Ranganna Gaeilge beo ar líne, fómhar 2020
Cuir in áirithe
Tús an chúrsa 22 Meán Fómhair 2020
Críoch an chúrsa 1 Nollaig 2020
Cathain Dé Máirt, 7.00pm - 9.00pm (am na hÉireann)
Seisiúin 10
Praghas €220
Leibhéal Cruinneas sa Ghaeilge 1
Ionad Ar Líne - Gaelchultúr
Sonraí an chúrsa
Eolas faoin rang
Ionad
Téarmaí & Coinníollacha

Cuirfear tús le ranganna beo ar líne an fhómhair an tseachtain dar tosach 21 Meán Fómhair 2020. Freastalóidh na rannpháirtithe ar rang amháin dhá uair an chloig sa tseachtain ar feadh deich seachtaine.

Bróisiúr an chúrsa

Rang dhá uair an chloig, lá sa tseachtain thar deich seachtaine. 20 uair an chloig de ranganna ar fad. Athraíonn ábhar na ranganna ó chúrsa go cúrsa, mar sin is féidir le foghlaimeoir freastal ar na trí chúrsa sa tsraith.

Gaelchultúr,
11 Sráid an Chláraigh,
Baile Átha Cliath 2

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • Más gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoi mheasúnú aghaidh ar aghaidh nó ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.