Cultacha Oíche Shamhna DIY, spreagtha ag an Miotaseolaíocht
Gach bliain, agus Oíche Shamhna ag druidim linn, tagann líonrith an nóiméid deiridh orainn ar fad nuair a bhíonn orainn culaith Oíche Shamhna a roghnú. Is iad na roghanna céanna a thagann chun cinn gach bliain, áfach! Cailleach? Vaimpír? Fear grinn? Cad faoi bhuachaill bó? Aingeal? Diabhal? Puimcín, b’fhéidir?! Seo é do dheis le tabhairt faoi dhúshlán nua i mbliana. Scaoil saor do chuid cruthaitheachta agus déan d’fheisteas féin sa bhaile! Ach ná bacaimis leis na seansmaointe céanna. Cuirimis béim ar an oidhreacht shaibhir atá againn in Éirinn agus tógaimis spreagadh ó na scéalta, laochra agus carachtair éagsúla a bhaineann le miotaseolaíocht na hÉireann.
Seo chugat roinnt inspioráide, smaointe agus bealaí le bheith cruthaitheach!
An Chailleach Bhéarra
Amach leis an tseanchailleach, isteach leis an Chailleach Bhéarra! Duine de na carachtair mhiotaseolaíochta is sine i mbéaloideas na hÉireann agus bandia an gheimhridh ab ea í. Aimsigh seanchlóca dorcha a bhfuil cochall air, agus beidh leat!
Manannán mac Lir
Dia mara Thuatha Dé Danann ab ea Manannán mac Lir. Ag marcaíocht ar chapall trasna na dtonnta, amhail is gur talamh iad, agus claíomh i do lámh agat, beidh tú dosháraithe amach is amach!
An Púca
Neach atá lán le diabhlaíocht agus a thagann in go leor foirmeacha! Bí cruthaitheach agus roghnaigh do chuma féin – cruth ainmhí nóiméad amháin agus cruth daonna an chéad nóiméad eile. Agus tú luaineach ó nádúr, beidh tú ag imirt go leor cleas agus tú ag taisteal ó dhomhan go domhan!
An Bhean Sí
Pearsa lárnach i mbéaloideas na hÉireann í an Bhean Sí agus tar éis rath an scannáin ‘The Banshees of Inisherin’, tá sí i mbéal an phobail arís. Féadfaidh sí a bheith mar bhean álainn dhraíochtach, mar sheanbhean chaointe nó i gcruth taibhse fiú! Cibé cuma a roghnóidh tusa, is cinnte go mbeidh cumhacht as cuimse aici.
Gráinne Mhaol
Banríon na bhFoghlaithe Mara! Is pearsa fhíochmhar neamhspleách í i stair na hÉireann agus ceannródaí ar son ceannaireachta, chearta na mban, crógachta agus frithbheartaíochta. Beir leat roinnt éadaí scaoilte, bandána, nó hata foghlaí mara agus beidh tú réidh le do chuid seolta a ardú!
Na Morrígna
Mura leor bandia amháin, seo chugat triúr bandéithe in aon bhandia amháin! Agus baint acu go príomha le cogadh, cinniúint agus ceannas, tá ról ar leith ag gach duine acu, Morrigan, Badb agus Macha. Tríd is tríd, is siombail í de chruachás an chogaidh agus na coimhlinte, chomh maith le tábhacht ár dtalún. Bíodh préacháin, fiacha dubha agus siombailí ón dúlra i do thimpeall chun an méid seo a léiriú!
Cú Chulainn
Duine de na laochra is cáiliúla i miotaseolaíocht na hÉireann is ea Cú Chulainn atá aitheanta dá neart agus crógacht, agus mar iománaí den scoth freisin. Beir leat do chamán agus beidh tú réidh le dul!
Balor na Súile Nimhe
Ba as Toraigh é agus ba é Ceannaire na bhFormhórach é, treibh a bhí in iomaíocht le Tuatha Dé Danann. Fathach fíochmhar brúidiúil a bhí ann, agus súil mhór i lár a n-aghaidhe aige – súil draíochta lán de nimh a bhí in ann daoine a mharú nuair a d’fhéach sí orthu! Dá scanrúla d’fheisteas, is amhlaidh is fearr é!
Is cinnte gur féile an-tábhachtach í Oíche Shamhna i bhféilire na nGael agus go bhfuil cuid mhór piseog a bhaineann léi le fáil i mbéaloideas na hÉireann. Ach ní hamháin ag an am seo den bhliain gur féidir foghlaim faoi bhéaloideas na tíre! Má tá spéis agat tuilleadh a fhoghlaim faoi bhéaloideas na nGael is féidir leat luigh isteach ar na scéalta, piseoga agus na traidisiúin a bhaineann leis agus a nasc leis an domhain osnádúrtha i gcúrsaí béaloidis móréilimh Ghaelchultúir.