Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta na Gaeilge do Dhaoine Fásta

Aibreán, 2022
Roinn:

Más rud é go bhfuil tú ag lorg eispéireas cultúrtha ar leith an samhradh seo, molaimid duit clárú le haghaidh Scoil Samhraidh Ghaeilge Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Tionól Gaeilge UCD. Eagraithe ag Gaeltacht UCD i gcomhar le Gaelchultúr, is scoil tumoideachais cúig lá Ghaeilge é an Tionól Gaeilge a chuireann fáilte roimh fhoghlaimeoirí fásta ó gach cearn den domhan chun cur lena scileanna Gaeilge agus blaiseadh a fháil ar an gcultúr saibhir a bhaineann léi. Díreofar ar an téama ‘An Ghaeilge i Sochaí Dhomhanda Inmharthana’ i mbliana.

Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta na Gaeilge do Dhaoine Fásta

Is é an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Ollscoil Dhomhanda na hÉireann agus áirítear é i measc an 1% de na hinstitiúidí is fearr ar domhan. D’éirigh thar barr le Scoil Samhraidh Ghaeilge na hOllscoile, ó bunaíodh í in 2017, agus í ag mealladh foghlaimeoirí na teanga ó gach cearn den domhan.


Tá Tionól Gaeilge UCD dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach. Beidh sé oiriúnach freisin do mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge nó ar an Léann Éireannach san ollscoil, in Éirinn agus i dtíortha eile. Beidh an scoil teanga ar siúl idir an 27 Meitheamh agus an 1 Iúil i mbliana agus í lán go béal le ranganna teanga agus le himeachtaí cultúrtha.


Beidh ranganna teanga ar siúl gach lá, Luan go hAoine, ó 9.30am go 1.00pm. Déanfar na ranganna seo a thairiscint ag cúig leibhéal éagsúla, agus is cuma más glantosaitheoir nó más cainteoir líofa tú beidh rang ann a bheidh in oiriúint duitse agus do do chumas teanga féin. Is é Gaelchultúr, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad choláiste tríú leibhéal lán-Ghaeilge, a fhorbróidh agus a reáchtálfaidh na ranganna seo.


Beidh léachtaí ar siúl gach tráthnóna ó Luan go Déardaoin. Díreofar i ngach léacht ar ghné éagsúil den teanga agus den chultúr ilghnéitheach a bhaineann léi. Díreofar mar shampla ar logainmneacha na tíre, ar an litríocht agus ar an amhránaíocht. Beidh na léachtaí seo á gcur i láthair ag aoichainteoirí a bhfuil saineolas faoi leith acu ar an ábhar. Cuirfidh imeacht sóisialta cultúrtha deireadh leis an lá.


Is tionscnamh de chuid Ghaeltacht UCD, Ionad Domhanda UCD don Teanga agus don Chultúr, í an scoil seo. Beidh sé ar siúl in Belfield, príomhchampas na hOllscoile atá lonnaithe i bhfearann páirce álainn 133 heicteár ina bhfuil cosán coille 9km agus linn snámha 50 méadar. Tá sé éasca lár chathair Bhaile Átha Cliath a bhaint amach ón gcampas.


Seo a leanas teistiméireachtaí ó iarscoláirí faoin taithí a bhí acu ag foghlaim na Gaeilge le Tionól Gaeilge:


· "Bhí caighdeán ard san Ardrang agus bhí múinteoir den scoth againn… Bhí na léachtaí an-suimiúil ar fad agus thaitin imeachtaí na hoíche liom freisin, go háirithe an cheardlann leis an bpíobaire. Bheadh suim agam teacht thar n-ais an bhliain seo chugainn.” - C Hegarty

· “Bhain mé an-taitneamh as an tseachtain. Bhí an fhoghlaim spraíúil agus suimiúil. Mo bhuíochas le gach duine.” - K Fitzgerald

· “Teagasc den chéad scoth.” - J Pietsch

Tum isteach i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge agus cas le daoine a bhfuil an spéis chéanna acu as gach cearn den domhan i dteannta le Gaeltacht UCD agus Gaelchultúr an samhradh beag seo. Cosnaíonn Tionól Gaeilge UCD €300 (€280 do mhic léinn) gan lóistín in aghaidh an rannpháirtí. Más mian leat d’áit a chur in áirithe ar an scoil samhraidh chomh maith le cúig oíche lóistín leaba agus bricfeasta ar an gcampas a chur san áireamh beidh costas €620 (€575 do mhic léinn) i gceist. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin eispéireas foghlama iontach seo nó d’áit a chur in áirithe ag Tionól Gaeilge UCD.


Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: