheas san earnáil oideachais tríú leibhéal ar oileán na hÉireann. Is é seo an dara bliain as a chéile ar éirigh le Gaelchultúr, soláthraí cúrsaí agus acmhainní Gaeilge, an mhórdhuais seo a bhuachan.

Gaelchultúr roghnaithe mar An Scoil Teanga Is Fearr don dara bliain as a chéile

Is é Gaelchultúr an t-aon institiúid lán-Ghaeilge a bhuaigh an gradam seo i stair na hócáide. Is cúis mhór cheiliúrtha é seo, ní hamháin don choláiste féin ach d’earnáil na Gaeilge tríd is tríd.

‘Is iontach an t-éacht é a bheith roghnaithe mar an “Scoil Teanga is Fearr in Éirinn” arís i mbliana’, a deir Darren Ó Rodaigh, Cathaoirleach Feidhmiúcháin an choláiste. ‘Tugann sé le fios go bhfuil seirbhísí oideachais na Gaeilge chun tosaigh ar sheirbhísí oideachais teangacha eile sa tír. Imríonn an t-oideachas ról lárnach i dtodhchaí na teanga a dheimhniú agus a chur chun cinn. Is cúis mhór bhróid dúinn é a bheith ag croílár na gluaiseachta seo’.

Is é Gaelchultúr an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Táimid tiomanta do na cúrsaí agus na hacmhainní foghlama teanga ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar fud na cruinne.

Tá an líon daoine a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a fhoghlaim ag fás i gcónaí agus leithéidí Joe Biden, Uachtarán SAM, agus Brendan Gleeson, a ainmníodh do ghradam Oscar, ag baint úsáid as a gcúpla focal sna meáin le déanaí. Tá daoine ar fud an domhain ag cur spéise inár dteanga dhraíochtúil agus tá lúcháir ar fhoireann Ghaelchultúir pobal idirnáisiúnta Gaeilge a chothú trí na cúrsaí Gaeilge ar líne agus aghaidh ar aghaidh a chuirimid ar fáil.

Bíonn foireann Ghaelchultúir de shíor ag cruthú agus ag forbairt bealaí éifeachtacha cruthaitheacha le gur féidir le foghlaimeoirí ó gach cearn den domhan Gaeilge a shealbhú. Fiú le bliain anuas, ó bronnadh an duais seo ar an gcoláiste den chéad uair anuraidh, tá réimse leathan cúrsaí agus seirbhísí Gaeilge seolta go rathúil ag Gaelchultúr don phobal in Éirinn agus thar lear. Mar shampla, le cúpla mí anuas tá an coláiste ag tairiscint cúrsaí bunleibhéil Gaeilge trí mheán na Gearmáinise agus na Spáinnise le freastal ar an líon foghlaimeoirí Gaeilge arb iad sin a dteangacha dúchais atá ag dul i méid i gcónaí.

Tuigeann Gaelchultúr nach ábhar staidéir amháin í an Ghaeilge ach gur teanga bheo bhríomhar í a mhaireann taobh amuigh den seomra ranga agus í lárnach i stair, oidhreacht agus cultúr uathúil na nGael. Le dearcadh iomlán a fháil ar an teanga agus ar an gcultúr a bhaineann léi tá Gaelchultúr tar éis dhá chúrsa nua Béaloidis a sheoladh le déanaí. Tugann na cúrsaí uathúla seo súil eile ar an teanga agus tá rannpháirtithe thar a bheith dearfach fúthu ó seoladh iad ag tús na bliana.

Ó bhí 2011 ann, is é Gaelchultúr atá roghnaithe ag an gcomhlacht stáit Foras na Gaeilge le cúrsaí oiliúna Gaeilge a fhorbairt agus a sholáthar don earnáil sin. Tuigeann an coláiste an áit lárnach atá ag an nGaeilge san earnáil phoiblí agus sna húdaráis áitiúla agus tá neart cúrsaí forbartha againn le tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí Stáit a gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chomhlíonadh. I measc na gcúrsaí sin tá cúrsa cúig seachtaine do Chomhairleoirí Tofa, dianchúrsa leathlae ina ndírítear ar óráidí a thabhairt as Gaeilge, chomh maith le cúrsa leathlae dóibh siúd a bhíonn ag plé le cúram custaiméirí agus a mbíonn orthu seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil ó am go ham.

Lena chois sin, creideann Gaelchultúr go láidir gur cheart go mbeadh acmhainní foghlama Gaeilge ar fáil d’aon duine atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim, beag beann ar a sceideal ná ar a mbuiséad. Tuigimid nach n-oireann rang seachtainiúil do gach foghlaimeoir agus dá bhrí sin tá ardán ríomhfhoghlama Gaeilge, darb ainm Ranganna.com, forbartha againn chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí an teanga a fhoghlaim go neamhspleách agus ar a luas féin. Rinneadh athnuachan ar an suíomh seo cúpla mí ó shin, rud a fhágann go bhfuil sé níos idirghníomhaí agus níos spraíúla ná mar a bhí riamh.

‘Is dea-chomhartha é an gradam seo go bhfuil an coláiste ag fabhrú go héifeachtach ó thaobh eispéiris ábhartha foghlama a fhorbairt agus a chur ar fáil don phobal,’ a mhíníonn Ó Ródaigh. ‘Ábhar spreagtha atá ann arís dúinn chun cur leis an réimse cúrsaí atá againn sna blianta amach romhainn agus chun an ról atá againn i dtreisiú phobal na Gaeilge a chomhlíonadh’.

Chreid moltóirí na nduaiseanna i misean an choláiste cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge den chéad scoth a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar fud na cruinne. Chuir siad spéis faoi leith sna céimeanna atá glactha againn le deiseanna oideachais sa Ghaeilge a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí lonnaithe taobh amuigh d’Éirinn go háirithe.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: