Bronnadh Cáilíochtaí Gairmiúla Gaeilge ar Bhreis agus 500 Fostaí de chuid na nEarnála Poiblí agus na Státseirbhíse ag Searmanas Náisiúnta

Scríofa ag Ellen Curtin Márta, 2026
Roinn:

Rinneadh ceiliúradh ar bhreis agus 500 fostaí de chuid na hearnála poiblí agus na státseirbhíse, a chuir oiliúint chreidiúnaithe sa Ghaeilge ghairmiúil i gcrích le Gaelchultúr i bhFómhar 2025, ag searmanas bronnta náisiúnta a reáchtáladh in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath Déardaoin, an 12 Márta 2026.

D’eagraigh Gaelchultúr an searmanas i gcomhar le Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, agus le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann. D’fhreastail breis agus 80 foghlaimeoir ar an ócáid, a rinne ceiliúradh ar fhoghlaimeoirí ar éirigh leo cáilíochtaí, atá aitheanta go náisiúnta ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, a bhaint amach mar chuid de Theastas sa Ghaeilge Ghairmiúil Ghaelchultúir (Leibhéil 2–6), chomh maith le foghlaimeoirí ar éirigh leo Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a bhaint amach tar éis dóibh páirt a ghlacadh i gCúrsa sa Ghaeilge Ghairmiúil Ghaelchultúir.

Bronnadh Cáilíochtaí Gairmiúla Gaeilge ar Bhreis agus 500 Fostaí de chuid na nEarnála Poiblí agus na Státseirbhíse ag Searmanas Náisiúnta
Is é Gaelchultúr an soláthraí is mó cúrsaí agus acmhainní Gaeilge ar domhan agus an soláthraí roghnaithe d’oiliúint na Gaeilge a chur ar fáil don earnáil phoiblí. Gach bliain, tugann thart ar 1,000 fostaí de chuid na hearnála poiblí faoi oiliúint sa Ghaeilge ghairmiúil leis an eagraíocht chun a gcumas seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge a fhorbairt.

Ba í an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin a bhí ina bean an tí ar an oíche. I measc na n-aíonna a labhair ag an ócáid bhí Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir; Máire Bríd Ní Ghionnáin, Bainisteoir Tionscadail Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí; Ciara Mac Namara, Stiúrthóir na Foghlama Digití, An Foras Riaracháin, agus Naoise Ó Cearúil TD, Leas-Chathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Dúirt Darren Ó Rodaigh agus é ag labhairt ag an imeacht stairiúil seo:

‘Agus 509 gairmí ag baint cáilíochta amach in aon téarma amháin, léiríonn sé seo an fuinneamh atá ann faoi láthair chun an cumas sa Ghaeilge atá ag fostaithe de chuid na hearnála poiblí a fhorbairt le go mbeidh siad in ann seirbhísí Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Tá ról fíorthábhachtach ag na foghlaimeoirí seo i dtaca le caighdeán na seirbhísí atá ar fáil don phobal trí Ghaeilge agus i dtaca le todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo agus mar theanga oibre i réimsí riaracháin an lae inniu.’

Dúirt Máire Bríd Ní Ghionnáin:

‘Tá áit lárnach ag an gcomhoibriú lena chinntiú go mbeidh cumas inbhuanaithe ann chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil fud fad na hearnála poiblí. Trí bheith ag obair le chéile, táimid ag tacú le seirbhísí praiticiúla, gairmiúla agus inrochtana trí Ghaeilge a chinntiú do phobail ar fud na tíre.’

Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt Ciara Mac Namara:

‘Tá an áthas ar an IPA a bheith páirteach sa tionscnamh seo. Bíonn níos mó daoine ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim gach téarma… Ba mhaith liom go háirithe buíochas a ghabháil le foireann Ghaelchultúir. Is comhpháirtí tábhachtach iad don IPA, ag cabhrú linn na cúrsaí seo a sholáthar do na céadta daoine gach téarma’.

Dúirt Naoise Ó Cearúil TD, Leas-Chathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Ghaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge:

‘Tá oiliúint chreidiúnaithe ar ardchaighdeáin riachtanach más mian le heagraíochtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh agus cearta teanga an phobail a chosaint. Tá na foghlaimeoirí seo ag cur go mór leis an dul chun cinn sin.’

Is é seo an chéad searmanas den chineál seo ina gceiliúrtar na héachtaí atá bainte amach acu siúd san earnáil phoiblí a thugann faoi oiliúint chreidiúnaithe sa Ghaeilge ghairmiúil agus is cloch mhíle thábhachtach í dá bharr sin. Is léiriú é ar uaillmhian shuntasach, comhoibriú láidir agus tiomantas soiléir chun úsáid na Gaeilge a neartú i seirbhísí poiblí ar fud na tíre.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi oiliúint ghairmiúil sa Ghaeilge le Gaelchultúr, déan teagmháil le fios@gaelchultur.com.

Roinn: