Cáilíochtaí Gaeilge Gairmiúla Bronnta ar 450 Fostaí de chuid na hEarnála Poiblí agus na Státseirbhíse ag Searmanas Náisiúnta
Ceiliúradh déanta orthu siúd a bhain cáilíocht amach in Earrach 2026 de réir mar atá cumas Gaeilge na seirbhísí poiblí á neartú in Éirinn
Bhain beagnach 450 fostaí de chuid na hearnála poiblí agus na státseirbhíse cáilíochtaí creidiúnaithe sa Ghaeilge ghairmiúil amach in earrach 2026 tar éis dóibh cúrsaí oiliúna a dhéanamh le Gaelchultúr, a oibríonn i gcomhpháirtíocht leis an bhForas Riaracháin (IPA), agus tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl chun cumas Gaeilge a neartú ar fud sheirbhísí poiblí na hÉireann.
Tugadh aitheantas dá gcuid éachtaí ag searmanas náisiúnta bronnta a reáchtáladh in Óstán an Gresham, Baile Átha Cliath, Dé Luain, an 21 Meán Fómhair, agus d’fhreastail thart ar 70 foghlaimeoir ar an ócáid.
Ba í an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin a bhí ina bean an tí ar an oíche. I measc na n-aíonna a labhair ag an ócáid bhí Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir; Máire Bríd Ní Ghionnáin, Bainisteoir Tionscadail Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, agus Shane Moynihan TD, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Taifeadadh podchraoladh beo ar ról na Gaeilge san Eoraip mar chuid den chlár freisin, ba iad Cúán de Búrca agus Cían Mac Coisteala a stiúir an plé seo.
Bronnadh na teastais seo ag tráth a bhfuil béim athnuaite á cur ar chumas Gaeilge a neartú ar fud na Seirbhíse Poiblí. Tá Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga ar cheann de chúig théama straitéiseacha an Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí trí Ghaeilge 2026–2028, arb é an chéad phlean gníomhaíochta de chuid an rialtais é chun tacú leis an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024–2030. I measc na mbeart atá ann, tá conairí cuí foghlama Gaeilge a fhorbairt do státseirbhísigh agus don earnáil phoiblí, acmhainn an Fhorais Riaracháin a mhéadú, comhlachtaí poiblí a spreagadh chun oiliúint Ghaeilge a chur ar fáil go réamhghníomhach, agus tacaíocht a thabhairt don sprioc go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% de na daoine a earcófar chuig comhlachtaí poiblí faoi dheireadh 2030.
Is léiriú í an chomhpháirtíocht leis an bhForas Riaracháin ar threo a Straitéise 2026–2030, Learning for Tomorrow – Empowering Ireland’s Future-Ready Public Service, ina gcuirtear an fhoghlaim i gcroílár na hiarrachta chun cumas, ceannaireacht agus soláthar seirbhísí a neartú ar fud na Seirbhíse Poiblí.
Ag labhairt dó ag an searmanas, dúirt Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir:
“Inniu, táimid ag ceiliúradh thiomantas gach foghlaimeora atá ag fáil cáilíocht Ghaeilge atá aitheanta go náisiúnta. Is céim chun cinn thábhachtach é gach ceann de na cáilíochtaí seo i dtreo an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí agus níos forleithne mar theanga oibre ar fud ár seirbhísí poiblí.
Tá foireann Ghaelchultúir thar a bheith bródúil as tacú le gairmithe san earnáil phoiblí ar a n-aistear foghlama Gaeilge, agus is iontach an rud é an díograis leanúnach atá á léiriú acu maidir leis na scileanna agus an mhuinín a fhorbairt chun an Ghaeilge a úsáid san ionad oibre a fheiceáil.”
Dúirt Máire Bríd Ní Ghionnáin, Bainisteoir Tionscadail, Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí:
“Tá ríméad ar Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí tacú leis an ócáid seo agus aitheantas a thabhairt d’éachtaí na ndaoine a thug faoi chúrsaí Gaeilge trí Ghaelchultúr, an Foras Riaracháin agus TEG. Cuireann a dtiomantas dá scileanna teanga a fhorbairt go mór leis an obair leanúnach atá ar bun chun cumas Gaeilge a neartú ar fud na Seirbhíse Poiblí. Gabhaimid buíochas le Sinéad Ní Uallacháin as an searmanas bronnta a chur i láthair.
Bhí áthas orainn ardán a chur ar fáil do phlé ar ról na Gaeilge san Eoraip freisin. Thug an podchraoladh beo, faoi stiúir Chúáin de Búrca agus Chéin Mhic Coisteala, deis luachmhar dúinn machnamh a dhéanamh ar thábhacht an ilteangachais agus ar an méid a chuireann an Ghaeilge leis mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh.”
Dúirt Ciara Mac Namara, Stiúrthóir na Foghlama Digití san Fhoras Riaracháin:
“Tá sé ag croílár straitéis an Fhorais Riaracháin Seirbhís Phoiblí na hÉireann a chumasú ionas go mbeidh sí ullamh don todhchaí, agus is cuid thábhachtach de sin iad scileanna Gaeilge. Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Rialtais sprioc shoiléir chun inniúlacht sa Ghaeilge a neartú agus conairí struchtúrtha foghlama a chruthú do sheirbhísigh phoiblí. Trínár gcomhpháirtíocht le Gaelchultúr, táimid ag cabhrú le comhghleacaithe an mhuinín agus na scileanna praiticiúla a fhorbairt chun an Ghaeilge a úsáid ina saol oibre. Tugann an lá inniu deis dúinn aitheantas a thabhairt don tiomantas sin agus don dul chun cinn atá á dhéanamh ar fud na Seirbhíse Poiblí.”
Dúirt Shane Moynihan TD, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge:
“Mar Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais, tá an-áthas orm tacú le Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí agus aitheantas a thabhairt do thiomantas gach duine atá ag fáil teastais tar éis dóibh cúrsaí Gaeilge a chur i gcrích. Tá sé ríthábhachtach muinín a chothú agus deiseanna a chruthú chun an Ghaeilge a úsáid go laethúil san ionad oibre má táimid dáiríre faoi áit na teanga inár seirbhísí poiblí a neartú.
Agus breis agus 3,500 duine cláraithe anois le Gréasán Gaeilge, is iontach an rud é an díograis sin don Ghaeilge a fheiceáil ar fud na hearnála poiblí, chomh maith leis an móiminteam atá ag fás i gcónaí chun úsáid na teanga a neartú.”
Tugadh aitheantas sa searmanas don tiomantas méadaitheach atá á léiriú ag státseirbhísigh agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí chun scileanna Gaeilge a fhorbairt agus leagadh béim ann ar an ról is féidir a bheith ag foghlaim struchtúrtha chreidiúnaithe chun úsáid phraiticiúil na Gaeilge a mhéadú ar fud na seirbhísí poiblí.